Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scoil na Suadh - An Táilliúirín Magaidh.
Title
Scoil na Suadh - An Táilliúirín Magaidh.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Collector
Ó Néill, Éamonn
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SCOIL NA SUADH. "AN TÁILLIÚIRÍN MAGAIDH." Gléas G. Go haerach. ÉAMONN Ó NÉILL, Cionn tSáile do soláthruigh. I. Is thíos i gCill Choinne tá'n fhinne bhean áluinn óg Tá mall tais milis gan briseadh gan beárnadh fós A gruaig mar luisne 'sa gile mar bhláth na rós,
'S nach é'n truagh a Mhuire má bíonn sí 'g an táilliúir romham. II. Téirigh-se abhaile agus feasta bí ag áireamh spréidhe; Innis do dhaidín gur cailleadh mo chúig le haon; Deich bpúnt 's da fhichid i mbanna nó nóta daor, Gur maoidheamh mar mhagadh gur bhaineadh an mhóin dam féin. III. Ní chun na móna so a ghearradh do cheapadh mé i dtúis mo shaoghail Acht ól is imirt ar chuideachtain tsúgaigh shéimh; Do rinncfinn go tapaidh ar thalamh nó ar chlár bog déil, Is buachaillín mise nár bhain riamh an mhóin dam fhéin. IV. Níl mo shleaghán ullamh i bhfuirm i gcóir ná i gceart Níl ná ullamh chum seasaimh i gcóir na bhfear Lem' shnáithidín ghairid do imireóinn síoda i gceart Téirigh-se abhaile agus abair ná raghainn-se leat. V. Ceannoghad-sa capall ar maidin le congnamh Dé, Déanfad suas Paddock chum seasaimh le saoghal na saoghal; Má leóntar mise i n-imeall nó i dtúis an tsléibhe, Beidh cailíní an bhaile seo ag sileadh na súl im' deidh. VI. Mo ghrádh do'n chumann ná scarfadh i n-éan-chor liom Tá sé ceangailte i mbrollach mo léine agam Fuaireas-sa scalladh dhon teangain aréir 's indiu Agus an dá dheamhas aithne ar mhuinntir mo chéile agam. D'airigheas Bean Uí Riain ó Bhaile Mhistéala ag gabháil an amhráin seo thuas ag Féis na Mumhan i gCorcaigh, 1903. Airighim go bhfuil sí tar éis bháis d'fagháil ó shoin. Go ndeinidh Dia trócaire ar a hanam. Amhránuidhe breagh fiór-Ghaedhlach do b'eadh í. Tá an ceól le fághail i nAncient Irish Music. E. Ó N.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services