Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - An Táilliúirín Magaidh.

Title
Scoil na Suadh - An Táilliúirín Magaidh.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Collector
Ó Néill, Éamonn
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 710


SCOIL
NA
SUADH.



"AN TÁILLIÚIRÍN MAGAIDH."



Gléas G. Go haerach. ÉAMONN Ó NÉILL, Cionn tSáile do soláthruigh.



I.



Is thíos i gCill Choinne tá'n fhinne bhean áluinn óg
Tá mall tais milis gan briseadh gan beárnadh fós
A gruaig mar luisne 'sa gile mar bhláth na rós,


L. 711


'S nach é'n truagh a Mhuire má bíonn sí 'g an táilliúir romham.



II.



Téirigh-se abhaile agus feasta bí ag áireamh spréidhe;
Innis do dhaidín gur cailleadh mo chúig le haon;
Deich bpúnt 's da fhichid i mbanna nó nóta daor,
Gur maoidheamh mar mhagadh gur bhaineadh an mhóin
dam féin.



III.



Ní chun na móna so a ghearradh do cheapadh mé i dtúis
mo shaoghail
Acht ól is imirt ar chuideachtain tsúgaigh shéimh;
Do rinncfinn go tapaidh ar thalamh nó ar chlár bog
déil,
Is buachaillín mise nár bhain riamh an mhóin dam
fhéin.



IV.



Níl mo shleaghán ullamh i bhfuirm i gcóir ná i gceart
Níl ná ullamh chum seasaimh i gcóir na bhfear
Lem' shnáithidín ghairid do imireóinn síoda i gceart
Téirigh-se abhaile agus abair ná raghainn-se leat.



V.



Ceannoghad-sa capall ar maidin le congnamh Dé,
Déanfad suas Paddock chum seasaimh le saoghal na
saoghal;
Má leóntar mise i n-imeall nó i dtúis an tsléibhe,
Beidh cailíní an bhaile seo ag sileadh na súl im'
deidh.



VI.



Mo ghrádh do'n chumann ná scarfadh i n-éan-chor liom
Tá sé ceangailte i mbrollach mo léine agam
Fuaireas-sa scalladh dhon teangain aréir 's indiu
Agus an dá dheamhas aithne ar mhuinntir mo chéile
agam.



D'airigheas Bean Uí Riain ó Bhaile Mhistéala ag gabháil an amhráin seo thuas ag Féis na Mumhan i
gCorcaigh, 1903. Airighim go bhfuil sí tar éis bháis d'fagháil ó shoin. Go ndeinidh Dia trócaire ar a hanam.
Amhránuidhe breagh fiór-Ghaedhlach do b'eadh í. Tá an ceól le fághail i nAncient Irish Music.



E. Ó N.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services