Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Madhm an Árda Bhig.
Title
Madhm an Árda Bhig.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
MADHM AN ÁRDA BHIG. A cháirde ionmhuine agus a Chríostaighthe Pháirteamhla is dubhach dubh dorcha dobhrónach agus is olc liom le n-aithris nó le n-innsint díbh an nuaidheacht scéil atá agam, .i. mar do tugadh Madhm an Árda Bhig idir dhaoinibh ró-dhíograsacha dhíbh-se agus damh-sa an lá déidheannach den Gheimhreadh, aois an Tighearna míle seacht gcéad agus chúig bliadhna is dafhichid. Is iad dís go raibh an comhrac éinfhir sin eatortha, ná Seán Mac Gearailt dá ngoirthear anois Iarla óg oirdhearc Deas- mhumhan, agus Muiris mac Thaidhg darab ainm ó aimsir an chogaidh anuas Sinsear na Saoithe do Chlanna Míleadh. Do leath agus do leathain an scéal ó Shróin Broin go Screallaigh Mhóir, .i. go mbeidís na curaidhe cródha cath-chalma soin dá fhéachaint cia aca féin searach na deagh- lárach. Do chuaidh gairm-scoile ar mhaitheas puiblidhe an leathtrúigh. Do chruinnigh- eadar agus do chómhthionóladar ó Ghiolla an tSean-trúis go Bas le hÉadan; go háirithe a bhfir agus a mná óga áilne aolchumtha, oir badh mhaith le gach macaomh meargánta radharc na troda d'fhagháil ionnus go mb'fhearrde a bhfoghluim chun cogaidh é; agus do bhí gach bruinneal lán de mhian teacht fá'n oireachtas; mar dá dtuitfadh an tIarla san gcath go sínfidís agus go gcaoinfidís é i n-a bhailtibh duthchais agus n-a mhainéaraibh cuan agus caisleán. Ba clos don Chaptéin liath .i. Criostóir Hicson, an nídh sin, agus is é adubhairt: "Caithfear me féin do bhreith ar an oireachtus, agus dar Gobnait" ar sé, "tiocfaidh mo radharc dam tre bheith ar an dtulaigh i n-a mbeidh an ghaisce dhá déanamh." Do shaighsálaidh leis ar hobby-horse chun an oireachtuis, agus é ar sonna-chrith le pairithis mar a bheadh crann mór sean- daraighe dá chúrnáil le hanfhaithe gaoithe móire lá Márta. Thángadar an dís ghaiscidheach go háit an chomhraic is na hiarghoile lán de mhioscais agus de mhór-chonfadh. Agus do rug an tIarla ar bharr baise ar a mháighistreás féin, do b'annsa leis 'ná an croidhe bhí 'n-a chliabh, agus dubhairt gur i n-a honóir go haonracánach do bhí sé chun an chatha do thabhairt agus go raibh súil aige a guidhe féin agus guidhe cháich do bheith aige chun an chatha do bhreith. Agus annsoin do chan an laoi mar leanas: Toghaim tar mhnáibh thu a stáid-bhean mhaiseach mhúinte
Thabharthach chráibhtheach pháirteach, pearsa chumtha, Rogha gach bláith, mo ghrádh-sa is fada fionn- fholt Atá trom-lag fáinneach cáblach casta cúplach. Annsoin ar scaramhaint léi d'iompuigh ar a eascaraid, .i. Sinsear na Saoithe, agus dubhairt leis: "Cá," ar seisean, "a dhúnsa an dubh- uabhair; cad fé ndeara dhuit-se a mhealbhóg chátha teacht annso? Mo thruagh thu. Is fuirist aithne ort nár bhainis fíoghar na croise ar th'éadan ná ar th'ucht agus teacht do dhéanamh barrachais orm-sa agus mé féin im fhear mharbhtha céad mar Hector Mac Phrím ón Traé; nó, mar Aicill ón nGréig do bhí do-mharbhtha ó n-a thomadh i Loch Lethe go troighthibh; ná feiceann tú go bhfuil bainte ar mo scéith, nimh na n-amhus agus na nUiristíní do thuit lem dheas-láimh. Táid ocht míle dhéag cluigeann do chluigeannaibh breallóga bréana bainte ar m'armus gur threascair mise iad agus gan áireamh ar dhiabhlaibh ná ar dheamhnaibh ná ar púcaíbh peill. Do chuadhas le Theseus go hifreann agus do bhíos ar bhruach Styx agus Acheron agus i gcóiste na gréine fara Phaeton. Ní phósfainn éin-bhean dá raibh ann acht Bhénus amháin. Bíodh a fhios agat gur mise Iarla óg mear meacanta meanmnach mórdhálac Deas- mhumhan atá ar muin eich mhóir másánaigh, each deigh-mhiotail, deagh-aráinigh badh fórsach foilt-leabhair fad-mhongach fiar fáinneach fír-imtheachtach, each lom láidir lán-mhear leathan-chrúbach -." Agus le n-a linn sin do rádh dhó, thug iarracht de bhíoma mhór chnapánach chuilinn chun a námhad, agus dá gcuireadh soin i bhfeidhm air ní fhágfadh potóg ná ropóg i gcorp Shinsir na Saoithe, agus ní bheadh a thuairisc ar thalamh acht mar do bheadh glóthach i ndiaidh púca. Gidheadh, do léim Sinsear na Saoithe as an áit sin agus do sheachain agus do chlaon ón mbuille mí-chuibhsach soin, oir tá sé nádúrtha againn bheith ceanamhail ar ghearán an anma, agus níor thaithn leis an mór bhata garbh cnapánach soin an Iarla d'fhág Hercules mar oighreacht aige, oir níor mhair dá éis duine do b'aoirde agus do b'arrachtaighe 'ná an tIarla. Annsoin do lámhuigh nó d'ullmhuigh Sinsear na Saoithe é féin ar an dtaobh eile, agus thug pictúir a mhná bainte ar a thaobh deas leis agus í ag dranntughadh chun an Iarla, agus a mhortar pice do bhí déanta do bhutún agus a bhumbaoi de mhór-fhoclaibh ainshrianta do-bhéasacha sclog-bhladhmann- acha beag-mhaitheasacha, agus a chanóine den aibhéis, agus a chuid púdair de bhreillicidh- eacht mhaith Spáinnigh. Thángadar na briathra so den ghlór allmhurdha bhorb ainshrianta uaidh: "Ní thusa Iarla Deasmumhan acht spriata an bhastúin agus iarsma an stagúin atá imbliadhna ar mearughadh. Agus ní heach maiseach mór-fheolach atá agat acht spriata sean-stodaire seirgthe cráidhte creat-lom truagh tana teircfheólach i riocht go seinnfidh Nioclás Dall lá éigin ochtuach ar a chlítheach, agus do b'fhusa le faolchoin an tsléibhe fiona-mhóin d'ithe 'ná cromadh as a chreat do phriocadh. Ní leithne rutha ná clár a héadain agus is caoile a gunga 'ná earball eascún." Níor bh'fhoidhneach leis an Iarla an easonóir sin do thabhairt dó féin ná dá each, agus thugadar an dís churadh aghaidh ar a chéile agus do b'iongnadh a faid ó bhaile do cluintí a bhfuaim is a bhfothrom. Mar do
thóg an fathach cian d'aimsir ó shoin an t-oileán mór mara idir a lámhaibh, is mar sin do rin Sinsear na Saoithe, oir do thóg lán-doirneóg gharbh-ramhar ghlas chairrge chloiche, agus do shearabháil attachment i gclár an ochta ar an Iarla. Do ghlac an tIarla an briseadh chuige agus ioscad ar an iallait mar bhíodh cos fhada agus ghearra ag an Róisteach. Dubhradar dream do-áirimhthe go ndeaghaidh i luige nó i n-anbhfhainne, amhail do bheadh sac trasna ar chapall ag dul chun muilinn. Dubhradar dream eile nach i n-anbhfainne do chuaidh acht go ndeaghadar a chúig céadfaidh corpordha le huirghioll go Iapan nó go Iamaca. An tan dubhradar gur básuigheadh é do bhí Criostóir Liath Hicson ag stathadh fabhraí na súl aige féin chun an chómhraic d'fheicsint agus nuair a chuaidh soin de, is é adubhairt: "Tugathar chugam-sa an búndar ó bhun an Bhúndair ar ubhal brághad agus coisc- fad-sa a dheól, oir dar soir siar, tá sé san dtairngreacht gur fá n-a chómhair go haon- racánach atáim-se ag géarughadh mo bhaigineit agus ag cur treas-fhaobhair uirthi le deich mbliadhna. Is iomdha cath agus cruadh-chomhrac i n-a rabhas féin riamh. Do bhíos teann óg láidir aimsir, agus do bhí dochtúir oirdhearc lem chois ar a dtugaidís Stephanus Brady. Ní'l éan-uair do thomadh mé san dabhaigh shlán-íce ná bínn chomh slán chomh súgach le bradán feádha. Do bheinn anois ramhar láidir go leór muna mbeadh cuirín lán de phiseógaibh do chuir Siobhán an Oileán fém cheann-adhairt. Feicim cia hé an fánuidhe gaiscidhigh do bhéarfadh ar barra baise na cruibh orm. Dar Gobnait badh chlumhla dhíbh-se tuitim lem dheas-láimh-se ná cumhangthas na Seón a dhéanamh." Le n-a linn sin do thóg an tIarla a cheann as an anbhfhainne go soithimh soineanta séimh-ghnúiseach agus áilneacht na mórdhachta i spéir a dheagh-chontonóis agus d'fhéach n-a thimcheall agus do ghaibh ag tabhairt a leath- scéil leis an gcómhthionól agus adubhairt gur geasa troma dorcha draoidheachta do bhí air .i. dul do na hAntipodes ag tabhairt fuascalta is furtachta ar inghin Ríogh Fá Thír do bhí dhá fuadach ag Gruagach an Chaithfrín. Agus dubhairt nár éirigh éin-nídh dhó féin acht amháin gur taidhbhreadh dó go raibh cuil no cor-mhíoltóg ag gobaireacht air. "Acht, a Shinsir na Saoithe, do tugadh leasainm ort, oir ní thusa é, acht smísteach na duibhche, straoille na dríbe agus cníopaire cinnte, agus ríceach gan chrích ort. Oir mara mbitheá fealltamhail ní thabharfá an obairt ná an iarracht úd idir mo dhá chích, agus a shár-fhios agat gur áit mharbhthach é. Dá mbeadh dúil agat cródhacht nó laochus do dhéanamh is chun buill éigin n-a mbeadh tairt-fheóil do bhéarfá t'ionn- saighe. Crádh ort ná fuil a fhios agat mo chlaidheamh a bheith déanta den aér agus dúbladh de scamallaibh air. Do cimileadh dhe nídh dá dtugaid na feallsóntuidhthe Saxum Artificiale agus is é is ainm Béarla dhó The Philosopher's Stone. Tá buadh agus biseach ag an seóid ná fuil neach do dhéanfadh comhrac léi ná buaidhfadh ar eascáirdibh an domhain." "Admhaim soin," ar Sinsear na Saoithe. "Ní féidir amh, buadh do bhreith ar neach ná facathas i n-ionadaibh gleóidh ná comhraic riamh. Mar atá an sean-fhocal: "Ní féidir dho bhaint de'n chat acht a chroiceann." Is ionann soin agus neamh-nídh. Mar sin ní féidir clú laochais ná gaisce do bhaint díot-sa, de bhrigh ná raibh an laochus it
sheilbh riamh nó má bhí a bheag nó a mhór den díolmhantacht ag roinnt leat, is maith an áit i dtárla tú. Táid fiacha áitighte ort, gaibh do chead aige anois, ó tá an donus ag tabhairt buille dá mhéir ionnat. Agus is teann an t-urchur tubaiste do ráinigh thu, agus teacht chun suidhte liom-sa. Agus is duine le baois do dhéanfadh iongantus gur mise taca is bunadhsaighe agus is prinsa- pálta le fír-neart is le fíor-laochus, oir is follus gur me féin go fírinneach múirnín luirg Don Quixote, Sir Hudibras, Don Ralpho Vanco Danco. Dá bhrigh sin ní dhearnais-se éin-chréachta orm-sa riamh, oiread buidheacáin uibh nó an sciodamáin bhíos i n-ioscaid leath-choise deiridh na feoil- fríde." "Mhaise," adubhairt an tIarla, "ní dheaghais chun catha liom riamh roimhe seo, acht go scoiltidh an phláig mé ná beidh an scéal soin agat orm feasta." Leis sin do thugadar an dís deagh-laoch soin aghaidh dá chéile arís agus do ráinig tré mhí-chothrom go talmhain an tIarla, agus is é áit ar seóladh é i n-acharann scairte draighin agus drisleach. Do bhí an tIarla séidthe amuigh 's amach mara mbeadh dian-fheabhus a chapaill, agus an eich do bhí aige ag lámhach oirdinéis. Do bhí an fhoidhne ag an Iarla agus dubhairt: "Quo fata trahunt retrahuntque, sequamur, quidquid erit superanda omnis fortuna ferenda est; "dá chur i suim gur chóir do'gach éinne an mí-fhortún d'fhoidh- neamh. Thairis sin nuair do chonnaic an ghrian i n-a cathaoir agus gur spaideamhail spadánta do bheadh ní ba shia mar sin, do ghlac ath-chomhairle é agus dubhairt: "Tu ne crede malis, sed contra audacior, esto qua tua fortuno sinit;" dá cur i gcéill gur chóir do gach éinne bheith dícheallach ar bhuaint suas as an bhfortún féin an fhaid do shroichfeadh a chumus chuige é. Annsoin do smaoin go fáidheamhail go raibh píosa den phadra fé dhraoidheacht ar urlár a sean-phóicín, agus nuair do bhéarfadh an t-aér do-san go gcuirfadh sé scaipeadh na mion-éan ar (a) eascáirdibh uile, go mór mhór ar gach fánuidhe gaiscidhigh go mbeadh oighreacht duthchais aige i bPoll an Ghlugair. Annsoin do tharraing amach an tsean- scinín agá raibh lán orlaig mhóir bhacaird ar fad san lainn. Ar amharc na seoide sin do Shinsear na Saoithe, do thaispeáin a nádúir dhó gur bh'í an chú mharbhthach í, agus do ghlac criothnughadh éagmuiseach ball é, agus do bhris tonntacha fuar-alluis anuas dá mhaoil. Agus chun gur móide gheabhadh ré na haithrighe é, do thaispeáin peidhre bonn bróg neambuan Philib Gréasuidhe. Ba chlos fothrom adhbhal-mór neamh-ghnáthach a chuas-bhéil, agus dubhradar réadóirí na haimsire sin nár bh'fada uatha fliuchán aibhéil-mhór agus úrmhaireacht iongantach. Do b'fíor soin dóibh, de bhrigh go dtáinig nídh as béal an tSinsir amhail thiocfadh giústa a baraille. Níor locht ar Shinsear na Saoithe gan fanamhaint le réidteach óir ní'l trócaire san gcogadh; Nulla est in bello miserecordia. Do bhí Sinsear na Saoithe teilgthe an tráth soin muna mbeadh áit áirithe i nÉirinn ar a dtugtar Lurga an Ráis; oir do bheadh sé gabhtha mar Orson ar adhastar ag Bhalentín, acht amháin gur bhaoghal ná fuigheadh níos mó de cheathramhain ná gheobhadh Seón Loret ón Athair Proinnsias Olltach. Ar dteacht de luas chos agus de thoradh reatha do Shinsear na Saoithe mar a raibh
Seán cneasta suairc séimhióe Feiritéar, agus é ar crith le dian-eagla roimh smuitín scine an Iarla, is é adubhairt Seán: "Goirim is glaodhaim thu, is tar it shláinte a mhuirnín, a Shinsir na Saoithe. Ní fhaca gaiscidheach riamh is luaimnighe teanga agus is moille gníomhartha 'ná thu. Is baoghal liom gur cailleach phiseógach ó Albainn do coruigh agus do sháruigh thu." "Ní headh," arsa Sinsear na Saoithe, "acht chun buan-chóiste na gaoithe agus na gréine agus na talmhan d'fhagháil mar an gcéadna, níor bh'éidir dam do réir mo chommission agus m'ughdaráis ó Rígh na hEtiópe gan gluaiseacht mar siúd an uiar bheinn i mbaoghal mo chaillte." Seo Commission Shinsir na Saoithe ó Righ na hEtiópe ar bheith dho n-a Mhajor General ar armáil Bhargla Uí Dhubhda i nGascúinis, agus do chuir Seán Feiritéar ins an tean- gain Ghaedhilge mar leanas: A Shinsir na Saoithe Ar do naímhde bí ar do choimhéad; Och, smaoin ar do chaoiribh, Ar do chloinn is ar Shinéid. Ná bí gáibhtheach le béicidh; Ná bhí ag méilidh ná ag meigeallaigh, Olc an cháil d'fhear do chéille Bheith ag géimridh mar spreotha mhairt. Seán Feiritéar an sméirle; Maith an spéice seo chun bruighne; In gach anfa agus éigin, Bíodh an sé-bhuilleach it thimcheall. Cé gur gnáth leis bheith púcamhail, Ní bheidh púramhail um a chéasadh; Seasaimh ar scáth an scúilliúin An uair a bheir i gcontabhairt go ghléasta. Tosach ráis na retréit Ná tabhair d'éinneach dá maireann; Ainic bearna gacha baoghail; Ná bíodh créacht ort ó airm. Fearra dhuit do bhean mhascallach Is bheith ag amharc ar a ciabhfolt, 'Ná bheith marbh ar nós ablaigh Is 'ot dhranadh leis na fiachaibh. (A Chríoch.) -- GLUAIS. Is i nAgadaimh Ríoghmhail na hÉireann do fuarthas an scéilín seo. Saghas aoire is eadh í, rud go raibh gábhadh leis an tráth ceapadh é, chomh maith díreach is atá indiu. Tar éis Chonnartha Luimnigh agus imtheacht ná nGéadhna bhFiadhan, d'imthigh a brigh is a misneach a hÉirinn. Bhí sí go traochta suaidhte teircithe. Bhí na huaisle is na laochra b'fhearr imthighthe, agus an t-iarmhar d'fhan n-a ndiaidh tré leath-trom na nGall, níor fhan brigh na fuinneamh ionnta. B'éidir nár b'éin-iongnadh dhóibh, nó do chuid aca go háirithe, a sean-chródhacht do chailleamhaint, agus a mbéasa is a gcreideamh d'atharrughadh. An té do dhein amhlaidh, d'fhan a oighreacht is a chuid aige. An té nár dhein do chaill sé a raibh aige. Is é is mó chuireann iongnadh orainn a laigheadh díobh do chlaon is do ghéill do dhálaibh na haimsire. Acht an dream do chlaon ón nGaedhealtacht an uair úd fuaradar aoide a ndóthain ó na filidhibh. Tá litridheacht na ré sin lán d'aoiribh is d'aistíbh magaidh fútha súd is fé mhóráil na huaisleachta nua. Dáith a Bruadair, An tAthair Eoghan Ó Caoimh, An tAthair Liam Inglis, is tuilleadh nach iad, do chabhruigheadar go tréan ar an gcuma so leis an nGaedhealtacht le n-a linn féin. Ní bheidh eolus cruinn againn ar stair na haimsire sin go dtí go ndéanfar scrúdu- ghadh ar an litridheacht do scríobhadh san nGaedhilg an uair úd. Tuigimíd aisti gnáth-shaoghal na ndaoine, a n-uireasbha mhisnigh, a ndóthchus go bhfillfadh a laochra, a gcéasadh is a ndaorbhruid. Gan amhrus do dhein na filidhe an-obair an tráth úd. Do chuireadar síos go bláthmhar gonta fór- samhail, ar an leath-trom a bhí á imirt ar Ghaedheal- aibh ag boicíníbh na Galldacht. Do thugadar fé'n ulla- phéist iasachta ar chuma go raibh náire is eagla ar Ghaedhealaibh fhóghanta baint léi. Mar sin, do thógadar falla árd timcheall na Gaedhealtacht, falla nár fhéad dicheall na nGall a leagadh go dtí gur éag na filidhe is go ndeaghaidh a dteagasc ar neamh-nídh de chionn cumhangthais na teangan
iasachta. Duine d'fhilidhibh na haimsire úd b'eadh Seán Feiritéar a scríbh an aiste thuas. Do thug sé fé ndeara go raibh a dul de chalmacht na nGaedheal tar éis a gcogaidh i gcoinnibh Ríogh Liam, agus do bhrostuigh soin é chun an sáithteán so a chaitheamh leis na huaisle dar chóir deagh-shompla a thabhairt dóibh. Aiste mhagaidh ar leamhas is ar lag-mhisneach uaisle Gaedheal is eadh í, im thuairim-se. Madhm, a rout. Ard Beag, the personal and local names are probably fictitious. Deir an tAthair Pádraig Ó Duinnín liom gur Ciaraidheach do b'eadh Seán Feiritéar. Is é is dóichighe gur i bpáirt éigin de cheanntar Shliabh Luachra do chomhnaidheadh sé. Aimsir an chogaidh, .i. 1690. Cath-chalma, valiant in battle. Searach na deagh-lárach, the better. "Ní fios ciaca searach na deagh-lárach," proverb. Gairm-scoile, a proclamation. Giolla an tSean-trúis, Bas le hÉadan, seem to have been "characters such as Crost and Bás in Tadhg Saor. Aol-chumtha, fair-formed. Measgánta, spirited, gallant. Do b'fhearrde a bhfoghluim é, their study would be the better for it. Oireachtus, a gathering. Mainéar, a manor. Tiocfaidh mo radharc dam, my sight will answer me. Do shaighsálaidh leis, he proceeded onwards. Sonna-chrith, sonn-chrith, sine-chrith, shaking, dangling. Dá chúrnáil, being shaken hither and thither. Iarghoil, -e, fem., battle, onslaught. Confadh, pron. conadh and conaithe, rage, madness. Do b'annsa leis, was dearer to him. Go haonracánach, alone, only. An cath do bhreith, to win the battle. Eascara, -ad, enemy. Dúnsa, stift-necked clown. Mealbhóg catha, a bag of chaft. Fíoghar, figure, sign. Do dhéanamh barrachas, to get the better of, to attack. Do-mharbhtha, immortal. Tomadh, act of dipping. Amhus, a giant, a hireling soldier. Uiristín, (?) Philistine. Breallóg, a silly clown. Ar m'armus, on my coat of arms. Púca peill (poill), mushroom fungus. Meacanta, stoutly-built. Másánach, having strong quarters. Deagh-mhiotal, good breeding, mettle. Deagh-aráineach, a good feeder. Foilt-leabhair fad-mhongach, having a flowing long mane. Fír-imtheachtach, very spruce. Leathan-chrúbach, having broad feet. Bíoma, a notched holly wand. Ropóg (?) some of the entrails. Glóthach, -aighe, a substance like jelly, frog-spawn. Mí-chuibhsach, terrible, extraordinary. Gearán, a "garron". Oighreacht, an heritage. Arrachtach, mighty, powerful. Mortar pice (?) a mortar of pitch. Bumbaoi (?) gunnaí. Ainshrianta, which could not be checked. Sclog-bhladhmannach, very boastful. Aibhéis, boasting, bragging. Breillidheacht, rambling talk. Allmhurdha, foreign. Spriata, a miserable wretch. Stodaire, stothaire (?), a shapeless garron. Seirgthe, shrivelled, withered. Creat-lom, raw-boned. Teirc-fheólach, lanky. Nioclás Dall, a famous Kerry harper. Ochtuach, a musical accompaniment. Clítheach, the ribs. Gunga, the hind quarter. Shearbháil, "served an attachment," i.e., he struck. Dream do-áirimhthe, countless people. Cúig céadfaidh, the five senses. Uirghioll, a message, journey. Do chuaidh soin de, that failed him. Búndar, (?) bounder, buaileam sciath. Coiscfead-sa a dheól, I'll put an end to his giving- out, i.e., prating, boasting. Dar soir siar, dar so súd, by this and by that. Baigineit, sword, bayonet. Treas-fhaobhar, edge for battle. Dabhach, daibhche, dabhaigh, fem., a vat. Slán-íc, a curing balsam. Bradán feadha, (?) species of salmon. Perhaps some reader knows. Cuirín, a small pot, a can (Ó Ragh.). Ceann adhairt, a bolster, pillow. Feicim cia hé, let me see who he is. Cumhangthas na Seón, conquest of the Seóns, foreign- ers (a quo the Seóininí). Áilneacht, with a majestic beauty on the expanse of his fine countenance. Geasa, bonds of chivalry. Níor éirigh dhó, did not happen him. Cor-mhíoltóg, a gnat pecking at him. Duibhche, from dubhach, melancholy, sorrowful. Dríb, muck. Cníopaire cinnte, a niggardly miser. Ríceach, a wastrel. Obairt, a sudden attack. Áit mharbhthach, a mortal spot.
Tairt-fheoil, a flesh-lump. Do bhearfá, you would make your attack. Feallsóntuidhe, a philosopher. Admhaim soin, I admit that. Ní féidir, all one can get from a cat is its skin. The proverb also runs:- "Is geall ar an gcat a chroiceann." Díolmhantacht, soldierly qualities. Áitighthe, proven. Taca, the sternest and most substantial support. Múirnín Luirg, an affectionate follower. Buidheachán uibh, the yellow part of an egg. Sciodamán, a microbe. Scoiltim, I split open. I n-acharann, in the midst of a blackthorn bush and briars. Séidthe, out of breath, tired. Lamhach óirdineis, plying ordnance. Mí-fhortún d'fhoidhneamh, to suffer misfortune. Ath-chomhairle, "second thoughts". An fhaid do shroicfeadh, whilst his ability enabled him to do it. Padra, (?) piseóg. Fánuidhe gaiscidhigh, an itinerant warrior, a soldier of fortune. Oighreacht duthchais, an inherited estate. Bacard, a carpenter's rule. San Lainn, in the blade. Gheabhadh ré, he might find time for repentance. Réadóir, a weather prophet. Úrmhaireacht, freshness, growth of grass. Giústa, (?) oozing. Teilgthe, overthrown, overcome. Níos mó de cheathramhain, any more quarter. Tar it shláinte, tar slán, welcome. Is luaimnighe, quicker of tongue and slower of deeds. Do choruigh, that tired and overcame you. Níor bh'éidir dam … gan, I could not but. I nGascúinis, in gasconade. Seán was evidently acquainted with the adventures of Don Quixote, Sir Hudribras agusc. He wrote this bobhta magaidh on the same style. Is mór an truagh gan a thuilleadh dhá shórd againn. Gáibhtheach, querulous. Spreota mhairt, a lazy animal. Maith an spéice, good for raising disturbance. Sé-bhuilleach, the six-stroked one. Púcamhail, gloomy-visaged. Puramhail, inclined for mischief. Scúilliún, (?) scuilín, an old man (Ó Ragh.). Ainic, defend, protect. Dranadh, being torn by ravens.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services