Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Madhm an Árda Bhig.

Title
Madhm an Árda Bhig.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1905
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

MADHM AN ÁRDA BHIG.



A cháirde ionmhuine agus a Chríostaighthe
Pháirteamhla is dubhach dubh dorcha dobhrónach
agus is olc liom le n-aithris nó le
n-innsint díbh an nuaidheacht scéil atá
agam, .i. mar do tugadh Madhm an Árda
Bhig idir dhaoinibh ró-dhíograsacha dhíbh-se
agus damh-sa an lá déidheannach den
Gheimhreadh, aois an Tighearna míle seacht
gcéad agus chúig bliadhna is dafhichid.



Is iad dís go raibh an comhrac éinfhir sin
eatortha, ná Seán Mac Gearailt dá
ngoirthear anois Iarla óg oirdhearc Deas-
mhumhan, agus Muiris mac Thaidhg darab
ainm ó aimsir an chogaidh anuas Sinsear na
Saoithe do Chlanna Míleadh.



Do leath agus do leathain an scéal ó
Shróin Broin go Screallaigh Mhóir, .i. go
mbeidís na curaidhe cródha cath-chalma soin
dá fhéachaint cia aca féin searach na deagh-
lárach.



Do chuaidh gairm-scoile ar mhaitheas
puiblidhe an leathtrúigh. Do chruinnigh-
eadar agus do chómhthionóladar ó Ghiolla
an tSean-trúis go Bas le hÉadan; go
háirithe a bhfir agus a mná óga áilne
aolchumtha, oir badh mhaith le gach macaomh
meargánta radharc na troda d'fhagháil
ionnus go mb'fhearrde a bhfoghluim chun
cogaidh é; agus do bhí gach bruinneal lán
de mhian teacht fá'n oireachtas; mar dá
dtuitfadh an tIarla san gcath go sínfidís
agus go gcaoinfidís é i n-a bhailtibh duthchais
agus n-a mhainéaraibh cuan agus caisleán.



Ba clos don Chaptéin liath .i. Criostóir
Hicson, an nídh sin, agus is é adubhairt:



"Caithfear me féin do bhreith ar an
oireachtus, agus dar Gobnait" ar sé,
"tiocfaidh mo radharc dam tre bheith ar an
dtulaigh i n-a mbeidh an ghaisce dhá déanamh."



Do shaighsálaidh leis ar hobby-horse chun
an oireachtuis, agus é ar sonna-chrith le
pairithis mar a bheadh crann mór sean-
daraighe dá chúrnáil le hanfhaithe gaoithe
móire lá Márta.



Thángadar an dís ghaiscidheach go háit an
chomhraic is na hiarghoile lán de mhioscais
agus de mhór-chonfadh. Agus do rug an
tIarla ar bharr baise ar a mháighistreás
féin, do b'annsa leis 'ná an croidhe bhí 'n-a
chliabh, agus dubhairt gur i n-a honóir go
haonracánach do bhí sé chun an chatha do
thabhairt agus go raibh súil aige a guidhe
féin agus guidhe cháich do bheith aige chun an
chatha do bhreith. Agus annsoin do chan an
laoi mar leanas:



Toghaim tar mhnáibh thu a stáid-bhean mhaiseach
mhúinte


L. 702


Thabharthach chráibhtheach pháirteach, pearsa
chumtha,
Rogha gach bláith, mo ghrádh-sa is fada fionn-
fholt
Atá trom-lag fáinneach cáblach casta
cúplach.



Annsoin ar scaramhaint léi d'iompuigh
ar a eascaraid, .i. Sinsear na Saoithe, agus
dubhairt leis:



"Cá," ar seisean, "a dhúnsa an dubh-
uabhair; cad fé ndeara dhuit-se a mhealbhóg
chátha teacht annso? Mo thruagh thu. Is
fuirist aithne ort nár bhainis fíoghar na
croise ar th'éadan ná ar th'ucht agus teacht
do dhéanamh barrachais orm-sa agus mé
féin im fhear mharbhtha céad mar Hector
Mac Phrím ón Traé; nó, mar Aicill ón
nGréig do bhí do-mharbhtha ó n-a thomadh i
Loch Lethe go troighthibh; ná feiceann tú
go bhfuil bainte ar mo scéith, nimh na
n-amhus agus na nUiristíní do thuit lem
dheas-láimh. Táid ocht míle dhéag cluigeann
do chluigeannaibh breallóga bréana bainte
ar m'armus gur threascair mise iad agus
gan áireamh ar dhiabhlaibh ná ar dheamhnaibh
ná ar púcaíbh peill. Do chuadhas le
Theseus go hifreann agus do bhíos ar
bhruach Styx agus Acheron agus i gcóiste
na gréine fara Phaeton. Ní phósfainn
éin-bhean dá raibh ann acht Bhénus amháin.
Bíodh a fhios agat gur mise Iarla óg mear
meacanta meanmnach mórdhálac Deas-
mhumhan atá ar muin eich mhóir másánaigh,
each deigh-mhiotail, deagh-aráinigh badh fórsach
foilt-leabhair fad-mhongach fiar fáinneach
fír-imtheachtach, each lom láidir lán-mhear
leathan-chrúbach -."



Agus le n-a linn sin do rádh dhó, thug
iarracht de bhíoma mhór chnapánach chuilinn
chun a námhad, agus dá gcuireadh soin i
bhfeidhm air ní fhágfadh potóg ná ropóg i
gcorp Shinsir na Saoithe, agus ní bheadh
a thuairisc ar thalamh acht mar do bheadh
glóthach i ndiaidh púca.



Gidheadh, do léim Sinsear na Saoithe as
an áit sin agus do sheachain agus do chlaon
ón mbuille mí-chuibhsach soin, oir tá sé
nádúrtha againn bheith ceanamhail ar ghearán
an anma, agus níor thaithn leis an mór
bhata garbh cnapánach soin an Iarla d'fhág
Hercules mar oighreacht aige, oir níor
mhair dá éis duine do b'aoirde agus do
b'arrachtaighe 'ná an tIarla.



Annsoin do lámhuigh nó d'ullmhuigh Sinsear
na Saoithe é féin ar an dtaobh eile, agus
thug pictúir a mhná bainte ar a thaobh deas
leis agus í ag dranntughadh chun an Iarla,
agus a mhortar pice do bhí déanta do
bhutún agus a bhumbaoi de mhór-fhoclaibh
ainshrianta do-bhéasacha sclog-bhladhmann-
acha beag-mhaitheasacha, agus a chanóine den
aibhéis, agus a chuid púdair de bhreillicidh-
eacht mhaith Spáinnigh.



Thángadar na briathra so den ghlór
allmhurdha bhorb ainshrianta uaidh:



"Ní thusa Iarla Deasmumhan acht spriata
an bhastúin agus iarsma an stagúin atá
imbliadhna ar mearughadh. Agus ní heach
maiseach mór-fheolach atá agat acht spriata
sean-stodaire seirgthe cráidhte creat-lom
truagh tana teircfheólach i riocht go seinnfidh
Nioclás Dall lá éigin ochtuach ar a chlítheach,
agus do b'fhusa le faolchoin an tsléibhe
fiona-mhóin d'ithe 'ná cromadh as a chreat
do phriocadh. Ní leithne rutha ná clár a
héadain agus is caoile a gunga 'ná earball
eascún."



Níor bh'fhoidhneach leis an Iarla an easonóir
sin do thabhairt dó féin ná dá each, agus
thugadar an dís churadh aghaidh ar a chéile
agus do b'iongnadh a faid ó bhaile do
cluintí a bhfuaim is a bhfothrom. Mar do


L. 703


thóg an fathach cian d'aimsir ó shoin an
t-oileán mór mara idir a lámhaibh, is mar
sin do rin Sinsear na Saoithe, oir do thóg
lán-doirneóg gharbh-ramhar ghlas chairrge
chloiche, agus do shearabháil attachment i
gclár an ochta ar an Iarla.



Do ghlac an tIarla an briseadh chuige
agus ioscad ar an iallait mar bhíodh cos
fhada agus ghearra ag an Róisteach.



Dubhradar dream do-áirimhthe go
ndeaghaidh i luige nó i n-anbhfhainne, amhail
do bheadh sac trasna ar chapall ag dul chun
muilinn. Dubhradar dream eile nach i
n-anbhfainne do chuaidh acht go ndeaghadar
a chúig céadfaidh corpordha le huirghioll
go Iapan nó go Iamaca.



An tan dubhradar gur básuigheadh é do
bhí Criostóir Liath Hicson ag stathadh fabhraí
na súl aige féin chun an chómhraic d'fheicsint
agus nuair a chuaidh soin de, is é adubhairt:



"Tugathar chugam-sa an búndar ó bhun
an Bhúndair ar ubhal brághad agus coisc-
fad-sa a dheól, oir dar soir siar, tá sé san
dtairngreacht gur fá n-a chómhair go haon-
racánach atáim-se ag géarughadh mo
bhaigineit agus ag cur treas-fhaobhair uirthi
le deich mbliadhna. Is iomdha cath agus
cruadh-chomhrac i n-a rabhas féin riamh. Do
bhíos teann óg láidir aimsir, agus do bhí
dochtúir oirdhearc lem chois ar a dtugaidís
Stephanus Brady. Ní'l éan-uair do
thomadh mé san dabhaigh shlán-íce ná bínn
chomh slán chomh súgach le bradán feádha.
Do bheinn anois ramhar láidir go leór muna
mbeadh cuirín lán de phiseógaibh do chuir
Siobhán an Oileán fém cheann-adhairt.
Feicim cia hé an fánuidhe gaiscidhigh
do bhéarfadh ar barra baise na cruibh orm.
Dar Gobnait badh chlumhla dhíbh-se tuitim
lem dheas-láimh-se ná cumhangthas na Seón
a dhéanamh."



Le n-a linn sin do thóg an tIarla a cheann
as an anbhfhainne go soithimh soineanta
séimh-ghnúiseach agus áilneacht na mórdhachta
i spéir a dheagh-chontonóis agus d'fhéach n-a
thimcheall agus do ghaibh ag tabhairt a leath-
scéil leis an gcómhthionól agus adubhairt
gur geasa troma dorcha draoidheachta do
bhí air .i. dul do na hAntipodes ag tabhairt
fuascalta is furtachta ar inghin Ríogh Fá
Thír do bhí dhá fuadach ag Gruagach an
Chaithfrín. Agus dubhairt nár éirigh éin-nídh
dhó féin acht amháin gur taidhbhreadh dó go
raibh cuil no cor-mhíoltóg ag gobaireacht
air.



"Acht, a Shinsir na Saoithe, do tugadh
leasainm ort, oir ní thusa é, acht smísteach
na duibhche, straoille na dríbe agus
cníopaire cinnte, agus ríceach gan chrích
ort. Oir mara mbitheá fealltamhail ní
thabharfá an obairt ná an iarracht úd idir
mo dhá chích, agus a shár-fhios agat gur áit
mharbhthach é. Dá mbeadh dúil agat cródhacht
nó laochus do dhéanamh is chun buill éigin
n-a mbeadh tairt-fheóil do bhéarfá t'ionn-
saighe. Crádh ort ná fuil a fhios agat mo
chlaidheamh a bheith déanta den aér agus
dúbladh de scamallaibh air. Do cimileadh
dhe nídh dá dtugaid na feallsóntuidhthe
Saxum Artificiale agus is é is ainm
Béarla dhó The Philosopher's Stone. Tá
buadh agus biseach ag an seóid ná fuil neach
do dhéanfadh comhrac léi ná buaidhfadh ar
eascáirdibh an domhain."



"Admhaim soin," ar Sinsear na Saoithe.
"Ní féidir amh, buadh do bhreith ar neach
ná facathas i n-ionadaibh gleóidh ná comhraic
riamh. Mar atá an sean-fhocal: "Ní
féidir dho bhaint de'n chat acht a chroiceann."
Is ionann soin agus neamh-nídh. Mar sin
ní féidir clú laochais ná gaisce do bhaint
díot-sa, de bhrigh ná raibh an laochus it


L. 704


sheilbh riamh nó má bhí a bheag nó a mhór den
díolmhantacht ag roinnt leat, is maith an
áit i dtárla tú. Táid fiacha áitighte ort,
gaibh do chead aige anois, ó tá an donus
ag tabhairt buille dá mhéir ionnat. Agus
is teann an t-urchur tubaiste do ráinigh thu,
agus teacht chun suidhte liom-sa. Agus is
duine le baois do dhéanfadh iongantus gur
mise taca is bunadhsaighe agus is prinsa-
pálta le fír-neart is le fíor-laochus, oir is
follus gur me féin go fírinneach múirnín
luirg Don Quixote, Sir Hudibras, Don
Ralpho Vanco Danco. Dá bhrigh sin ní
dhearnais-se éin-chréachta orm-sa riamh,
oiread buidheacáin uibh nó an sciodamáin
bhíos i n-ioscaid leath-choise deiridh na feoil-
fríde."



"Mhaise," adubhairt an tIarla, "ní
dheaghais chun catha liom riamh roimhe seo,
acht go scoiltidh an phláig mé ná beidh an
scéal soin agat orm feasta."



Leis sin do thugadar an dís deagh-laoch
soin aghaidh dá chéile arís agus do ráinig
tré mhí-chothrom go talmhain an tIarla, agus
is é áit ar seóladh é i n-acharann scairte
draighin agus drisleach.



Do bhí an tIarla séidthe amuigh 's amach
mara mbeadh dian-fheabhus a chapaill, agus
an eich do bhí aige ag lámhach oirdinéis.



Do bhí an fhoidhne ag an Iarla agus
dubhairt: "Quo fata trahunt retrahuntque,
sequamur, quidquid erit superanda omnis
fortuna ferenda est; "dá chur i suim gur
chóir do'gach éinne an mí-fhortún d'fhoidh-
neamh.



Thairis sin nuair do chonnaic an ghrian i
n-a cathaoir agus gur spaideamhail
spadánta do bheadh ní ba shia mar sin, do
ghlac ath-chomhairle é agus dubhairt: "Tu
ne crede malis, sed contra audacior, esto
qua tua fortuno sinit;" dá cur i gcéill
gur chóir do gach éinne bheith dícheallach ar
bhuaint suas as an bhfortún féin an fhaid do
shroichfeadh a chumus chuige é.



Annsoin do smaoin go fáidheamhail go
raibh píosa den phadra fé dhraoidheacht ar
urlár a sean-phóicín, agus nuair do
bhéarfadh an t-aér do-san go gcuirfadh sé
scaipeadh na mion-éan ar (a) eascáirdibh
uile, go mór mhór ar gach fánuidhe gaiscidhigh
go mbeadh oighreacht duthchais aige i bPoll
an Ghlugair.



Annsoin do tharraing amach an tsean-
scinín agá raibh lán orlaig mhóir bhacaird ar
fad san lainn. Ar amharc na seoide sin
do Shinsear na Saoithe, do thaispeáin a
nádúir dhó gur bh'í an chú mharbhthach í, agus
do ghlac criothnughadh éagmuiseach ball é,
agus do bhris tonntacha fuar-alluis anuas
dá mhaoil. Agus chun gur móide gheabhadh
ré na haithrighe é, do thaispeáin peidhre
bonn bróg neambuan Philib Gréasuidhe.
Ba chlos fothrom adhbhal-mór neamh-ghnáthach
a chuas-bhéil, agus dubhradar réadóirí na
haimsire sin nár bh'fada uatha fliuchán
aibhéil-mhór agus úrmhaireacht iongantach.



Do b'fíor soin dóibh, de bhrigh go dtáinig
nídh as béal an tSinsir amhail thiocfadh
giústa a baraille.



Níor locht ar Shinsear na Saoithe gan
fanamhaint le réidteach óir ní'l trócaire
san gcogadh; Nulla est in bello miserecordia.



Do bhí Sinsear na Saoithe teilgthe an
tráth soin muna mbeadh áit áirithe i nÉirinn
ar a dtugtar Lurga an Ráis; oir do bheadh
sé gabhtha mar Orson ar adhastar ag
Bhalentín, acht amháin gur bhaoghal ná
fuigheadh níos mó de cheathramhain ná
gheobhadh Seón Loret ón Athair Proinnsias
Olltach.



Ar dteacht de luas chos agus de thoradh
reatha do Shinsear na Saoithe mar a raibh


L. 705


Seán cneasta suairc séimhióe Feiritéar,
agus é ar crith le dian-eagla roimh smuitín
scine an Iarla, is é adubhairt Seán:



"Goirim is glaodhaim thu, is tar it
shláinte a mhuirnín, a Shinsir na Saoithe.
Ní fhaca gaiscidheach riamh is luaimnighe
teanga agus is moille gníomhartha 'ná thu.
Is baoghal liom gur cailleach phiseógach ó
Albainn do coruigh agus do sháruigh thu."



"Ní headh," arsa Sinsear na Saoithe,
"acht chun buan-chóiste na gaoithe agus na
gréine agus na talmhan d'fhagháil mar an
gcéadna, níor bh'éidir dam do réir mo
chommission agus m'ughdaráis ó Rígh na
hEtiópe gan gluaiseacht mar siúd an uiar
bheinn i mbaoghal mo chaillte."



Seo Commission Shinsir na Saoithe ó Righ
na hEtiópe ar bheith dho n-a Mhajor General
ar armáil Bhargla Uí Dhubhda i nGascúinis,
agus do chuir Seán Feiritéar ins an tean-
gain Ghaedhilge mar leanas:



A Shinsir na Saoithe
Ar do naímhde bí ar do choimhéad;
Och, smaoin ar do chaoiribh,
Ar do chloinn is ar Shinéid.



Ná bí gáibhtheach le béicidh;
Ná bhí ag méilidh ná ag meigeallaigh,
Olc an cháil d'fhear do chéille
Bheith ag géimridh mar spreotha mhairt.



Seán Feiritéar an sméirle;
Maith an spéice seo chun bruighne;
In gach anfa agus éigin,
Bíodh an sé-bhuilleach it thimcheall.

Cé gur gnáth leis bheith púcamhail,
Ní bheidh púramhail um a chéasadh;
Seasaimh ar scáth an scúilliúin
An uair a bheir i gcontabhairt go ghléasta.



Tosach ráis na retréit
Ná tabhair d'éinneach dá maireann;
Ainic bearna gacha baoghail;
Ná bíodh créacht ort ó airm.



Fearra dhuit do bhean mhascallach
Is bheith ag amharc ar a ciabhfolt,
'Ná bheith marbh ar nós ablaigh
Is 'ot dhranadh leis na fiachaibh.



(A Chríoch.)



--



GLUAIS.



Is i nAgadaimh Ríoghmhail na hÉireann do fuarthas
an scéilín seo. Saghas aoire is eadh í, rud go raibh
gábhadh leis an tráth ceapadh é, chomh maith díreach is
atá indiu. Tar éis Chonnartha Luimnigh agus imtheacht
ná nGéadhna bhFiadhan, d'imthigh a brigh is a misneach
a hÉirinn. Bhí sí go traochta suaidhte teircithe. Bhí
na huaisle is na laochra b'fhearr imthighthe, agus an
t-iarmhar d'fhan n-a ndiaidh tré leath-trom na nGall,
níor fhan brigh na fuinneamh ionnta. B'éidir nár
b'éin-iongnadh dhóibh, nó do chuid aca go háirithe, a
sean-chródhacht do chailleamhaint, agus a mbéasa is a
gcreideamh d'atharrughadh. An té do dhein amhlaidh,
d'fhan a oighreacht is a chuid aige. An té nár dhein do
chaill sé a raibh aige. Is é is mó chuireann iongnadh
orainn a laigheadh díobh do chlaon is do ghéill do
dhálaibh na haimsire.



Acht an dream do chlaon ón nGaedhealtacht an
uair úd fuaradar aoide a ndóthain ó na filidhibh. Tá
litridheacht na ré sin lán d'aoiribh is d'aistíbh magaidh
fútha súd is fé mhóráil na huaisleachta nua. Dáith
a Bruadair, An tAthair Eoghan Ó Caoimh, An tAthair
Liam Inglis, is tuilleadh nach iad, do chabhruigheadar
go tréan ar an gcuma so leis an nGaedhealtacht le
n-a linn féin. Ní bheidh eolus cruinn againn ar
stair na haimsire sin go dtí go ndéanfar scrúdu-
ghadh ar an litridheacht do scríobhadh san nGaedhilg an
uair úd. Tuigimíd aisti gnáth-shaoghal na ndaoine,
a n-uireasbha mhisnigh, a ndóthchus go bhfillfadh a
laochra, a gcéasadh is a ndaorbhruid.



Gan amhrus do dhein na filidhe an-obair an tráth
úd. Do chuireadar síos go bláthmhar gonta fór-
samhail, ar an leath-trom a bhí á imirt ar Ghaedheal-
aibh ag boicíníbh na Galldacht. Do thugadar fé'n ulla-
phéist iasachta ar chuma go raibh náire is eagla ar
Ghaedhealaibh fhóghanta baint léi. Mar sin, do
thógadar falla árd timcheall na Gaedhealtacht,
falla nár fhéad dicheall na nGall a leagadh
go dtí gur éag na filidhe is go ndeaghaidh a dteagasc
ar neamh-nídh de chionn cumhangthais na teangan


L. 706


iasachta. Duine d'fhilidhibh na haimsire úd b'eadh
Seán Feiritéar a scríbh an aiste thuas. Do thug sé
fé ndeara go raibh a dul de chalmacht na nGaedheal
tar éis a gcogaidh i gcoinnibh Ríogh Liam, agus do
bhrostuigh soin é chun an sáithteán so a chaitheamh leis
na huaisle dar chóir deagh-shompla a thabhairt dóibh.
Aiste mhagaidh ar leamhas is ar lag-mhisneach uaisle
Gaedheal is eadh í, im thuairim-se.



Madhm, a rout.
Ard Beag, the personal and local names are probably
fictitious. Deir an tAthair Pádraig Ó Duinnín
liom gur Ciaraidheach do b'eadh Seán Feiritéar.
Is é is dóichighe gur i bpáirt éigin de cheanntar
Shliabh Luachra do chomhnaidheadh sé.



Aimsir an chogaidh, .i. 1690.



Cath-chalma, valiant in battle.



Searach na deagh-lárach, the better. "Ní fios ciaca
searach na deagh-lárach," proverb.



Gairm-scoile, a proclamation.



Giolla an tSean-trúis, Bas le hÉadan, seem to have
been "characters such as Crost and Bás in
Tadhg Saor.



Aol-chumtha, fair-formed.



Measgánta, spirited, gallant.



Do b'fhearrde a bhfoghluim é, their study would be the
better for it.



Oireachtus, a gathering.



Mainéar, a manor.



Tiocfaidh mo radharc dam, my sight will answer me.



Do shaighsálaidh leis, he proceeded onwards.



Sonna-chrith, sonn-chrith, sine-chrith, shaking, dangling.



Dá chúrnáil, being shaken hither and thither.



Iarghoil, -e, fem., battle, onslaught.



Confadh, pron. conadh and conaithe, rage, madness.



Do b'annsa leis, was dearer to him.



Go haonracánach, alone, only.



An cath do bhreith, to win the battle.



Eascara, -ad, enemy.



Dúnsa, stift-necked clown.



Mealbhóg catha, a bag of chaft.



Fíoghar, figure, sign.



Do dhéanamh barrachas, to get the better of, to attack.



Do-mharbhtha, immortal.



Tomadh, act of dipping.



Amhus, a giant, a hireling soldier.



Uiristín, (?) Philistine.



Breallóg, a silly clown.



Ar m'armus, on my coat of arms.



Púca peill (poill), mushroom fungus.



Meacanta, stoutly-built.



Másánach, having strong quarters.



Deagh-mhiotal, good breeding, mettle.



Deagh-aráineach, a good feeder.



Foilt-leabhair fad-mhongach, having a flowing long
mane.



Fír-imtheachtach, very spruce.



Leathan-chrúbach, having broad feet.



Bíoma, a notched holly wand.



Ropóg (?) some of the entrails.



Glóthach, -aighe, a substance like jelly, frog-spawn.



Mí-chuibhsach, terrible, extraordinary.



Gearán, a "garron".



Oighreacht, an heritage.



Arrachtach, mighty, powerful.



Mortar pice (?) a mortar of pitch.



Bumbaoi (?) gunnaí.



Ainshrianta, which could not be checked.



Sclog-bhladhmannach, very boastful.



Aibhéis, boasting, bragging.



Breillidheacht, rambling talk.



Allmhurdha, foreign.



Spriata, a miserable wretch.



Stodaire, stothaire (?), a shapeless garron.



Seirgthe, shrivelled, withered.



Creat-lom, raw-boned.



Teirc-fheólach, lanky.



Nioclás Dall, a famous Kerry harper.



Ochtuach, a musical accompaniment.



Clítheach, the ribs.



Gunga, the hind quarter.



Shearbháil, "served an attachment," i.e., he struck.



Dream do-áirimhthe, countless people.



Cúig céadfaidh, the five senses.



Uirghioll, a message, journey.



Do chuaidh soin de, that failed him.



Búndar, (?) bounder, buaileam sciath.



Coiscfead-sa a dheól, I'll put an end to his giving-
out, i.e., prating, boasting.



Dar soir siar, dar so súd, by this and by that.



Baigineit, sword, bayonet.



Treas-fhaobhar, edge for battle.



Dabhach, daibhche, dabhaigh, fem., a vat.



Slán-íc, a curing balsam.



Bradán feadha, (?) species of salmon. Perhaps some
reader knows.



Cuirín, a small pot, a can (Ó Ragh.).



Ceann adhairt, a bolster, pillow.



Feicim cia hé, let me see who he is.



Cumhangthas na Seón, conquest of the Seóns, foreign-
ers (a quo the Seóininí).



Áilneacht, with a majestic beauty on the expanse of
his fine countenance.



Geasa, bonds of chivalry.



Níor éirigh dhó, did not happen him.



Cor-mhíoltóg, a gnat pecking at him.



Duibhche, from dubhach, melancholy, sorrowful.



Dríb, muck.



Cníopaire cinnte, a niggardly miser.



Ríceach, a wastrel.



Obairt, a sudden attack.



Áit mharbhthach, a mortal spot.


L. 707


Tairt-fheoil, a flesh-lump.



Do bhearfá, you would make your attack.



Feallsóntuidhe, a philosopher.



Admhaim soin, I admit that.



Ní féidir, all one can get from a cat is its skin.
The proverb also runs:- "Is geall ar an gcat a
chroiceann."



Díolmhantacht, soldierly qualities.



Áitighthe, proven.



Taca, the sternest and most substantial support.



Múirnín Luirg, an affectionate follower.



Buidheachán uibh, the yellow part of an egg.



Sciodamán, a microbe.



Scoiltim, I split open.



I n-acharann, in the midst of a blackthorn bush and
briars.



Séidthe, out of breath, tired.



Lamhach óirdineis, plying ordnance.



Mí-fhortún d'fhoidhneamh, to suffer misfortune.



Ath-chomhairle, "second thoughts".



An fhaid do shroicfeadh, whilst his ability enabled him
to do it.



Padra, (?) piseóg.



Fánuidhe gaiscidhigh, an itinerant warrior, a soldier of
fortune.



Oighreacht duthchais, an inherited estate.



Bacard, a carpenter's rule.



San Lainn, in the blade.



Gheabhadh ré, he might find time for repentance.



Réadóir, a weather prophet.



Úrmhaireacht, freshness, growth of grass.



Giústa, (?) oozing.



Teilgthe, overthrown, overcome.



Níos mó de cheathramhain, any more quarter.



Tar it shláinte, tar slán, welcome.



Is luaimnighe, quicker of tongue and slower of deeds.



Do choruigh, that tired and overcame you.



Níor bh'éidir dam … gan, I could not but.



I nGascúinis, in gasconade. Seán was evidently
acquainted with the adventures of Don Quixote,
Sir Hudribras agusc. He wrote this bobhta magaidh
on the same style. Is mór an truagh gan a
thuilleadh dhá shórd againn.



Gáibhtheach, querulous.



Spreota mhairt, a lazy animal.



Maith an spéice, good for raising disturbance.



Sé-bhuilleach, the six-stroked one.



Púcamhail, gloomy-visaged.



Puramhail, inclined for mischief.



Scúilliún, (?) scuilín, an old man (Ó Ragh.).



Ainic, defend, protect.



Dranadh, being torn by ravens.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services