Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Nuid na Gaedhilge VII.
Title
Nuid na Gaedhilge VII.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
NUID NA GAEDHILGE. - VII. Leathanach a láimhscríbhinn linn féín is eadh é seo thall. Fear dar bh'ainm Seaghán Ó hÉalaighthe an scríbhneóir. Bhí Seaghán n-a chomhnuidhe ar leacain Darach, i bParóiste Bhaile na Móna, i n-aice le Malla, i gCo. Chorcaighe. San mbliadhain 1823 is eadh scríobhadh an leabhar so. Tá an tSeabharthanach ag ruith ó'n mBlár- nainn síos go dtí an Laoi. Abha bheag áluinn is eadh í. Ní fios cia'r bh'é Donnchadh Uasal, acht is eadh é is deallrathaighe gur bh'é an tAthair Donnchadh mac Sheagháin Bhuidhe mac Carrthaigh é. Ón mbliadhain 1712 go dtí 1726 bhí sé i n-a Easpog "Chorcaighe Chluana agus Rois." I gceanntar na mBlárnann is eadh rughadh é, agus ní fuláir nó bhí eolus cruinn agie ar an tSeabhar- thanaigh. Is fada mé buartha ar fuaid na ranntach bhím Idir Chaiseal is Chluain go gruadhnaibh leabhair' na Laoi, Mo thaistil ba thruagh go fuar gan beann dom dhíon, Gur stadas go duairc ar Bhruach na Seabharthanaighe. Ba leathan dubh grua(m)a fuar fliuch gleanntach linn, Is feargach buartha luath do leabharuigh sí, "Aithris dúinn," adubhairt an tseang-bhean linn "Cread do tharraing de ruaig thú ar bhruach na Seabharthanaighe?" [Tuilleadh ar leathanach 700.
"Aisling trím shuan tug cuaird bheag scannradh im chroidhe, Go bhfeachadh do scuab-fhuilt chuachach leabhar lem thaoibh, Dá dheascaigh sin shuas ní buan gann amhras sinn, Gan sealad do thabhairt ar bhruach na Seabharthanaighe." "Is bladar do luadhais no cluain bheag fhallsa linn, Aiteas nó suairceas uait ní greann liom puinn Is cathach mé buartha duairc tá an feall im chroidhe Gur shearguigh m'uabhar bhí ar Bhruach na Seabharthan- aighe." "Aithris dúinn a chúilfhionn cheannsa chaoin Cé fada (tú) ar siubhal ag brúth an chlampair linn Cad d'atharruigh srúil do shúl n-a sreabhchaibh nimhe, Is tug dearg do ghnúis ó chom na Seabharthanaighe." Tá ceathramha eile ann, agus níl acht soin. Tá sí ar an gcéad leathanach eile. Seadh agus ó tá an an choinneal caithte againn, ní dhéanfam taisce dhe'n mion- órlach. Sid í í: "A dhuine atá liúm bhí ar siubhal, gan mheabhair do bhím Do calleas mo chlú, mo thrúp, mo cheann, dom dhíon Ní'l aiteas na fonn lem chiumhais, ná labhairt go binn ó scaradh an chúirt le Clúr na Seabharthanaighe"
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services