Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nuid na Gaedhilge VII.

Title
Nuid na Gaedhilge VII.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NUID NA GAEDHILGE. - VII.



Leathanach a láimhscríbhinn linn féín is
eadh é seo thall. Fear dar bh'ainm Seaghán Ó
hÉalaighthe an scríbhneóir. Bhí Seaghán n-a
chomhnuidhe ar leacain Darach, i bParóiste
Bhaile na Móna, i n-aice le Malla, i gCo.
Chorcaighe. San mbliadhain 1823 is eadh
scríobhadh an leabhar so.



Tá an tSeabharthanach ag ruith ó'n mBlár-
nainn síos go dtí an Laoi. Abha bheag
áluinn is eadh í. Ní fios cia'r bh'é Donnchadh
Uasal, acht is eadh é is deallrathaighe gur bh'é
an tAthair Donnchadh mac Sheagháin Bhuidhe
mac Carrthaigh é. Ón mbliadhain 1712 go
dtí 1726 bhí sé i n-a Easpog "Chorcaighe
Chluana agus Rois." I gceanntar na
mBlárnann is eadh rughadh é, agus ní fuláir
nó bhí eolus cruinn agie ar an tSeabhar-
thanaigh.



Is fada mé buartha ar fuaid na ranntach bhím
Idir Chaiseal is Chluain go gruadhnaibh leabhair' na
Laoi,
Mo thaistil ba thruagh go fuar gan beann dom dhíon,
Gur stadas go duairc ar Bhruach na Seabharthanaighe.



Ba leathan dubh grua(m)a fuar fliuch gleanntach linn,
Is feargach buartha luath do leabharuigh sí,
"Aithris dúinn," adubhairt an tseang-bhean linn
"Cread do tharraing de ruaig thú ar bhruach na
Seabharthanaighe?"



[Tuilleadh ar leathanach 700.


L. 700


"Aisling trím shuan tug cuaird bheag scannradh im
chroidhe,
Go bhfeachadh do scuab-fhuilt chuachach leabhar lem
thaoibh,
Dá dheascaigh sin shuas ní buan gann amhras sinn,
Gan sealad do thabhairt ar bhruach na Seabharthanaighe."



"Is bladar do luadhais no cluain bheag fhallsa linn,
Aiteas nó suairceas uait ní greann liom puinn
Is cathach mé buartha duairc tá an feall im chroidhe
Gur shearguigh m'uabhar bhí ar Bhruach na Seabharthan-
aighe."



"Aithris dúinn a chúilfhionn cheannsa chaoin
Cé fada (tú) ar siubhal ag brúth an chlampair linn
Cad d'atharruigh srúil do shúl n-a sreabhchaibh nimhe,
Is tug dearg do ghnúis ó chom na Seabharthanaighe."



Tá ceathramha eile ann, agus níl acht
soin. Tá sí ar an gcéad leathanach eile.
Seadh agus ó tá an an choinneal caithte
againn, ní dhéanfam taisce dhe'n mion-
órlach. Sid í í:



"A dhuine atá liúm bhí ar siubhal, gan mheabhair do
bhím
Do calleas mo chlú, mo thrúp, mo cheann, dom dhíon
Ní'l aiteas na fonn lem chiumhais, ná labhairt go binn
ó scaradh an chúirt le Clúr na Seabharthanaighe"



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services