Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tadhg Láidir.
Title
Tadhg Láidir.
Author(s)
Ó Cuill, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TADHG LÁIDIR Seán Ó Cuill do scríobh. Do oibrigheadar leó annsoin ar feadh tamaill acht nuair a chonnaic Tadhg a olcas do chuaidh dho é bhualadh, do chaith sé arís leis agus do bhuail. "Má bhuaileann tú a thuilleadh me, díofair as," ar seisean go feargach. "Airiú! cad tá ag teacht ort," arsa an fear eile, "nó an ar buile atánn tú? Ar ndóigh níor bhuail éinne thú, ná —." Le n-a linn sin, do chaith Tadhg an tríomhadh cloch agus do bhuail sé sa mhalainn é, agus do gheárr. Níor dhéin sé pioc acht a chasúr d'árdughadh agus a dhearbhráthair do bhualadh i gclár an éadain agus cingstar marbh do dhéanamh dhe. Do gháir Tadhg thuas sa chrann. "Ha, ha, ha," ar seisean trí nó ceathair d'uairibh. D'fhéach an t-athach i n-áirde agus do chonnaic sé Tadhg. "A! A Chladhaire. Airiú! A cholpa an diabhail," ar seisean go feargach, "tusa bhí ag caitheamh na gcloch liom-sa, agus do mhar- bhuigheas mo dhearbhráthair mar gheall ort. Buail chugham anuas a árachtuidhe, agus muna mbeidh sásamh agam-sa asat, ní lá fós é." Agus do bhí cubhrán le n-a bhéal mar bheadh le capall fiadhain stábla bheadh dh'éis míle bóthair do rith i gcoinnibh a thola. Do gháir Tadhg go magamhail arís. "Buail chugham anuas, do dtí go strac- faidh mé do chnámha ó n-a chéile," ar seisean an t-ath-uair. "Huth! B'é (b'fhéidir gur dóigh leat," arsa Tadhg; "an bhfuil aon mhaith de scoláire ionnat?" "Is fearr de scoláire me 'ná thusa," arsa an fear eile." "Féach, ariú! A dhuine bhocht, an bhféad- fá é sin do léigheadh," arsa Tadhg; agus do shín sé amach an baitín chuige. Do léigh, agus nuair do chonnaic sé cad do bhí ann, ambasa do tháinig leath-eagla air. "Seadh, a Thaidhg," ar seisean, "b'fhéidir nách fearr riamh é, déanfair mo ghnó-sa i n-ionad mo dhearbhráthar." "Ní fhéadfainn aon ghnó do dhéanamh anois," arsa Tadhg, "mar tá tart agus ocras orm." "Ó, gheobhair do dhóthain le n-ithe uaim-se," ar san t-athach; agus do fuair chomh maith. Chuireadar an fear marbh annsoin, agus chuadar isteach go tigh an fhathaigh i gcóir na hoidhche. D'itheadar a suipéar agus do theas- páin an tsean-bhean de mháthair a bhí ag an bhfathach, seómra do Thadhg agus dubhairt sí leis dul a chodladh. Do dhún sé an dorus agus do chuir sé a chluas leis an ursain, ag éisteacht.
"Cá bhfuil do dhearbhráthair?" ars an t-sean bhean. "Mharbhuigheas indiu é," ars an t-athach, "agus Tadhg-san fé ndearr é." "Agus cad n-a thaobh nár mharbhuighis-se Tadhg féin annsoin?" ar sise. "Ní fhéadfainn é," ar seisean, "tá Tadhg ró-láidir dom." "Tadhg láidir an eadh ariú?" ar sise. "Mhuise go bhfóiridh Dia ort a amadáin. Ar ndóigh níl i dTadhg acht créatúir bocht ná féadfadh sicín do mharbhughadh." "Ó éist a Mham," ar seisean, "mar- bhuigheann Tadhg céad fear le gach aon tar- rac agus sin rud ná féadfainn-se na éinne tháinig romham do dhéanamh riamh." "Ag magadh fút atá sé," ar sise. "Bíodh a fhios agat ar maidin an bhfuil sé láidir. Faigh na hiarnaí úd do bhíodh agat fhéin agus agot dhearbhráthair dhá gcaitheamh; leat, agus muna bhfuil sé láidir, mairbh ar an neómat soin é." "Táim sásta," ar seisean; agus chuadar go léir a chodla. D'éis bricfeast ar maidin do bhuail an bheirt amach ag dul ag obair, acht casadh i dtreó na n-iarnaí iad. "An gcaithfeá ceann aca soin liom, a Thaidhg?" ar san t-athach. "Déanfad," arsa Tadhg, "acht caith féin ar dtúis." Do rug sé ar cheann mór go raibh tim- cheall tonna mheádhchaint ann, agus do chuir sé leath na páirce é. "Caith anois a Thaidhg," ar seisean. "Ní chaithfead," arsa Tadhg, "go dtí go mbeidh tusa teipithe." Do chaith an t-athach ann soin arís é, agus chuir sé iarrachtín beag eile é. "An bhféadfá é chur a thuilleadh?" arsa Tadhg. "Ní fhéadfainn," ar seisean, "caith-se anois é." "An bhfuil a thuilleadh aca-san agat?" adubhairt Tadhg. "Tá," ar seisean, "cuid aca bhíodh agom shinsear rómham acht táid siad ró-throm domh-sa." "Bailigh chugham a bhfuil agat aca," arsa Tadhg. Do dhein agus nuair bhíodar go léir i dteannta a chéile, bhí tuairim is fiche tonna meádhchaint ionnta. "Faigh téad láidir anois dom," arsa Tadhg. Do fuair agus do cheangail sé iad go léir dá chéile; do rug Tadhg ar a dtéid ann- soin; do fhéach sé cruinn ó thuaidh, agus do leog fead. "Fíghiú," ar seisean go fada, géar, árd. "Ariú! Cad tá ag teacht ort?" ar san t-athach. "Tá," ar seisean, "dearbhráthair dom atá i nDun na nGall; gabha is eadh é; 's ní bhíonn leath a dhóthain iarrainn aige, agus táim chum iad so do chaitheamh chuige ó thuaidh." "Im briathar, acht ná caithfir," ar san t-athach. "Caithfead is dóigh," ar seisean, agus thug sé iarracht ar iad do chaitheamh mar 'dh eadh, acht chuaidh an t-athach i n-acharann ins na hiarnaíbh. Stad Tadhg annsoin 's ar ndóigh níor bh'fheárr leis riamh é. Bhí soin go maith go dtí go ndeaghaidh Tadhg a chodladh (ag eisteacht) an oidhche sin. "Cad n-a thaobh nár mharbhuighis é siúd indiu?" ar san tsean bhean. "Ní fhéadfainn é," ar seisean, agus d'innis sé an scéal dí tríd síos.
"Ag magadh fút atá sé i gcomhnuidhe," ar sise. "Cuir do chluas anois le hursain an doruis agus féach an bhfuil sé n-a chodladh, agus má tá, faigh órd agus sleamhnuigh síos agus buail cúpla buille air, agus bíodh geall go maireóbhair é. Nuair airigh Tadhg an chainnt seo do chaith sé é féin isteach sa leabaidh agus dhírigh sé ar shranntarnaigh. Shíl an fear eile go raibh sé n-a chodladh agus fuair sé an t-órd. Nuair airigh Tadhg ag teacht é, do léim sé amach as an leabaidh, do rug sé ar ghamhan óg do bhí ceangailte do chois na leabtha agus do chaith sé isteach sa leabaidh é. Tháinig an fear eile annsoin go ciúin agus gan aon tsolus aige ar eagla go ndúiseoghadh sé Tadhg. D'árduigh sé an t-órd agus do bhuail sé buille. Do chuir an gamhan búir beag mhúchta as. Do bhuail sé an dara buille, acht ní bhfuair sé aon fhreagra. Do bhuail sé suas annsoin agus shuidh sé féin is a mháthair cois na teineadh ag cainnt. Ní ró-fhada bhíodar ann nuair oscail Tadhg an dorus, agus bhuail suas chúcha, agus é dhá chrothadh féin. "Ariú, cad n-a thaobh ná fuileann tú id' chodladh, a Thaidhg?" ar san tsean-bhean. "Ní fhéadfainn codladh, mar bhíos ag taidhbhreamh," arsa Tadhg. "Cad air, ariú?" ar sise. "Thaidhbhrigheas," ar seisean, "go rabhas im' chodladh amuigh i lár páirce, agus go dtáinig cith cloich-shneachta, agus gur bhuail cloch aca i gclár an éadain mé, agus cloch eile annso im chliabh, agus samhluighim go mothuighim an áit tinn n-a dhiaidh." D'fhéach an bheirt eile ar a chéile. "An bhfuil baile agat-sa, a Thaidhg?" ar san tsean-bhean. "Tá," adubhairt Tadhg. "B'fhearra dhuit imtheacht a bhaile agus sinne fhágaint annso," ar sise. "Im briathar acht ná déanfadh," arsa Tadhg; "imthighidh-se, má's maith libh é, acht fanfad-sa annso. "Tabharfaidh mé dhuit a bhféadfair do bhreith leat d'ór acht imtheacht," ar sise. "Ní dhéanfad," arsa Tadhg, "mar chreach- fainn an uair sin sibh. Acht béarfaidh mé liom a bhféadfaidh an buachaill seo annseo do bhreith leis tamall de'n tlsighe chúgham." "Sásta leis," ar sise. D'imthigh an bheirt ar maidin agus mála mór óir ar muin an athaigh, agus níor stadadar gur shroiseadar Droichidín Bhéal Átha Fionáin. "Leog annsoin ar an gclaidhe anois é, agus béarfadh féin an chuid eile dhe'n tslighe" arsa Tadhg. Do leog sé agus chas sé a bhaile chómh tapaidh 's d'fhéad sé é. Ghlaoidh Tadhg ar a mháthair agus thug an bheirt mí dhá tharrach isteach. Bhíodar chómh saidhbhir sin annsoin gur chumhang leó Baile Mhúirne chum maireacht- aint i n-éan-chor. D'imthigheadar go páirt éigin eile de'n domhan agus ní bhfuaras-sa aon tuairisc ortha riamh ó shoin. MARBHNA Mac Cába cct ar bhás Toirdhealbhaigh Uí Chearbhalláin. Rinneas smuainte do mheasas nár chúis náire A's m'intinn suaidhte ó chailleas mo chúl-báire Ní'l pian níl peannaid níl gol níos trom chráidhte Ná éag na gcarad nó sgaradh na gcompánach: Míle agus seacht gcéad bliadhain bhán Ocht déag agus fiche - an t-iomlán Ó theacht Chríost dár saoradh slán Go bás Thoirdheallaigh Uí Chearbhalláin. S. Ua L.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services