Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Tadhg Láidir.

Title
Tadhg Láidir.
Author(s)
Ó Cuill, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TADHG LÁIDIR



Seán Ó Cuill do scríobh.



Do oibrigheadar leó annsoin ar feadh
tamaill acht nuair a chonnaic Tadhg a olcas
do chuaidh dho é bhualadh, do chaith sé arís
leis agus do bhuail.



"Má bhuaileann tú a thuilleadh me,
díofair as," ar seisean go feargach.



"Airiú! cad tá ag teacht ort," arsa an
fear eile, "nó an ar buile atánn tú? Ar
ndóigh níor bhuail éinne thú, ná —."



Le n-a linn sin, do chaith Tadhg an
tríomhadh cloch agus do bhuail sé sa mhalainn é,
agus do gheárr. Níor dhéin sé pioc acht a
chasúr d'árdughadh agus a dhearbhráthair do
bhualadh i gclár an éadain agus cingstar marbh
do dhéanamh dhe. Do gháir Tadhg thuas sa
chrann.



"Ha, ha, ha," ar seisean trí nó ceathair
d'uairibh. D'fhéach an t-athach i n-áirde agus do
chonnaic sé Tadhg.



"A! A Chladhaire. Airiú! A cholpa an
diabhail," ar seisean go feargach, "tusa bhí
ag caitheamh na gcloch liom-sa, agus do mhar-
bhuigheas mo dhearbhráthair mar gheall ort.
Buail chugham anuas a árachtuidhe, agus
muna mbeidh sásamh agam-sa asat, ní lá
fós é."



Agus do bhí cubhrán le n-a bhéal mar
bheadh le capall fiadhain stábla bheadh dh'éis
míle bóthair do rith i gcoinnibh a thola. Do
gháir Tadhg go magamhail arís.



"Buail chugham anuas, do dtí go strac-
faidh mé do chnámha ó n-a chéile," ar seisean
an t-ath-uair.



"Huth! B'é (b'fhéidir gur dóigh leat,"
arsa Tadhg; "an bhfuil aon mhaith de
scoláire ionnat?"



"Is fearr de scoláire me 'ná thusa,"
arsa an fear eile."



"Féach, ariú! A dhuine bhocht, an bhféad-
fá é sin do léigheadh," arsa Tadhg; agus do
shín sé amach an baitín chuige.



Do léigh, agus nuair do chonnaic sé cad do
bhí ann, ambasa do tháinig leath-eagla air.



"Seadh, a Thaidhg," ar seisean, "b'fhéidir
nách fearr riamh é, déanfair mo ghnó-sa i
n-ionad mo dhearbhráthar."



"Ní fhéadfainn aon ghnó do dhéanamh
anois," arsa Tadhg, "mar tá tart agus ocras
orm."



"Ó, gheobhair do dhóthain le n-ithe uaim-se,"
ar san t-athach; agus do fuair chomh maith.



Chuireadar an fear marbh annsoin, agus
chuadar isteach go tigh an fhathaigh i gcóir na
hoidhche. D'itheadar a suipéar agus do theas-
páin an tsean-bhean de mháthair a bhí ag an
bhfathach, seómra do Thadhg agus dubhairt sí leis
dul a chodladh. Do dhún sé an dorus agus do
chuir sé a chluas leis an ursain, ag éisteacht.


L. 688


"Cá bhfuil do dhearbhráthair?" ars an
t-sean bhean.



"Mharbhuigheas indiu é," ars an t-athach,
"agus Tadhg-san fé ndearr é."



"Agus cad n-a thaobh nár mharbhuighis-se
Tadhg féin annsoin?" ar sise.



"Ní fhéadfainn é," ar seisean, "tá Tadhg
ró-láidir dom."



"Tadhg láidir an eadh ariú?" ar sise.



"Mhuise go bhfóiridh Dia ort a amadáin.
Ar ndóigh níl i dTadhg acht créatúir bocht
ná féadfadh sicín do mharbhughadh."



"Ó éist a Mham," ar seisean, "mar-
bhuigheann Tadhg céad fear le gach aon tar-
rac agus sin rud ná féadfainn-se na éinne
tháinig romham do dhéanamh riamh."



"Ag magadh fút atá sé," ar sise.
"Bíodh a fhios agat ar maidin an bhfuil sé
láidir. Faigh na hiarnaí úd do bhíodh agat
fhéin agus agot dhearbhráthair dhá gcaitheamh;
leat, agus muna bhfuil sé láidir, mairbh ar an
neómat soin é."



"Táim sásta," ar seisean; agus chuadar go
léir a chodla.



D'éis bricfeast ar maidin do bhuail an
bheirt amach ag dul ag obair, acht casadh i
dtreó na n-iarnaí iad.



"An gcaithfeá ceann aca soin liom, a
Thaidhg?" ar san t-athach.



"Déanfad," arsa Tadhg, "acht caith féin
ar dtúis."



Do rug sé ar cheann mór go raibh tim-
cheall tonna mheádhchaint ann, agus do chuir sé
leath na páirce é.



"Caith anois a Thaidhg," ar seisean.



"Ní chaithfead," arsa Tadhg, "go dtí go
mbeidh tusa teipithe."



Do chaith an t-athach ann soin arís é, agus
chuir sé iarrachtín beag eile é.



"An bhféadfá é chur a thuilleadh?" arsa
Tadhg.



"Ní fhéadfainn," ar seisean, "caith-se
anois é."



"An bhfuil a thuilleadh aca-san agat?"
adubhairt Tadhg.



"Tá," ar seisean, "cuid aca bhíodh agom
shinsear rómham acht táid siad ró-throm
domh-sa."



"Bailigh chugham a bhfuil agat aca," arsa
Tadhg.



Do dhein agus nuair bhíodar go léir i
dteannta a chéile, bhí tuairim is fiche
tonna meádhchaint ionnta.



"Faigh téad láidir anois dom," arsa
Tadhg.



Do fuair agus do cheangail sé iad go léir
dá chéile; do rug Tadhg ar a dtéid ann-
soin; do fhéach sé cruinn ó thuaidh, agus do
leog fead.



"Fíghiú," ar seisean go fada, géar, árd.



"Ariú! Cad tá ag teacht ort?" ar san
t-athach.



"Tá," ar seisean, "dearbhráthair dom
atá i nDun na nGall; gabha is eadh é; 's
ní bhíonn leath a dhóthain iarrainn aige, agus
táim chum iad so do chaitheamh chuige ó
thuaidh."



"Im briathar, acht ná caithfir," ar san
t-athach.



"Caithfead is dóigh," ar seisean, agus thug
sé iarracht ar iad do chaitheamh mar 'dh eadh,
acht chuaidh an t-athach i n-acharann ins na
hiarnaíbh. Stad Tadhg annsoin 's ar ndóigh
níor bh'fheárr leis riamh é. Bhí soin go maith
go dtí go ndeaghaidh Tadhg a chodladh (ag
eisteacht) an oidhche sin.



"Cad n-a thaobh nár mharbhuighis é siúd
indiu?" ar san tsean bhean.



"Ní fhéadfainn é," ar seisean, agus d'innis
sé an scéal dí tríd síos.


L. 689


"Ag magadh fút atá sé i gcomhnuidhe,"
ar sise. "Cuir do chluas anois le hursain
an doruis agus féach an bhfuil sé n-a chodladh,
agus má tá, faigh órd agus sleamhnuigh síos agus
buail cúpla buille air, agus bíodh geall go
maireóbhair é.



Nuair airigh Tadhg an chainnt seo do chaith
sé é féin isteach sa leabaidh agus dhírigh sé ar
shranntarnaigh. Shíl an fear eile go raibh
sé n-a chodladh agus fuair sé an t-órd. Nuair
airigh Tadhg ag teacht é, do léim sé amach
as an leabaidh, do rug sé ar ghamhan óg
do bhí ceangailte do chois na leabtha agus do
chaith sé isteach sa leabaidh é. Tháinig an
fear eile annsoin go ciúin agus gan aon
tsolus aige ar eagla go ndúiseoghadh sé
Tadhg. D'árduigh sé an t-órd agus do bhuail
sé buille. Do chuir an gamhan búir beag
mhúchta as. Do bhuail sé an dara buille,
acht ní bhfuair sé aon fhreagra. Do bhuail
sé suas annsoin agus shuidh sé féin is a mháthair
cois na teineadh ag cainnt. Ní ró-fhada
bhíodar ann nuair oscail Tadhg an dorus, agus
bhuail suas chúcha, agus é dhá chrothadh féin.



"Ariú, cad n-a thaobh ná fuileann tú id'
chodladh, a Thaidhg?" ar san tsean-bhean.



"Ní fhéadfainn codladh, mar bhíos ag
taidhbhreamh," arsa Tadhg.



"Cad air, ariú?" ar sise.



"Thaidhbhrigheas," ar seisean, "go rabhas
im' chodladh amuigh i lár páirce, agus go
dtáinig cith cloich-shneachta, agus gur bhuail
cloch aca i gclár an éadain mé, agus cloch
eile annso im chliabh, agus samhluighim go
mothuighim an áit tinn n-a dhiaidh."



D'fhéach an bheirt eile ar a chéile.



"An bhfuil baile agat-sa, a Thaidhg?"
ar san tsean-bhean.



"Tá," adubhairt Tadhg.



"B'fhearra dhuit imtheacht a bhaile agus sinne
fhágaint annso," ar sise.



"Im briathar acht ná déanfadh," arsa
Tadhg; "imthighidh-se, má's maith libh é, acht
fanfad-sa annso.



"Tabharfaidh mé dhuit a bhféadfair do
bhreith leat d'ór acht imtheacht," ar sise.



"Ní dhéanfad," arsa Tadhg, "mar chreach-
fainn an uair sin sibh. Acht béarfaidh mé
liom a bhféadfaidh an buachaill seo annseo
do bhreith leis tamall de'n tlsighe chúgham."



"Sásta leis," ar sise.



D'imthigh an bheirt ar maidin agus mála mór
óir ar muin an athaigh, agus níor stadadar gur
shroiseadar Droichidín Bhéal Átha Fionáin.



"Leog annsoin ar an gclaidhe anois é, agus
béarfadh féin an chuid eile dhe'n tslighe"
arsa Tadhg.



Do leog sé agus chas sé a bhaile chómh tapaidh
's d'fhéad sé é. Ghlaoidh Tadhg ar a mháthair
agus thug an bheirt mí dhá tharrach isteach.
Bhíodar chómh saidhbhir sin annsoin gur
chumhang leó Baile Mhúirne chum maireacht-
aint i n-éan-chor. D'imthigheadar go páirt
éigin eile de'n domhan agus ní bhfuaras-sa
aon tuairisc ortha riamh ó shoin.



MARBHNA



Mac Cába cct ar bhás Toirdhealbhaigh Uí
Chearbhalláin.



Rinneas smuainte do mheasas nár chúis náire
A's m'intinn suaidhte ó chailleas mo chúl-báire
Ní'l pian níl peannaid níl gol níos trom chráidhte
Ná éag na gcarad nó sgaradh na gcompánach:



Míle agus seacht gcéad bliadhain bhán
Ocht déag agus fiche - an t-iomlán
Ó theacht Chríost dár saoradh slán
Go bás Thoirdheallaigh Uí Chearbhalláin.



S. Ua L.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services