Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Clodhanna Nua. FOCLÓIR GAEDHILGE AGUS BÉARLA. Trí leath-choróineacha a fhiacha. Go dtí so b'é gnáth-ghearán daoine áirithe, "ach! cad é an mhaitheas dúinn a bheith ag iarraidh an Ghaedhilg d'fhoghluim ná a mhúineadh. Ní'l éan-fhoclóir a b'fhiú trapstic a fhagháil againn." Gan amhrus ní maith le duine tamall aimsire a chaitheamh ar lorg míniúghadh fhocail agus tar éis do b'éidir leath-dhosaon leabhar a chuardach gan é d'fhagháil. Ní hiongnadh go mbeadh mí-shástacht is neamh-fhoidhne ar a leithéid. Tá an cheist sin socair againn anois, nó mara bhfuil táimíd comhgarach dho. Ar a Áthair Pádraig is ar Chumann na dTéacs bíodh a bhuidheachus. Tá obair mhór, obair thairbhtheach, obair náisiúnta déanta aca. Níor cuidigheadh leó i leith airgid fé mar badh cheart is dóigh linne. Acht níor stadadar ná níor staonadar san deagh-obair, agus nú nar dheineadar is móide is ceart dúinn a bheith buidheach dhíobh dá bharr. Ní gábhadh an iomad a rádh annso i dtaobh an leabhair, acht go mbéidh sé mar ughdarás againn chun ceisteanna a réidhteach ar feadh mórán bliadhan. Ní fuláir no tá an leabhar cheana féin i seilbh urmhór de léightheóiríbh an IRISLEABHAIR. Mara bhfuil is í ár gcomhairle dhóibh é cheannach láithreach buill. Déan- faidh sé áis dóibh n-a gcuid léightheóireacht is n-a gcuid scríbhneóireacht. Admhuigheann an tAthair Pádraig go mb'éigin dó ana-chuid focal d'fhágaint ar lár d'easbhaidh slighe. Is é is mó a chuireann iongnadh orainn a liacht focal agus cuir dheasa chainnte atá ann agus a laighead atá ar lár. Ní'l éan-mhearathal orainn ná go bhfuil gach éan-fhocal geall leis dá bhfuil coitcheanta i mbéal na ndaoine san leabhar. Líonfar na beáirníní ar an darna cur amach. Go deimhin, tuilleann an tAthair Pádraig is a lucht conganta agus Cumann na dTéacs buidheachus Chlanna Gaedheal mar gheall ar a mór-shaothar. Tais-
peánaimís ar mbuidheachas dóibh san tslighe is fearr leó .i. an leabhar a cheannach. -- FÁILTE. A leabhair na séad mo chéad geal-fháilte romhat; Do b'fhada Sliocht Gaedheal it éaghmuis fá dhubhrón I n-aindeise géir i méala i bprádhainn 's i ngleó, Gan aitheasc a mbéal fé réir i mbláth-foclóir. Cá bhfuil sibh 'Éigse Éireann áilne is dóigh. Ná faicim bhur ndréachta ag téacht i bpár ná i gclódh? Ar stadadh d'bhur n-éifeacht thréin, nó ar thráigh bhur n-eól? Faire, badh chlaon sibh, d'éis a ndeárna an leóghan! Spreagathar caomh-chruit, déintar ádhbhacht cheóil Ó Fhanaid na laoch go cé Uíbh Ráthaigh mhóir: Bíodh atal 'n-aghaidh'n lae dir Éigse Chláir ghil Eoghain, Mun bhfaraire glé do shaothruigh áis don tslógh. 'S mo dhafhichid de bhéithibh taobh-nocht tláth-fhuilt óir Do raidim le héin-tsearc cléibh de bharr mo mheór Go dtagaid san réim fé scéith an tsáir-fhir shóghmhail An tAthair geal léigeanta Gaedhlach Pádraig óighe. -- A HANDBOOK OF MODERN IRISH (Part II.) Sid é an darna cuid de Ceachtanna Gaedhilge an Dochtúra Mac Énrí. Bhíodar ar feadh i bhfad ag teacht amach san "gClaidheamh Soluis." Beidh an leabhar so ana-adhsáideach do sna daoinibh atá ag ullmhughadh i gcóir scrúdughadh san nGaedhilg agus ná fuil uain aca dul tré leabhraibh Uí Ghramhnaigh. Tá breis de mhalairt ráiteachais ionnta is dóigh linne, agus is baoghlach ná déanfaidh acht mearathal a chur ar daoinibh óga a bheidh ag iarraidh an Ghaedhilg a phiocadh suas i bhfochair mórán teangtha is rudaí eile. An Cló-Chumann a chuir i gcló é, agus ní holc a dheineadh soin. UDHACHT AN STIOCAIRE. Maille le Foclóir. Seaghán P. Mac Énrí, D.L. (J. P. Henry; M.D.) do scríobh. Ar n-a chur amach don Chló-Chumann i mBaile Átha Cliath. Dhá phinginn an luach. Is cuimhin le léightheóiribh an IRISLEABHAIR an scéilín seo bheith i gcló ann tamall ó shoin. Níor mór linn ón nDochtúir an méid sin a chur i n-umhail i bpáirt éigin den leabhairín. Tá sé ró-dhaor ar leath-thuistiún. -- BOLG AN tSOLÁTHAIR. Cnuasach sean-rócán "Finghín na Leamhna" do bhailigh. Ar n-a chur i gcló do Chonnradh na Gaedhilge, i mBaile Áta Cliath. 1904. Dhá phinginn a fhiacha. Sid é, an ceathramhadh leabhar déag de sna "Leabhair- íní le haghaidh an tSluaigh" atá dhá dtabhairt amach ag an gConnradh. Isé is mó is truagh linn ná fuil céad éigin dá samhail againn. Cad a dhéin "Finghín na Leamhna"? Chuaidh sé i measc na ndaoine. Bhailigh sé uatha amhráin is drachtíní de gach saghas. Tá cuid díobh churtha le chéile aige san leabhairín seo aige. Tá giotaí ó sna daoinibh féin ins an leabhar so. Sin é, an saghas leabhair go mbeidh ceannach air i measc na ndaoine. Is éagsamhail na hearraidhe atá i mBolg Soláthair Fhingín. Tá "rócáin" bheaga gearra mar "Raithineach a Bhean Bheag" ann, agus faid seachtmhaine de "dhán," mar "Táim i n-Arrears." Gheobhthar luach leath-thuistiúin de ghreann ann gan amhrus. Molamís Finghín is a Bholg Soláthair agus beam ag súil ceann eile dá shaghas uaidh. -- ZWEI VERSIONEN DER MITTELIRISCHEN LEGENDE VON SNEDGUS UND MAC RIAGLA. Herausgegeben vom gegenwärtigen Prorector Dr. Rudolf Thurneysen. Halle a. S.: Druck von Ehrhardt Karras. 1904. Leabhrán ó lámh Rudolf Thurneysen is eadh é seo. Scoláire mór Sean-Ghaedhilge i bhFreiburg san nGearmáin is eadh Thurneysen. Is é rud atá annso i n-eagar aige ná dhá leagan ar an sean-scéal úd "Iomrámh Shneadhghusa is Mic Riaghla"; aistriughadh i nGearmáinis ortha araon; agus roinnt de nótaíbh staire is ghraiméir. Filidheacht seadh an chéad leagan, agus is maith linn gur thug Thurneysen fé na fadh- banna atá ann a scaoileadh dhúinn. Prós seadh an tarna ceann. Sid é an ceann d'aistrigh an tAthair Eoghán Ó Gramhnaigh — beannacht Dé len anam — go Gaedhilg nua. Fuair seisean san Revue Celtique é. -- Fuaireamar cóip den "Irish Rosary" i gcóir an mhí seo ghaibh tharainn. Tá roinnt rudaí maithe ann, acht sí gnáth-aiste an Athar Peadar Ó Laoghaire an giota is fearr ann, nídh nach iongnadh. CÁRTAÍ POSTA GAEDHEALACHA! Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bainistighe go dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach Uí Chonaill, Áth Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services