Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 679


Clodhanna
Nua.



FOCLÓIR GAEDHILGE AGUS BÉARLA.
Trí leath-choróineacha a fhiacha.



Go dtí so b'é gnáth-ghearán daoine áirithe, "ach!
cad é an mhaitheas dúinn a bheith ag iarraidh an
Ghaedhilg d'fhoghluim ná a mhúineadh. Ní'l éan-fhoclóir
a b'fhiú trapstic a fhagháil againn." Gan amhrus ní
maith le duine tamall aimsire a chaitheamh ar lorg
míniúghadh fhocail agus tar éis do b'éidir leath-dhosaon
leabhar a chuardach gan é d'fhagháil. Ní hiongnadh go
mbeadh mí-shástacht is neamh-fhoidhne ar a leithéid.



Tá an cheist sin socair againn anois, nó mara
bhfuil táimíd comhgarach dho. Ar a Áthair Pádraig
is ar Chumann na dTéacs bíodh a bhuidheachus. Tá
obair mhór, obair thairbhtheach, obair náisiúnta déanta
aca. Níor cuidigheadh leó i leith airgid fé mar badh
cheart is dóigh linne. Acht níor stadadar ná níor
staonadar san deagh-obair, agus nú nar dheineadar
is móide is ceart dúinn a bheith buidheach dhíobh dá
bharr.



Ní gábhadh an iomad a rádh annso i dtaobh an
leabhair, acht go mbéidh sé mar ughdarás againn chun
ceisteanna a réidhteach ar feadh mórán bliadhan. Ní
fuláir no tá an leabhar cheana féin i seilbh urmhór de
léightheóiríbh an IRISLEABHAIR. Mara bhfuil is í ár
gcomhairle dhóibh é cheannach láithreach buill. Déan-
faidh sé áis dóibh n-a gcuid léightheóireacht is n-a
gcuid scríbhneóireacht.



Admhuigheann an tAthair Pádraig go mb'éigin dó
ana-chuid focal d'fhágaint ar lár d'easbhaidh slighe.
Is é is mó a chuireann iongnadh orainn a liacht focal
agus cuir dheasa chainnte atá ann agus a laighead atá ar
lár. Ní'l éan-mhearathal orainn ná go bhfuil gach
éan-fhocal geall leis dá bhfuil coitcheanta i mbéal
na ndaoine san leabhar. Líonfar na beáirníní ar an
darna cur amach.



Go deimhin, tuilleann an tAthair Pádraig is a lucht
conganta agus Cumann na dTéacs buidheachus
Chlanna Gaedheal mar gheall ar a mór-shaothar. Tais-


L. 680


peánaimís ar mbuidheachas dóibh san tslighe is fearr
leó .i. an leabhar a cheannach.



--



FÁILTE.



A leabhair na séad mo chéad geal-fháilte romhat;
Do b'fhada Sliocht Gaedheal it éaghmuis fá dhubhrón
I n-aindeise géir i méala i bprádhainn 's i ngleó,
Gan aitheasc a mbéal fé réir i mbláth-foclóir.



Cá bhfuil sibh 'Éigse Éireann áilne is dóigh.
Ná faicim bhur ndréachta ag téacht i bpár ná i gclódh?
Ar stadadh d'bhur n-éifeacht thréin, nó ar thráigh bhur
n-eól?
Faire, badh chlaon sibh, d'éis a ndeárna an leóghan!



Spreagathar caomh-chruit, déintar ádhbhacht cheóil
Ó Fhanaid na laoch go cé Uíbh Ráthaigh mhóir:
Bíodh atal 'n-aghaidh'n lae dir Éigse Chláir ghil Eoghain,
Mun bhfaraire glé do shaothruigh áis don tslógh.



'S mo dhafhichid de bhéithibh taobh-nocht tláth-fhuilt óir
Do raidim le héin-tsearc cléibh de bharr mo mheór
Go dtagaid san réim fé scéith an tsáir-fhir shóghmhail
An tAthair geal léigeanta Gaedhlach Pádraig óighe.

--



A HANDBOOK OF MODERN IRISH (Part II.)



Sid é an darna cuid de Ceachtanna Gaedhilge an
Dochtúra Mac Énrí. Bhíodar ar feadh i bhfad ag
teacht amach san "gClaidheamh Soluis." Beidh an
leabhar so ana-adhsáideach do sna daoinibh atá ag
ullmhughadh i gcóir scrúdughadh san nGaedhilg agus ná
fuil uain aca dul tré leabhraibh Uí Ghramhnaigh. Tá
breis de mhalairt ráiteachais ionnta is dóigh linne, agus
is baoghlach ná déanfaidh acht mearathal a chur ar
daoinibh óga a bheidh ag iarraidh an Ghaedhilg a phiocadh
suas i bhfochair mórán teangtha is rudaí eile. An
Cló-Chumann a chuir i gcló é, agus ní holc a dheineadh
soin.



UDHACHT AN STIOCAIRE. Maille le Foclóir.



Seaghán P. Mac Énrí, D.L. (J. P. Henry; M.D.)
do scríobh. Ar n-a chur amach don Chló-Chumann i
mBaile Átha Cliath. Dhá phinginn an luach.



Is cuimhin le léightheóiribh an IRISLEABHAIR an
scéilín seo bheith i gcló ann tamall ó shoin. Níor
mór linn ón nDochtúir an méid sin a chur i n-umhail
i bpáirt éigin den leabhairín. Tá sé ró-dhaor ar
leath-thuistiún.



--



BOLG AN tSOLÁTHAIR. Cnuasach sean-rócán
"Finghín na Leamhna" do bhailigh. Ar n-a chur i
gcló do Chonnradh na Gaedhilge, i mBaile Áta
Cliath. 1904. Dhá phinginn a fhiacha.



Sid é, an ceathramhadh leabhar déag de sna "Leabhair-
íní le haghaidh an tSluaigh" atá dhá dtabhairt amach
ag an gConnradh. Isé is mó is truagh linn ná fuil
céad éigin dá samhail againn. Cad a dhéin "Finghín
na Leamhna"? Chuaidh sé i measc na ndaoine.
Bhailigh sé uatha amhráin is drachtíní de gach saghas.
Tá cuid díobh churtha le chéile aige san leabhairín seo
aige. Tá giotaí ó sna daoinibh féin ins an leabhar
so. Sin é, an saghas leabhair go mbeidh ceannach air i
measc na ndaoine. Is éagsamhail na hearraidhe atá
i mBolg Soláthair Fhingín. Tá "rócáin" bheaga
gearra mar "Raithineach a Bhean Bheag" ann, agus
faid seachtmhaine de "dhán," mar "Táim i n-Arrears."
Gheobhthar luach leath-thuistiúin de ghreann ann gan
amhrus. Molamís Finghín is a Bholg Soláthair agus
beam ag súil ceann eile dá shaghas uaidh.



--



ZWEI VERSIONEN DER MITTELIRISCHEN
LEGENDE VON SNEDGUS UND MAC
RIAGLA. Herausgegeben vom gegenwärtigen
Prorector Dr. Rudolf Thurneysen. Halle a. S.:
Druck von Ehrhardt Karras. 1904.



Leabhrán ó lámh Rudolf Thurneysen is eadh é seo.
Scoláire mór Sean-Ghaedhilge i bhFreiburg san
nGearmáin is eadh Thurneysen. Is é rud atá annso
i n-eagar aige ná dhá leagan ar an sean-scéal úd
"Iomrámh Shneadhghusa is Mic Riaghla"; aistriughadh i
nGearmáinis ortha araon; agus roinnt de nótaíbh
staire is ghraiméir. Filidheacht seadh an chéad leagan,
agus is maith linn gur thug Thurneysen fé na fadh-
banna atá ann a scaoileadh dhúinn. Prós seadh an
tarna ceann. Sid é an ceann d'aistrigh an tAthair
Eoghán Ó Gramhnaigh — beannacht Dé len anam — go
Gaedhilg nua. Fuair seisean san Revue Celtique é.



--



Fuaireamar cóip den "Irish Rosary" i gcóir an
mhí seo ghaibh tharainn. Tá roinnt rudaí maithe ann,
acht sí gnáth-aiste an Athar Peadar Ó Laoghaire an
giota is fearr ann, nídh nach iongnadh.



CÁRTAÍ POSTA GAEDHEALACHA!



Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí
an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Bainistighe go
dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach
Uí Chonaill, Áth Cliath.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services