Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Fáistine Mhic Amhlaoibh.
Title
Fáistine Mhic Amhlaoibh.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Fáistine Mhic Amhlaoibh D'iarr roinnt léightheóiríbh orainn an Fháistine seo d'ath-chur i gcló. Fear mór feasa b'eadh Mac Amhlaoibh; sin í an cháil a bhí air le n-a linn féin ar éan-chuma. Is baoghlach liom, ámh, gur beag a bhí ar a chumas d'innsint roimh ré. Bhí an teanga go líomhtha aige agus cainnt ar tarrac ar a thoil aige. Do b'éidir leis snas agus casadh a chur ar fhocail ar chuma gur mheas daoine bochta simplidhe gur ag tairngir- eacht a bhíodh sé. Níor bh'eadh amh, acht ag taidhbhreamh. Is follus é sin as an "dtairngireacht" seo thíos. Ní thagann an dán go léir do dhálaibh na hÉireann éan- uair, acht anois is arís b'éidir go bhfuighfidhe giotaí ann a thiocfadh oireamhnach go leór dhi. Sompla maith ar an saghas so litridh- eacht seadh é, acht tá a fhios ag fiadh ná fuil oiread na frighde de bhunadhas aige. Ní'l ann acht giota rúnda, do dheinadh d'éan- ghnó chun daoine a mhealladh. Ní fuláir nó fear mór cáinte is tairngireachta b'eadh an Mac Amhlaoibh so. Is cuimhin liom féin tuilleadh rudaí dhen tsórd so a fheicsint uaidh. B'éidir go gcuirfinn cuid aca i gcló uair éigin san IRISLEABhAR. I nDúithche Ealla seadh chaith an fear so a shaoghal. Bhí sé féin agus cuid dá dtáinig roimhe is n-a dhiaidh tugaithe dhon tsaghas so filidheacht. Lucht cáinte b'eadh iad do réir dheallraimh. Tá "Aonta Mhic Amhlaoibh" coitcheanta ins na láimhscríbhinne. Sid é an iarracht go léir fé mar atá sé i leabhar Shéamuis Uí Chasaide. Gheobhthar na hAonta fé bhun na Fáistine. Chuireas isteach an naomhadh haon uaim féin mar ní bhfaghaim san leabhar é. -- Beidh ráib is biolar i n-ionad na mónadán Ón Ráth go Sionainn 's go Doire na seólta tráth; Beidh fás na coille ag tuitim 's ag feódh de ghnáth; Beidh fáscadh ar uisce agus muilte go leór n-a ghábhadh. Beidh an Franncach gan amhrus in Éirinn seal, Is ramhar-aicme gallda dhá dtraochadh ar fad; Beidh seann-deachmhadh ag seann-shagairt aosta i bhfad, 's seann-laidean gan amhrus is Gaedhilg phras. Beidh scéalta dhá n-éisteacht 's dá luadh go fuin, 'S na céadtha shliocht Éibhir dhá ruagadh thar muir; Beidh sléibhte dhá ráidhteach is buaic na gcnoc, Ag baothlaigh ar saothar fé thuairim stuic. Tuitfidh géar-thuile ó shléibhte do bháithfidh dreach; Beidh méath-mhuca daor agus tál n-a lacht; Beidh éigse gan dréachta, is lucht dánta seasc; Is beidh Gaedhlaibh n-a dhéidh-san go bráth go maith. Is fear le saobh-nós bhréagnóghadh focalaibh laoidhe, Is déanfar éagcóir a théarnóghaidh osna as mo chroidhe; Beidh fuil n-a séideóig ag teacht fós as corpaibh n-a líon; Is fut fat féasóg éalóghaidh bodaigh an fhill. Beidh captín ag fastuím i gCloich Méine; Beidh captín i gcathaoir an Phuirséalaigh; Beidh captín ar hallaí Sir Éadbhard, 'S beidh captín gan failighe im mhoinfhéar-sa. NA hAONTA. A haon Loch Léin gan daingean ar bith; An dara haon gan tréine i nGearaltachaibh; An trímhadh haon gan géilleadh i gCallainn dá sliocht; 'S an ceathramhadh haon beidh Éire ag Sasanachaibh; An chúigmhadh haon badh claon is badh cleasach a gcuir; An séamhadh haon is baoghal don eaglais soin; An seachtmhadh haon beidh tréil ag Gallaibh ar muir; An t-ochtmadh haon beidh Gaedhil ag seasamh an chnuic; 'S an naomhadh haon, mo léan, cia mhairfidh annsoin. FÁISTINE EILE. Tiocfaidh na liatha luatha, Tiocfaidh buaidheartha agus cathadh, Tiocfaidh eaglais gan creideamh, Is tiocfaidh mná óga gan náire. Tiocfaidh ré bhriste, ré thime, Ré bhruighne agus shiosma: Ólfaidh an fiac dubh go Solán Deoch fola as gach bulán. Gluais. Muilte, iol. ar "muileann." Seann-deachmhadh, seann = sean, go fuin = go deireadh. Shliocht Éibhir
.i. de shliocht Éibhir. Baothlaigh .i. breallsúin gan tuigsint. Dreach .i. gnúis. Dréacht .i. amhráin. Breagnoghadh .i. do mheallfadh. Théarnóghaidh .i. do thairngeóidh, éalógaidh. Séideóg .i. sruth láidir. "Fut fat féasóg" .i. na focail adeir an fáthach san scéal, "presto." Cloch Méine agus Callainn, daingin a bhíodh i seilbh na nGearaltach. Is follus as na hAonta féin gur i n-aimsir cogaidh na nGear- altach i gcoinnibh na Banríoghna Eilís do ceapadh iad. Tréil .i. triail, iarracht. Ag seasamh an chnuic .i. ag déanamh cogaidh. Liatha luatha .i liathfar ar dhaoinibh roimh an am ceart. Gan náire .i. gan bhanamhlacht. Ré .i. aimsir. Time .i. eagla. Siosma, cogadh, diospóireacht. An Solán .i. Abha Bhaile Bhúirne. F. an I. Is ait an nídh chím 's is clamparach é‚ An fear do bhí líonta dhe ghreann indé Ar ghad ag mnaoi chríona i ngeall le spré 'S nach feas nach í shínfadh a cheann san gcré. * * * Ní háil liom cailleach mar mhnaoi, Máthair chúig searrach nó sé. Ní háil liom í gan áirnéis, Ní háil liom é agus áirnéis léi. * * * Ní faide mo dheoch 'ná deoch chách Cad fáth ná déanfaidhe cothrom Oiread liom ar an bhfear thall Is oiread leis an bhfear thall orom. * * * Is mairg a lagann a lámha Ní misde a rádh uaim-se Nuair a lagann na lámha Lagann an grádh an uair sin. * * * Smaoinidh éirigh féach gur fada do shuan Críoch do shaoghail mar spré gan lasair gan luas San oidhche ar dtraost duit éimhigh ar t'Athair go cruaidh 'S gur bíodhbhaidhe baoghail an t-éag an leabaidh 's an uaigh. * * * Bean ghránda is gan í suairc A pósadh badh chruaidh an chéim; A Dhia, cad fáth go bpósfadh fear Acht an bhean badh mhaith leis féin?
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services