Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Fáistine Mhic Amhlaoibh.

Title
Fáistine Mhic Amhlaoibh.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 678


Fáistine Mhic Amhlaoibh

D'iarr roinnt léightheóiríbh orainn an
Fháistine seo d'ath-chur i gcló. Fear mór
feasa b'eadh Mac Amhlaoibh; sin í an cháil
a bhí air le n-a linn féin ar éan-chuma. Is
baoghlach liom, ámh, gur beag a bhí ar a
chumas d'innsint roimh ré. Bhí an teanga
go líomhtha aige agus cainnt ar tarrac ar
a thoil aige. Do b'éidir leis snas agus
casadh a chur ar fhocail ar chuma gur mheas
daoine bochta simplidhe gur ag tairngir-
eacht a bhíodh sé. Níor bh'eadh amh, acht
ag taidhbhreamh. Is follus é sin as an
"dtairngireacht" seo thíos. Ní thagann an
dán go léir do dhálaibh na hÉireann éan-
uair, acht anois is arís b'éidir go bhfuighfidhe
giotaí ann a thiocfadh oireamhnach go leór
dhi. Sompla maith ar an saghas so litridh-
eacht seadh é, acht tá a fhios ag fiadh ná fuil
oiread na frighde de bhunadhas aige. Ní'l
ann acht giota rúnda, do dheinadh d'éan-
ghnó chun daoine a mhealladh.



Ní fuláir nó fear mór cáinte is
tairngireachta b'eadh an Mac Amhlaoibh so.
Is cuimhin liom féin tuilleadh rudaí dhen
tsórd so a fheicsint uaidh. B'éidir go
gcuirfinn cuid aca i gcló uair éigin san
IRISLEABhAR.



I nDúithche Ealla seadh chaith an fear so a
shaoghal. Bhí sé féin agus cuid dá dtáinig
roimhe is n-a dhiaidh tugaithe dhon tsaghas so
filidheacht. Lucht cáinte b'eadh iad do
réir dheallraimh.



Tá "Aonta Mhic Amhlaoibh" coitcheanta
ins na láimhscríbhinne. Sid é an iarracht
go léir fé mar atá sé i leabhar Shéamuis
Uí Chasaide. Gheobhthar na hAonta fé bhun
na Fáistine. Chuireas isteach an naomhadh
haon uaim féin mar ní bhfaghaim san
leabhar é.



--



Beidh ráib is biolar i n-ionad na mónadán
Ón Ráth go Sionainn 's go Doire na seólta tráth;
Beidh fás na coille ag tuitim 's ag feódh de ghnáth;
Beidh fáscadh ar uisce agus muilte go leór n-a
ghábhadh.



Beidh an Franncach gan amhrus in Éirinn seal,
Is ramhar-aicme gallda dhá dtraochadh ar fad;
Beidh seann-deachmhadh ag seann-shagairt aosta i bhfad,
's seann-laidean gan amhrus is Gaedhilg phras.



Beidh scéalta dhá n-éisteacht 's dá luadh go fuin,
'S na céadtha shliocht Éibhir dhá ruagadh thar muir;
Beidh sléibhte dhá ráidhteach is buaic na gcnoc,
Ag baothlaigh ar saothar fé thuairim stuic.



Tuitfidh géar-thuile ó shléibhte do bháithfidh dreach;
Beidh méath-mhuca daor agus tál n-a lacht;
Beidh éigse gan dréachta, is lucht dánta seasc;
Is beidh Gaedhlaibh n-a dhéidh-san go bráth go maith.



Is fear le saobh-nós bhréagnóghadh focalaibh laoidhe,
Is déanfar éagcóir a théarnóghaidh osna as mo chroidhe;
Beidh fuil n-a séideóig ag teacht fós as corpaibh n-a
líon;
Is fut fat féasóg éalóghaidh bodaigh an fhill.



Beidh captín ag fastuím i gCloich Méine;
Beidh captín i gcathaoir an Phuirséalaigh;
Beidh captín ar hallaí Sir Éadbhard,
'S beidh captín gan failighe im mhoinfhéar-sa.



NA hAONTA.



A haon Loch Léin gan daingean ar bith;
An dara haon gan tréine i nGearaltachaibh;
An trímhadh haon gan géilleadh i gCallainn dá
sliocht;
'S an ceathramhadh haon beidh Éire ag Sasanachaibh;
An chúigmhadh haon badh claon is badh cleasach a gcuir;
An séamhadh haon is baoghal don eaglais soin;
An seachtmhadh haon beidh tréil ag Gallaibh ar muir;
An t-ochtmadh haon beidh Gaedhil ag seasamh an chnuic;
'S an naomhadh haon, mo léan, cia mhairfidh annsoin.



FÁISTINE EILE.



Tiocfaidh na liatha luatha,
Tiocfaidh buaidheartha agus cathadh,
Tiocfaidh eaglais gan creideamh,
Is tiocfaidh mná óga gan náire.



Tiocfaidh ré bhriste, ré thime,
Ré bhruighne agus shiosma:
Ólfaidh an fiac dubh go Solán
Deoch fola as gach bulán.



Gluais.



Muilte, iol. ar "muileann." Seann-deachmhadh,
seann = sean, go fuin = go deireadh. Shliocht Éibhir


L. 679


.i. de shliocht Éibhir. Baothlaigh .i. breallsúin gan
tuigsint. Dreach .i. gnúis. Dréacht .i. amhráin.
Breagnoghadh .i. do mheallfadh. Théarnóghaidh .i. do
thairngeóidh, éalógaidh. Séideóg .i. sruth láidir.
"Fut fat féasóg" .i. na focail adeir an fáthach san
scéal, "presto." Cloch Méine agus Callainn,
daingin a bhíodh i seilbh na nGearaltach. Is follus
as na hAonta féin gur i n-aimsir cogaidh na nGear-
altach i gcoinnibh na Banríoghna Eilís do ceapadh iad.
Tréil .i. triail, iarracht. Ag seasamh an chnuic .i. ag
déanamh cogaidh. Liatha luatha .i liathfar ar dhaoinibh
roimh an am ceart. Gan náire .i. gan bhanamhlacht.
Ré .i. aimsir. Time .i. eagla. Siosma, cogadh,
diospóireacht. An Solán .i. Abha Bhaile Bhúirne.



F. an I.

Is ait an nídh chím 's is clamparach é‚
An fear do bhí líonta dhe ghreann indé
Ar ghad ag mnaoi chríona i ngeall le spré
'S nach feas nach í shínfadh a cheann san gcré.



* * *



Ní háil liom cailleach mar mhnaoi,
Máthair chúig searrach nó sé.
Ní háil liom í gan áirnéis,
Ní háil liom é agus áirnéis léi.



* * *



Ní faide mo dheoch 'ná deoch chách
Cad fáth ná déanfaidhe cothrom
Oiread liom ar an bhfear thall
Is oiread leis an bhfear thall orom.



* * *



Is mairg a lagann a lámha
Ní misde a rádh uaim-se
Nuair a lagann na lámha
Lagann an grádh an uair sin.



* * *



Smaoinidh éirigh féach gur fada do shuan
Críoch do shaoghail mar spré gan lasair gan luas
San oidhche ar dtraost duit éimhigh ar t'Athair go
cruaidh
'S gur bíodhbhaidhe baoghail an t-éag an leabaidh 's an
uaigh.



* * *



Bean ghránda is gan í suairc
A pósadh badh chruaidh an chéim;
A Dhia, cad fáth go bpósfadh fear
Acht an bhean badh mhaith leis féin?

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services