Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Dúiseacht - Óráid a thug Tomás Ua Coinceannain uaidh os comhair an Oireachtais
Title
An Dúiseacht - Óráid a thug Tomás Ua Coinceannain uaidh os comhair an Oireachtais
Author(s)
Ua Coinceannain, Tomás,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
An Dúiseacht Óráid a thug Tomás Ua Coinceannain uaidh os comhair an Oireachtais. A Thighearna ró-urramach agus a cháirde go leir. Chualamar ar fad trácht ar roith na glincígheachta agus ar roithídhibh an t-saoghail mar an gcéadna. Ó 'n lá dubh, dubhrónach sin, le fealtaidheacht Diarmada Mic Mhurchadha agus teacht Strongbow go h-Éirinn, bhí roithídhe na tíre seo ag dul tuathail, acht míle moladh agus bhuidheachas do'n Athair Siorruidhe, tá siad ag iompughadh deiseal anois agus congbhóchar mar sin iad go lá an bhrátha ó cuireadh Connradh na Gaedhilge ar bun (bualadh bos).
Tá Éireannaigh a' fosgailt na súile bhí dúnta le fada, agus go deimhin agus go dearbhtha is duine dall gan léirgeas, duine gan mórán céille ná éirim na cheann, nach bhfeiceann ins an gcruinniughadh mór, millteach seo, faoi uachdaránacht an Cháirdinéil, Príomh-Fhlaith na h-Eaglaise Catoilicighe i nÉirinn. Is duine dall gan léirgeas a deirim, nach ndéarfaidh leis féin go bhfuilmíd dúisighthe ó'n gcodladh agus ó'n trom-shuan sin bhí orrainn le bliadhantaibh móra fada, go bhfuil slabharaidhe na sglabhuigheachta tá ceangailt na tíre seo le beag nách míle bliadhain ar thobar bheith briste agus stroicithe agus reubtha ó chéile (greadadh bos). Taisbeánann an cruinniughadh seo do'n domhan mór ar fad go bhfuilmíd a' teacht ó'n mbealach cam go dtí an bóthar díreach lámh le láimh agus gualann le gualainn le n-ár sean teanga mhín, mhilis, mheasamhail, ár dteanga, treun, trialtach, teanga Naomh Pádraic, Bríghde agus Columcille thabhairt ar ais arís i mbeul na ndaoine - mar bhí sí ins na h-aimsire sona chuaidh thart (bualadh bos). Ba chóir do gach uile duine againn chuimhniughadh ar an rádh "an aondacht tá buaidh i sgaradh mí-ádh." Ní'l duine ar bith bhfuil splanc ceill 'n cheann nach dtuigfidh sé go maith gur b'í seo an fhírinne ghlan. Daoine ar bith chuideóchas le n-a chéile, ó nádúr caithfidh siad an ceann is fearr fhágháil. Tá sé sin chomh follasach leis an t-srón ar ár n-eudan; bhí sé amhlaidh ariamh agus béidh chomh fada agus bhéidheas uisge ag ruith agus feur ag fás. Má bhí muintir na hÉireann neamh-chásmhar i gcúis na teangan ins an aimsir atá thart, míle moladh agus glóire go Dhia, chonnacadar go raibh siad a' dul amúgha go ndeachadar ró fhada air an mbealach cam agus go bhfuil sé i n-am úntughadh ar ais. Ó an am thosaigheamar a' cailleamhaint ár dteanga agus ag aithris ar na Sasannaibh, bhíomar ag tabhairt deise chosanta do'n námhaid 'nár n-aghaidh féin, acht tá an brat dorcha sin tógtha ó n-ár súilibh anois, támuid dhá fhághail féin i gcóir, ag cur deise troda orrainn féin agus ní stadfamuid anois go mbéidh an báire againn. (Mór-ghreadadh bos). Chomh fada siar agus innseann an seanachas dúinn feicimíd go raibh cúis na teanga 'na príomh-chúis ins gach tír agus ríoghacht 'san domhan. Agus dar ndóigh ní iongantas ar bith é sin, mar 'sé Dia gheall teanga do gach uile thír, agus is ins an teanga sin, ó nádúr, atá seanachas agus moladh, agus glóir, clú agus cáil na tíre sgríobhtha agus an dá luath agus caillfear an teanga, tá an tír féin caillte, ní fhuil aon mhaith, gá sheunadh. Faraoir tá cuid mhór againn a chaitheann an chuid is mó d'á n-am agus d'á n-aimsir ag caoineadh agus ag osnaoil faoi an am a chuaidh tharrainng agus nach dtiuc- faidh arís go deo - ag caoineadh i ndiaidh an bhainne dorta, i leabaidh dhóibh a súile a thriomúghadh, misneach a thógáil - mar níor chaill fear an mhisnigh ariamh é. Is minic chualadh mé daoine de'n tsórt seo a rádh go mba mhór an truaigh gur leig muintir na h-Éireann an teanga ar feódh, ag leigean dí ealughadh uainn, agus nach ndíbreóchadh a bhfuil de dlighe ná a bhfuil de gheur- leanamhain ar thalamh na cruinne an teanga as beul na ndaoine, dá mbéidheadh an spiorad cheart ionann. Tá fios ag gach uile dhuine ar sin. Dá n-innseócha- daís rud éigin dúinn nach bhfuil fios againn air bhéidhmís buidheach dhíobh. Ní'l aon mhaith ag gearán nuair bhéidheas an anachain déanta ní féidir é leigheas le deora súl, dá bhféad- faidhe, bhéidheadh Éire faoi mheas agus faoi chlú fad ó. 'Sé an chaoi cheart le na leigheas an caoineadh agus an buaireadh agus an osnaoil síorruidhe seo a chaith i n-áirde ár gcótaidhe do chaitheamh dhínn, ár ngualaidhe do chur leis an roith (roith Chonnartha na Gaedhilge) agus a conghbháil a dul timcheall. Deirtear go ndeunann ocras cladhaire do'n saighdiúr is misneamhla a rugadh ariamh agus deirtear mar an gcéadna go ndeunann faisiún sglábhaidhe de dhaoinibh. Anois a cháirde, bhí an dá nídh seo i n-aghaidh an teanga agus sul a thosuigheamar a casaoid ar na daoinibh ba chóir cuimhniughadh i dtosach gur thug lucht léighinn agus fóghluma na tíre an sompla dhóibh. 'Sí Feis na Sasann (ní dlighe ná geur-leanamhain) a mharbh an Ghaedhilge. Thosaigh na Feisirí, ó aimsir Dhomhnaill Uí Chonnaill, dul thríd síos agus thríd suas na tíre a labhairt linn - ní i n-ár d-teanga féin - acht ins an mBéarla gallda. Tá sé anois os cionn trí fichid bliadhain ó cuireadh na sgoilte seo a nglaoidhtear sgoilte náirúnta orra ar bun. Ní'l focal de theanga ná seanachas na tíre d'á múnadh ionnta, agus ní cóir dúinn iongantas ar bith dhéanadh dhe gur cháillimíd meas agus grádh ar ár dteanga agus ar na beusa Gaodhalacha. Cuireadh iad seo ar bun le Sasannaigh do dhéanadh dhúinne agus faraoir chráidhte, rinneadar go lán againn é. Caithfimíd é seo athrughadh agus ní'l dhá luaidh nach amhlaidh is fearr. Innseann ár gciall agus ár réusún dúinn go mba chóir oideachas náirúnta bheith i ngach tír agus ní fhéadfaidh sé sin heith ann muna múnfar teanga agus seanchas na tíre. 'Sé rud atá teastáil uainn annso i nÉirinn sgoileanna i mbéidheadh aca mar reult eólais "Glóir do Dhia agus onóir na h-Éireann;" sgoileanna a dhaoine mhuinteardha a shoillseóchas, a dhúiseóchas agus a dhaingneóchas fir óga agus mná óga na tíre seo, le go bhfaghaidh siad an fíor-oideachas sin a sheasann ar charraig na fírinne, a fhosglann a gcroidhe agus a chuireann tír-ghrádh ionnta (greadadh bos). Má chuidigheann ceannphortaidhe na sgoilte agus na Feisirí linn, gheobhamuid an rud seo atáimuid éiliúghadh (sé sin, iallach chur orra an Ghaedhilge do mhúnadh ó'n gcéim is ísle suas go dtí an léigheann is áirde) go gairid, má's olc maith leis an mBord Náirúnta é, agus muna ndeunfadh siad sin, creid mise ann go bhfuil an lá ag teacht - agus ní'l sé a bhfad uainn - nuair éirigheóchas muintir na h-Éireann suas os comhair an domhain mhóir, tógfaidh siad an cheist seo 'na láimhibh féin, agus béidh le féachaint cé aga mbéidh an ceann
is fearr. Tá a lán daoine le fághail, fir agus mná, gan spiorad, gan anam, gan croidhe, gan misneach, a deireann linn nach féidir an teanga aithbheodhughadh. Deirimse libh, a cháirde, go mba chóir gobán do chur i mbheul na ndaoine seo. Is measa iad go mór ná na fir námhaideach, Atkinson agus Maghaifigh tá siad feallta- mhail chomh fealltamhail leis na gcloch bháidhte san bhfairrge, nó an sionnach i gcroiceann na caorach. Ó chuaidh mé ar thimthireacht, tá mé níos cinnte ná mar bhí mé ariamh go bhfuil croidhe muintire na h-Éireann chomh folláin, chomh fíor agus chomh grádhmhar ar Éire agus ar a teanga agus tá an snáthad mhór do'n reult ó thuaidh. Ní theastuigheann uatha acht timthire dul 'na measg agus iad do bhrostughadh. Má ghnídhthear sin tá an teanga sábháilte. Bhí am ann nuair bhí náire ar Éire- annaibh admhail go dtuigfidís a dteanga thíreamhail, acht anois míle buidheachas do Dia agus do Chonnradh na Gaedhilge, tá an spiorad úr-ísiol suarach sin ag ealughadh as a n-inntinn agus tá siad ag tosúghadh anois le luthghair agus bród innti. Tá trí néithe ag teastáil leis an mbáire do bhuaidh. An chéad cheann aca sin, 'sé is ainm do ghníomh an dara ceann, 'sé is ainim do gníomh agus an tríomhadh ceann is gníomh é mar an gceadna. 'Sé sin le rádh, nuair bheurfamuid rún rud ar bith do dhéanadh, leantar do'n rún sin le gníomh, gníomh agus gníomh, agus creid mise ann go bhfaghmuid an báire chomh cinnte agus tá crois ar dhroim an asail. Ní bhéimid socair ná suaimhneach go deo go mbéidh teanga na h-Éireann ag muintir na h-Éireann. Muna mbéi- dheadh fáth ná ádhbhar ar bith againn le n-a dhéanadh acht le cruchtáil do'n tSasanach do réir an mhéid pionnuis agus sguirse agus geur-leanamhainte thug sé dúinn, ní raibh aon mhaith ann, ní fhuil agus ní bhéidh. Ba chóir dúinn a chuimhniúghadh gur b'í an teanga seo bhí d'á labhairt ag Brian Borumha an Aoine Cheasta sin 884 bliadhain ó shoin amuigh i gCluan Tairbh nuair dhíbir sé na Lochlannaigh as an tír seo. Nach í an teanga seo do labhair Pádraic Sairséal ag cathair Luimnigh agus nuair chuaidh piléar thrí n-a chroidhe ar chath buaile Linden agus an fhuil bhreagh Ghaodhalach sin teacht amach, bhreathnuigh sé suas ar na flaitheas agus adubhairt, "Ó, a Dhia, faraoir agus faraoir gheur dheacrach nach ar son mó thíre bhocht Éire tá an fhuil seo 'dul le fán." Nach í teanga na Naomh nÉireannach í. Nach í teanga na gCeithre h-Ollamh í. Nach í teanga Éoin uí Comhraidhe agus Sheághan uí Dhonnabháin í. Nach í teanga an Chanónaigh de Búrca agus teanga Léoin na Tréibhe, Seághain Mac hÉil í, agus nach í teanga an Cháirdinéil san gcathaoir indiu againn í, agus 'sé an diabhal mór é mura bhfuil sí sáthach* maith againne (mór-ghreadadh bos). * sufficiently
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services