Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Dúiseacht - Óráid a thug Tomás Ua Coinceannain uaidh os comhair an Oireachtais

Title
An Dúiseacht - Óráid a thug Tomás Ua Coinceannain uaidh os comhair an Oireachtais
Author(s)
Ua Coinceannain, Tomás,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


An Dúiseacht



Óráid a thug Tomás Ua Coinceannain uaidh os comhair an Oireachtais.



A Thighearna ró-urramach agus a cháirde go leir.
Chualamar ar fad trácht ar roith na glincígheachta
agus ar roithídhibh an t-saoghail mar an gcéadna.



Ó 'n lá dubh, dubhrónach sin, le fealtaidheacht
Diarmada Mic Mhurchadha agus teacht Strongbow go
h-Éirinn, bhí roithídhe na tíre seo ag dul tuathail, acht
míle moladh agus bhuidheachas do'n Athair Siorruidhe,
tá siad ag iompughadh deiseal anois agus congbhóchar
mar sin iad go lá an bhrátha ó cuireadh Connradh na
Gaedhilge ar bun (bualadh bos).


L. 210


Tá Éireannaigh a' fosgailt na súile bhí dúnta le fada,
agus go deimhin agus go dearbhtha is duine dall gan
léirgeas, duine gan mórán céille ná éirim na cheann,
nach bhfeiceann ins an gcruinniughadh mór, millteach
seo, faoi uachdaránacht an Cháirdinéil, Príomh-Fhlaith
na h-Eaglaise Catoilicighe i nÉirinn. Is duine dall
gan léirgeas a deirim, nach ndéarfaidh leis féin go
bhfuilmíd dúisighthe ó'n gcodladh agus ó'n trom-shuan
sin bhí orrainn le bliadhantaibh móra fada, go bhfuil
slabharaidhe na sglabhuigheachta tá ceangailt na tíre
seo le beag nách míle bliadhain ar thobar bheith briste
agus stroicithe agus reubtha ó chéile (greadadh bos).



Taisbeánann an cruinniughadh seo do'n domhan mór
ar fad go bhfuilmíd a' teacht ó'n mbealach cam go
dtí an bóthar díreach lámh le láimh agus gualann le
gualainn le n-ár sean teanga mhín, mhilis, mheasamhail,
ár dteanga, treun, trialtach, teanga Naomh Pádraic,
Bríghde agus Columcille thabhairt ar ais arís i mbeul
na ndaoine - mar bhí sí ins na h-aimsire sona chuaidh
thart (bualadh bos).



Ba chóir do gach uile duine againn chuimhniughadh ar
an rádh "an aondacht tá buaidh i sgaradh mí-ádh."



Ní'l duine ar bith bhfuil splanc ceill 'n cheann nach
dtuigfidh sé go maith gur b'í seo an fhírinne ghlan.



Daoine ar bith chuideóchas le n-a chéile, ó nádúr
caithfidh siad an ceann is fearr fhágháil. Tá sé sin
chomh follasach leis an t-srón ar ár n-eudan; bhí sé
amhlaidh ariamh agus béidh chomh fada agus bhéidheas uisge
ag ruith agus feur ag fás.



Má bhí muintir na hÉireann neamh-chásmhar i gcúis
na teangan ins an aimsir atá thart, míle moladh agus
glóire go Dhia, chonnacadar go raibh siad a' dul amúgha
go ndeachadar ró fhada air an mbealach cam agus go
bhfuil sé i n-am úntughadh ar ais.



Ó an am thosaigheamar a' cailleamhaint ár dteanga
agus ag aithris ar na Sasannaibh, bhíomar ag tabhairt
deise chosanta do'n námhaid 'nár n-aghaidh féin, acht tá
an brat dorcha sin tógtha ó n-ár súilibh anois, támuid
dhá fhághail féin i gcóir, ag cur deise troda orrainn
féin agus ní stadfamuid anois go mbéidh an báire
againn. (Mór-ghreadadh bos).



Chomh fada siar agus innseann an seanachas dúinn
feicimíd go raibh cúis na teanga 'na príomh-chúis ins
gach tír agus ríoghacht 'san domhan.



Agus dar ndóigh ní iongantas ar bith é sin, mar 'sé
Dia gheall teanga do gach uile thír, agus is ins an teanga
sin, ó nádúr, atá seanachas agus moladh, agus glóir,
clú agus cáil na tíre sgríobhtha agus an dá luath agus
caillfear an teanga, tá an tír féin caillte, ní fhuil
aon mhaith, gá sheunadh.



Faraoir tá cuid mhór againn a chaitheann an chuid is
mó d'á n-am agus d'á n-aimsir ag caoineadh agus ag
osnaoil faoi an am a chuaidh tharrainng agus nach dtiuc-
faidh arís go deo - ag caoineadh i ndiaidh an bhainne
dorta, i leabaidh dhóibh a súile a thriomúghadh, misneach a
thógáil - mar níor chaill fear an mhisnigh ariamh é. Is
minic chualadh mé daoine de'n tsórt seo a rádh go
mba mhór an truaigh gur leig muintir na h-Éireann an
teanga ar feódh, ag leigean dí ealughadh uainn, agus
nach ndíbreóchadh a bhfuil de dlighe ná a bhfuil de gheur-
leanamhain ar thalamh na cruinne an teanga as beul na
ndaoine, dá mbéidheadh an spiorad cheart ionann.



Tá fios ag gach uile dhuine ar sin. Dá n-innseócha-
daís rud éigin dúinn nach bhfuil fios againn air bhéidhmís
buidheach dhíobh.



Ní'l aon mhaith ag gearán nuair bhéidheas an anachain
déanta ní féidir é leigheas le deora súl, dá bhféad-
faidhe, bhéidheadh Éire faoi mheas agus faoi chlú fad ó. 'Sé
an chaoi cheart le na leigheas an caoineadh agus an
buaireadh agus an osnaoil síorruidhe seo a chaith i n-áirde
ár gcótaidhe do chaitheamh dhínn, ár ngualaidhe do chur
leis an roith (roith Chonnartha na Gaedhilge) agus a
conghbháil a dul timcheall. Deirtear go ndeunann
ocras cladhaire do'n saighdiúr is misneamhla a rugadh
ariamh agus deirtear mar an gcéadna go ndeunann
faisiún sglábhaidhe de dhaoinibh.



Anois a cháirde, bhí an dá nídh seo i n-aghaidh an teanga
agus sul a thosuigheamar a casaoid ar na daoinibh ba
chóir cuimhniughadh i dtosach gur thug lucht léighinn agus
fóghluma na tíre an sompla dhóibh. 'Sí Feis na Sasann
(ní dlighe ná geur-leanamhain) a mharbh an Ghaedhilge.
Thosaigh na Feisirí, ó aimsir Dhomhnaill Uí Chonnaill, dul
thríd síos agus thríd suas na tíre a labhairt linn - ní i
n-ár d-teanga féin - acht ins an mBéarla gallda.



Tá sé anois os cionn trí fichid bliadhain ó cuireadh
na sgoilte seo a nglaoidhtear sgoilte náirúnta orra
ar bun. Ní'l focal de theanga ná seanachas na tíre
d'á múnadh ionnta, agus ní cóir dúinn iongantas ar
bith dhéanadh dhe gur cháillimíd meas agus grádh ar ár
dteanga agus ar na beusa Gaodhalacha. Cuireadh iad
seo ar bun le Sasannaigh do dhéanadh dhúinne agus
faraoir chráidhte, rinneadar go lán againn é. Caithfimíd
é seo athrughadh agus ní'l dhá luaidh nach amhlaidh is fearr.
Innseann ár gciall agus ár réusún dúinn go mba chóir
oideachas náirúnta bheith i ngach tír agus ní fhéadfaidh sé
sin heith ann muna múnfar teanga agus seanchas na tíre.



'Sé rud atá teastáil uainn annso i nÉirinn
sgoileanna i mbéidheadh aca mar reult eólais "Glóir
do Dhia agus onóir na h-Éireann;" sgoileanna a dhaoine
mhuinteardha a shoillseóchas, a dhúiseóchas agus a
dhaingneóchas fir óga agus mná óga na tíre seo, le go
bhfaghaidh siad an fíor-oideachas sin a sheasann ar
charraig na fírinne, a fhosglann a gcroidhe agus a
chuireann tír-ghrádh ionnta (greadadh bos). Má
chuidigheann ceannphortaidhe na sgoilte agus na
Feisirí linn, gheobhamuid an rud seo atáimuid éiliúghadh
(sé sin, iallach chur orra an Ghaedhilge do mhúnadh ó'n
gcéim is ísle suas go dtí an léigheann is áirde) go
gairid, má's olc maith leis an mBord Náirúnta é,
agus muna ndeunfadh siad sin, creid mise ann go
bhfuil an lá ag teacht - agus ní'l sé a bhfad uainn -
nuair éirigheóchas muintir na h-Éireann suas os comhair
an domhain mhóir, tógfaidh siad an cheist seo 'na láimhibh
féin, agus béidh le féachaint cé aga mbéidh an ceann


L. 211


is fearr. Tá a lán daoine le fághail, fir agus mná,
gan spiorad, gan anam, gan croidhe, gan misneach, a
deireann linn nach féidir an teanga aithbheodhughadh.



Deirimse libh, a cháirde, go mba chóir gobán do chur
i mbheul na ndaoine seo. Is measa iad go mór ná na
fir námhaideach, Atkinson agus Maghaifigh tá siad feallta-
mhail chomh fealltamhail leis na gcloch bháidhte san
bhfairrge, nó an sionnach i gcroiceann na caorach.



Ó chuaidh mé ar thimthireacht, tá mé níos cinnte ná
mar bhí mé ariamh go bhfuil croidhe muintire na h-Éireann
chomh folláin, chomh fíor agus chomh grádhmhar ar Éire agus ar a
teanga agus tá an snáthad mhór do'n reult ó thuaidh.



Ní theastuigheann uatha acht timthire dul 'na measg
agus iad do bhrostughadh. Má ghnídhthear sin tá an
teanga sábháilte. Bhí am ann nuair bhí náire ar Éire-
annaibh admhail go dtuigfidís a dteanga thíreamhail,
acht anois míle buidheachas do Dia agus do Chonnradh na
Gaedhilge, tá an spiorad úr-ísiol suarach sin ag
ealughadh as a n-inntinn agus tá siad ag tosúghadh
anois le luthghair agus bród innti. Tá trí néithe ag
teastáil leis an mbáire do bhuaidh. An chéad cheann
aca sin, 'sé is ainm do ghníomh an dara ceann, 'sé is
ainim do gníomh agus an tríomhadh ceann is gníomh é mar
an gceadna. 'Sé sin le rádh, nuair bheurfamuid rún
rud ar bith do dhéanadh, leantar do'n rún sin le gníomh,
gníomh agus gníomh, agus creid mise ann go bhfaghmuid an
báire chomh cinnte agus tá crois ar dhroim an asail. Ní
bhéimid socair ná suaimhneach go deo go mbéidh teanga
na h-Éireann ag muintir na h-Éireann. Muna mbéi-
dheadh fáth ná ádhbhar ar bith againn le n-a dhéanadh acht
le cruchtáil do'n tSasanach do réir an mhéid pionnuis agus
sguirse agus geur-leanamhainte thug sé dúinn, ní raibh aon
mhaith ann, ní fhuil agus ní bhéidh.



Ba chóir dúinn a chuimhniúghadh gur b'í an teanga seo
bhí d'á labhairt ag Brian Borumha an Aoine Cheasta sin
884 bliadhain ó shoin amuigh i gCluan Tairbh nuair dhíbir
sé na Lochlannaigh as an tír seo. Nach í an teanga seo
do labhair Pádraic Sairséal ag cathair Luimnigh agus nuair
chuaidh piléar thrí n-a chroidhe ar chath buaile Linden agus
an fhuil bhreagh Ghaodhalach sin teacht amach, bhreathnuigh
sé suas ar na flaitheas agus adubhairt, "Ó, a Dhia, faraoir
agus faraoir gheur dheacrach nach ar son mó thíre bhocht Éire
tá an fhuil seo 'dul le fán."



Nach í teanga na Naomh nÉireannach í. Nach í teanga
na gCeithre h-Ollamh í. Nach í teanga Éoin uí Comhraidhe
agus Sheághan uí Dhonnabháin í. Nach í teanga an Chanónaigh
de Búrca agus teanga Léoin na Tréibhe, Seághain Mac
hÉil í, agus nach í teanga an Cháirdinéil san gcathaoir
indiu againn í, agus 'sé an diabhal mór é mura bhfuil
sí sáthach* maith againne (mór-ghreadadh bos).



* sufficiently

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services