Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scoil na Suadh - Donnchadh 'ach Seón.
Title
Scoil na Suadh - Donnchadh 'ach Seón.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Scoil na Suadh. DONNCHADH 'ACH SEÓN. Fonn: - "Indeed Then You Won't" Gléas E. Go héadtrom. An Fonn a Leabhar an Niallaigh. I bhFearann Uí Dhálaigh - i bhfeirm bhig thailimh ann, Mhaireadh gan spleadhchas Donnchadh 'ach Seón; 'Na phreabaire láidir cumasach taitheacach Oilthe thar barr ar chasadh na bhfód.
Acht, briolla gan áird b'eadh Dinny the Jintleman, briolla gan áird b'eadh Donnchadh Crón; O, briolla gan áird b'eadh Dinny the Jintleman D'imthigh ar stáir go Sasana Nódh. II. Do cheannuigh sé mála bosca agus hata dubh, Carabhat bán is culaith nó a dhó; Bhí bata 'n-a láimh is feirc de cheann lachan air; Leog dham A cháirde, acht b'í siúd an tseóid! Acht, briolla gan áird, agusrl. III. Níor shaluigh a lámha le hobair an Earraigh sin - B'aith leis an ránn a ghlacadh n-a dhóid; Do chaitheadh an lá n-a chodladh go headartha, 'S seal i dtigh 'n tábhairne ag imirt 's ag ól. O, briolla gan áird, agusrl. IV. Ar dtarraint don lá n-ar imthigh thar fairrige, Bhailigh a chairde in' fhochair um neóin; Do b'aiteas tar barr le fuirinn an bhaile sin Fear aca ag fágaint Bhanba is dóin. Acht briolla gan áird, agusrl. V. Sé seachtmhaine thárlaidh Donnchadh i gcathair ann, Greadaithe cráidhe is follamh mun ór, Gur ghlach sé le háthas post ar na tramanna, 'S allus a chnám ag sileadh ar an ród. Acht, briolla gan áird, agusrl. VI. Da mbeadh aige fagháil ar lathairt bhig airgid D'fhillfadh gan spás go Banba ar seól; 'S a dhuine, má tháir chun imtheacht tar fairrge, Machnaimh tráth ar Dhonnchadh 'ach Seón. O, briolla gan áird, agusrl. 17-10-'04 TÓRNA, cct.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services