Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - Donnchadh 'ach Seón.

Title
Scoil na Suadh - Donnchadh 'ach Seón.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 670


Scoil
na
Suadh.



DONNCHADH 'ACH SEÓN.



Fonn: - "Indeed Then You Won't"



Gléas E. Go héadtrom. An Fonn a Leabhar an Niallaigh.



I bhFearann Uí Dhálaigh - i bhfeirm bhig thailimh ann,
Mhaireadh gan spleadhchas Donnchadh 'ach Seón; 'Na phreabaire láidir
cumasach taitheacach Oilthe thar barr ar chasadh na bhfód.


L. 671


Acht, briolla gan áird b'eadh Dinny the Jintleman,
briolla gan áird b'eadh Donnchadh Crón; O, briolla gan áird b'eadh
Dinny the Jintleman D'imthigh ar stáir go Sasana Nódh.



II.



Do cheannuigh sé mála bosca agus hata dubh,
Carabhat bán is culaith nó a dhó;
Bhí bata 'n-a láimh is feirc de cheann lachan air;
Leog dham A cháirde, acht b'í siúd an tseóid!
Acht, briolla gan áird, agusrl.



III.



Níor shaluigh a lámha le hobair an Earraigh sin -
B'aith leis an ránn a ghlacadh n-a dhóid;
Do chaitheadh an lá n-a chodladh go headartha,
'S seal i dtigh 'n tábhairne ag imirt 's ag ól.
O, briolla gan áird, agusrl.



IV.



Ar dtarraint don lá n-ar imthigh thar fairrige,
Bhailigh a chairde in' fhochair um neóin;
Do b'aiteas tar barr le fuirinn an bhaile sin
Fear aca ag fágaint Bhanba is dóin.
Acht briolla gan áird, agusrl.



V.



Sé seachtmhaine thárlaidh Donnchadh i gcathair ann,
Greadaithe cráidhe is follamh mun ór,
Gur ghlach sé le háthas post ar na tramanna,
'S allus a chnám ag sileadh ar an ród.
Acht, briolla gan áird, agusrl.



VI.



Da mbeadh aige fagháil ar lathairt bhig airgid
D'fhillfadh gan spás go Banba ar seól;
'S a dhuine, má tháir chun imtheacht tar fairrge,
Machnaimh tráth ar Dhonnchadh 'ach Seón.
O, briolla gan áird, agusrl.



17-10-'04
TÓRNA, cct.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services