Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Tadhg Láidir.
Title
Tadhg Láidir.
Author(s)
Ó Cuill, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Tadhg Láidir Séan Ó Cuill do scríobh. Bhí baintreabhach bhocht fad ó, n-a comhnuidhe i dtigín chinn-tuighe i n-aice Dhroichidín Bhéal Átha Fionáin in iarthar Bhaile Mhúirne, díreach mar a bhfuil Eoghain an Droichid anois. Bean bhocht ana-dhealbh do b'eadh í, agus ní raibh aici riamh acht aon mhac amháin gur bh'ainm do Tadhg. Cé go bhfuair Tadhg togha na haire ó rugadh é, ní raibh sé acht i n-a shúmaire gan tairbhe, agus nuair do bhí sé críonna a dhóthain cun bheith i n-a fhear, ní raibh aon tuise ann acht mar a bheadh garsún dosaon bliadhan. Ar an adhbhar soin ní bhfuigheadh sé pioc le déanamh ó n-a chomh- ursanaibh mór dtimcheall, mar do thugaidís do fhearaibh eile ní b'óige ná é, mar bhí a fhios aca go maith ná raibh sé i gcumus é 'a dhéanamh ná a chrut air. Aon lá amháin dubhairt sé lé n-a mháthair go n-imtheoghadh sé ag déanamh dho fhéin. Tháinig iongnadh uirthi-si nuair do chualaidh sí an méid sin agus dubhairt sí leis fanamhaint sa bhaile mar bhí a fhios go háluinn aici ná raibh aon mhaith ann, acht ar ath-smaoineamh dhi, dubhairt sí léi féin go raibh sí dhá chothughadh fada a dóthain, go raibh sé cruaidh go leór uirthi bheith ag soláthar di féin i gcóir deireadh a saoghail agus gan bheith ag soláthar do-san, agus ar ndóigh dá maireobh- thaidhe féin é níor bh'aon mhéala mór é. Chuir sí balcaisí éigin éadaigh air, chómh mhaith 's do bhí sé ar a cumas agus do scaoil sí chun bóthair é. Thóg sé baitín leis n-a dhorn agus thug sé aghaidh ar Mhagh Chromhdha. Bhí an lá ana- bhrothalach agus nuair bhí sé ag gabháil soir fé bhun choill Chúil Aodha do dhírigh piastaí na coille ar bheith dhá phriocadh go seóidh. Do chuir sé suas leó ar feadh a bhfad, acht bhíodar ag dul i ngéire leis gach aon choiscéim dá dtugadh sé, go dtí gur bhris ar an bhfoidhne aige, agus thug sé fogha fútha le n-a bhaitín. Bhuail sé mórán aca, nídh nach iongnadh, mar bhíodar go flúirseach timcheall air agus thiteadar ar an dtalamh ar muin mairc a chéile. Ní raibh aon ana-dheithneas ar Thadhg agus do stad sé agus do cómhairimh an 'mdhó ceann do bhí marbh aige, agus do bhí céad díreach cruinn. "Is éachtach an fear mé," ar seisean "agus is tréan." Do shuidh sé síos ar ghruadh an bhóthair agus do tharraig sé chuige a bhaitín agus do scríobh sé air, "Mise Tadhg Láidir, do mharbhuigh- eann céad le gach tarrac." D'imthigh sé air annsoin agus thug sé an oidhche sin ag siubhal, agus lá ar n-a bháireach, amach timcheall am dinnéir do bhuail sé um an Abhainn Mhóir i n-áit éigin ar an dtaobh thuaidh d'Eóchaill i gConntae Phortláirge. Is amhlaidh do bhí droicheadh mór nach beag déanta treasna na habhann soin ann roimis. "Is dócha go bhfuil fir láidre dhá dhéanamh so, pé áit go bhfuil siad," arsa Tadhg, mar ní fheacaidh sé éinne ag obair ann. Do bhailigh sé a dó no trí de chlochaibh agus chuir sé isteach 'na phóca iad, agus chuaidh sé i n-áirde i gcrann do bhí le hais an droichid. Ní ró- fhada bhí sé ann nuair do tháinig beirt fhathach fé dhéin an droichid, casúr agus léan ag gach duine aca. Do dhírigheadar ar obair gan focal do rádh. Do scaoil Tadhg leó ar feadh tamaill. Annsoin do chaith sé méaróg le duine aca agus do bhuail. "Táim dhá rádh leat," adubhairt an fear do buaileadh le n-a dhearbhráthair, mar dearbhráithreacha do b'eadh iad "gan bheith ag imirt orm; ní'lim-se ag déanamh pioc leat-sa." "Airiú! Bíodh meabhair agat," adubhairt an dearbhráthair. "Ar ndóigh ní'lim-se ag imirt ort." [Ní chríoch.]
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services