Tadhg Láidir
Séan Ó Cuill do scríobh.
Bhí baintreabhach bhocht fad ó, n-a comhnuidhe
i dtigín chinn-tuighe i n-aice Dhroichidín
Bhéal Átha Fionáin in iarthar Bhaile Mhúirne,
díreach mar a bhfuil Eoghain an Droichid
anois. Bean bhocht ana-dhealbh do b'eadh í,
agus ní raibh aici riamh acht aon mhac amháin gur
bh'ainm do Tadhg. Cé go bhfuair Tadhg
togha na haire ó rugadh é, ní raibh sé acht
i n-a shúmaire gan tairbhe, agus nuair do bhí sé
críonna a dhóthain cun bheith i n-a fhear, ní
raibh aon tuise ann acht mar a bheadh garsún
dosaon bliadhan. Ar an adhbhar soin ní
bhfuigheadh sé pioc le déanamh ó n-a chomh-
ursanaibh mór dtimcheall, mar do thugaidís
do fhearaibh eile ní b'óige ná é, mar bhí a
fhios aca go maith ná raibh sé i gcumus é 'a
dhéanamh ná a chrut air.
Aon lá amháin dubhairt sé lé n-a mháthair
go n-imtheoghadh sé ag déanamh dho fhéin.
Tháinig iongnadh uirthi-si nuair do chualaidh
sí an méid sin agus dubhairt sí leis fanamhaint
sa bhaile mar bhí a fhios go háluinn aici ná
raibh aon mhaith ann, acht ar ath-smaoineamh
dhi, dubhairt sí léi féin go raibh sí dhá
chothughadh fada a dóthain, go raibh sé cruaidh
go leór uirthi bheith ag soláthar di féin i
gcóir deireadh a saoghail agus gan bheith ag
soláthar do-san, agus ar ndóigh dá maireobh-
thaidhe féin é níor bh'aon mhéala mór é.
Chuir sí balcaisí éigin éadaigh air, chómh
mhaith 's do bhí sé ar a cumas agus do scaoil sí
chun bóthair é.
Thóg sé baitín leis n-a dhorn agus thug sé
aghaidh ar Mhagh Chromhdha. Bhí an lá ana-
bhrothalach agus nuair bhí sé ag gabháil soir fé
bhun choill Chúil Aodha do dhírigh piastaí na
coille ar bheith dhá phriocadh go seóidh. Do
chuir sé suas leó ar feadh a bhfad, acht
bhíodar ag dul i ngéire leis gach aon
choiscéim dá dtugadh sé, go dtí gur bhris
ar an bhfoidhne aige, agus thug sé fogha fútha le
n-a bhaitín. Bhuail sé mórán aca, nídh nach
iongnadh, mar bhíodar go flúirseach timcheall
air agus thiteadar ar an dtalamh ar muin
mairc a chéile. Ní raibh aon ana-dheithneas
ar Thadhg agus do stad sé agus do cómhairimh an
'mdhó ceann do bhí marbh aige, agus do bhí céad
díreach cruinn.
"Is éachtach an fear mé," ar seisean "agus
is tréan."
Do shuidh sé síos ar ghruadh an bhóthair agus
do tharraig sé chuige a bhaitín agus do scríobh
sé air, "Mise Tadhg Láidir, do mharbhuigh-
eann céad le gach tarrac."
D'imthigh sé air annsoin agus thug sé an
oidhche sin ag siubhal, agus lá ar n-a bháireach,
amach timcheall am dinnéir do bhuail sé um
an Abhainn Mhóir i n-áit éigin ar an dtaobh
thuaidh d'Eóchaill i gConntae Phortláirge.
Is amhlaidh do bhí droicheadh mór nach beag
déanta treasna na habhann soin ann roimis.
"Is dócha go bhfuil fir láidre dhá dhéanamh
so, pé áit go bhfuil siad," arsa Tadhg, mar
ní fheacaidh sé éinne ag obair ann. Do
bhailigh sé a dó no trí de chlochaibh agus chuir sé
isteach 'na phóca iad, agus chuaidh sé i n-áirde i
gcrann do bhí le hais an droichid. Ní ró-
fhada bhí sé ann nuair do tháinig beirt
fhathach fé dhéin an droichid, casúr agus léan ag
gach duine aca. Do dhírigheadar ar obair
gan focal do rádh. Do scaoil Tadhg leó
ar feadh tamaill. Annsoin do chaith sé
méaróg le duine aca agus do bhuail.
"Táim dhá rádh leat," adubhairt an fear
do buaileadh le n-a dhearbhráthair, mar
dearbhráithreacha do b'eadh iad "gan bheith
ag imirt orm; ní'lim-se ag déanamh pioc
leat-sa."
"Airiú! Bíodh meabhair agat," adubhairt
an dearbhráthair. "Ar ndóigh ní'lim-se ag
imirt ort."
[Ní chríoch.]