Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Aiseirghe Pheig na Féithe.
Title
Aiseirghe Pheig na Féithe.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AISÉIRGHE PHEIG NA FÉITHE. Mórán bliadhanta ó shoin, bhí sean-bhean n-a cómhnuidhe i n-aice Sliabh Rígh, dar bh'ainm Peig na Féithe, bean ghoirgeach, bhorb, mhí- chéadthach chásmhar, do b'eadh í, gan charthan- acht, gan trócaire, gan muinnteardhas, gan grádh. Fuair a fear bás ana-óg, agus bhí a clann go léir tógtha aici, agus iad imthighthe go dtí Ameriocá acht aon inghean amháin d'fhágadh sa bhaile chun aire thabhairt di, agus ní baoghal ná go raibh neart airgid ag teacht chúcha ón muinntir thall. Do réir gach deallraimh badh chóir go mbeadh saoghal breágh, sonasach, subháilceach aca araon. Mar sin féin dá mbeadh an oiread eile chompórd ar Pheig ní bheadh sí sásta. Bhí aon nídh amháin go síoruidhe ag cur trioblóid uirthi, ag cur buadhirt ar a haigne, agus ag baint codladh na hoidhche dhi go minic; bé an rud e sin go raibh eagla uirthi gur geárr go bhfuigheadh sí bás, agus bhíodh a hinghean, Máire, bodhar aici, ó bheith go coitcheanta ag éisteacht léi ag caoineadh mar seo: Ochón, mo chráidhteacht, Agus mo chumha ná tráighfidh Indiu ná i mbáireach, Mar is fada atáimse Go tinn lag tnáithte Go brónach cráidhte, Gan fuinneam im chrámhna Acht pianta gach lá orm Is dathacha gránda. Ba ghnáthach le Máire, leath-dhosaon ubh, do bhriseadh agus do mheascadh i mbraon bainne agus iad a thabhairt le n-ól di gach lá. Lá áirithe do thóg sí dosaon aca i gan fhios don mháthair; do mheasc iad i mbraon bainne, agus i mbraonín uisce beathadh, agus ní misde a rádh ná go raibh deoch bhreagh ramhar, láidir, aici annsoin. Bhí Peig bhocht ana-bhreóidhte an aimsir chéadna, ní raibh aon stad ar a béal ó mhaidin, agus nídh nach ionghnadh, bhí tart uirthi anois, tar éis na cainnte go léir. Thóg sí an deoch ó Mháire, go mall, agus go neamh-fhonnmhar. D'ól cuid de, agus do stad ar feadh tamaill. Luigh sí chuige arís, acht níor éirigh léi é chríochnughadh. Thug sí iar- racht eile faoi, agus d'fhan braon beag n-a diaidh. Chaith sí í féin siar sa chúinne ann- soin agus do chuir cnead aisti. "Airiú cad é an donas atá ag teacht ort anois," arsa Mháire. Bhuail Peig a dhá bhais, agus do thosnuigh ar olagón: Ó adhe mo shíor-ghoin Is mo chreach nimhneach, Tá an bás 'om chíoradh I ndeireadh na scríbe, Is ní rabhas ag faoisdin Le breis is mí 'nois; A Mhaighdean guidh orm, 'Sa Chríosd déin díon dom, Is réidh an tslighe romham Go cathair na soilse.
Stad sí annsoin ar feadh tamaill, agus mheas Máire go raibh an bás uirthi anois dáríribh. Is geárr gur thosnuigh sí arís. A Mháire a chroidhe 'stigh Is ró-bheag dem dhaoine Atá chun mé a chaoineadh, Mar táid uile thar tuínn uaim, Acht tusa a bhríghdeach; Anois táim claoidhte Gan tapa gan brígh ionnam; Ir geárr go mbead sínte I reilig Chíllmhín Thoir I bhfochair mo mhuinntir. D'imthigh Máire agus do thóg báisín uisce, agus do thug braon beag di. Bhí sí chun an méid a bhí spáráltha aici do chaitheamh anuas uirthi, nuair a chonnaic Peig an t-uisce ós a cionn. D'árduigh sí suas í féin. Bhuail sí Máire sa láimh, le buile dhorn agus thuit an t-árthach ar an urlár 'na bhlodhtracha. Thosn- uigh sí ar Mháire annsoin, agus dubhairt: "A Dhia na glóire, mo Thruagh go deó mé ag pléidhe leat i ndeireadh mo shaoghail, féach ar sin mar íde, bhí aici á thabhairt orm, agus me i riochtaibh an bháis. Ó go bhfóiridh Dia orm, cad a dhéanfad i n-éan-chor." "Éist anois a mháthair," arsa Máire, "bhí a leithéid d'iompáil líthe orm ná feadar cad badh cheart dam a dhéanamh." "Mhuise ciach is léir ort, a thoice gan eólus," arsa Peig, "ná féadfá braon beag uisce beathadh a chur siar orm, agus gan bheith ag iarraidh an t-anam do chur ionnam le huisce fuar. Aililiú mo sceimhleadh agus mo chreach nimhneach, mar is bocht an cás dam bheith ag brath ort i ndeireadh mo shaoghail. Imthigh leat anois chun an tsiopa, agus tabhair cúpla punnt bagún chugham a chuirfidh spionadh éigin ionam i gcóir na hiodhche, agus abair le Siobhán blúirín deas bog a thabhairt dam, mar go bhfuilim ana-lag." Ar theacht an tráthnóna, d'imthigh Máire, agus thug sí léi an bagún, agus tamall n-a dhiaidh sin do cuireadh ar an dteine é. Ní raibh abhfad gur bhailigh beirt nó triúr buachaillí isteach ag scoruidheacht. Bhí Seaghán Fada ann agus Diarmaid Liath, agus Liam Bán. Nuair a chonnaiceadar Peig n-a suidhe i n-aice na teine, chómh láidir agus do bhí sí riamh, agus an droch-scéal a bhí imthighthe amach roimis sin, mar bhí Máire tar éis an scéil do leathadh, bhíodar ins na trithíbh ag gáirídhe i gan-fhios do Pheig. Mar sin féin bhí truagh an tsaoghail aca dhi mar dh'eadh. "Dar dheamhain a Pheig," arsa Seaghán Fada, "tá'n tú ag imtheacht as an saoghal ar fad pé donas atá ort le déidheannaighe." "Dhe mhaise, mo chás agus mo mhairg go bráth," arsa Peig. "Mar is fada atáim-se go tréith agus go lag, a Sheagháin. Bhíos tamall indiu, agus go deimhin mheasas ná béarfadh an sagart orm. Ó, Dia linn a thighearna, is dócha gur geárr uaim; 'Táim ag cailleamhaint mo ghoile, Agus bím ar buile Nuair ná ithim tuilleadh; A Sheagháin a ghile, N-a theannta soin is uile, Bíonn mo shúile ag sileadh, Tá mo chosa meilthe; Dá raghainn trí péirse go leith Ní fhéadfainn filleadh. Tamall n-a dhiaidh san, do luigh Peig siar sa chúinne, agus thuit a codladh uirthi. Bhí Liam Bán agus Máire thíos i n-aice an doruis, ag cainnt le n-a chéile. Bhí an corcán ag fiuch- aidh anois, agus béilthígheach bhreágh theineadh fé. I gcionn tamaill do shleamhnuigh Seaghán an clúdach den chorcán. Do shaith Diarmuid a scian isteach, agus do thug leis píosa breágh feóla, agus do chuir fé n-a bháinín é. Chaitheadar
fód móna isteach sa chorcán ansoin, agus chuireadar an clúdach air arís. Nuair a dhúisigh Peig, ghlaoidh sí ar a hinghin, agus dubhairt léi forc a thabhairt chúichi chun an blúire bagúin a thógáilt amach "Seadh," arsa Seaghán, "is mithid dúinn imtheacht, agus leogaint don bhean bhocht a suipéar d'ithe, agus tá súil le Dia agam, go mbeidh tú a bhfad níos treise nuair a thioc- faimíd arís." D'imthigh an triúr annsoin, agus do chuaidh Peig fé dhéin an chorcáin, chun na feóla d'fagháil, acht bhí an fód ró-chruaidh, agus níor fhéad sí aon chor do bhaint as. "Ó, mo chorp 'n sliabh," ar sise, "tá sé chomh righin le leathar." Thug sí iarracht eile faoi, go feargach, agus do bhris an forc n-a dhá leath. Shuidh sí annsoin, agus dubhairt: A Mhuire na glóire, Cad é an mí-adh sheól tú, A Shiobháin de Róiste, Chun an saghas san feóla Do chur chun bean bhreóite, Gur fada dhi leóinte, Agus a haigne brónach. Mhuise loisgearán dóighte Go raibh riamh romhat-sa I ngach áit a ngeobhaidh tú; Go dtuitidh léir-scrios gan teóra Anuas ort a lóiste, Is nár bheiridh an Fóghmhar ort, A chaillichín dreóite. "Go deimhin féin a mháthair," arsa Máire, "is mór an náire dhuit bheith ag eascainidhe mar sin. B'fhéidir ná fuil sé chómh holc agus is dóigh leat." Thóg Máire an corcán anuas annsoin, leig sí an t-uisce amach as, agus chonnaic sí cad do bhí aici. "Dhe a Mhuire na bhfeart," ar sise, "ní feóil é seo, acht fód móna!" "Airiú, cad é sin agat á rádh," arsa Peig, "nó cad é an donas a chuirfeadh é sin isteach ann?" "Ní fheadar ambasa," arsa Máire, "b'fhéidir gur thuit cuid den mhallacht air." "Greadadh chúghat a liobaróigín droch- mhúinte," arsa Peig, "is maith atá fhios agat cad d'imthigh air. Táim deimhnitheach gurab iad na bligeárdaithe do bhí annsoin ó chianaibh, do rug leó é, acht beidh sásamh agam-sa, nó ní Peig atá mar ainm orm." An lá n-a dhiaidh-san bhí sí chómh fuinneamhail, chómh héadtrom le chailín óg, agus thug sí aire mhaith nár dóghadh an fód móna. Nuair a tháinig an oidhche, do shocruigh Peig í féin go deas compórdach le hais na teine, agus ní raibh abhfad go dtáinig Liam Bán isteach ag scoruidheacht, mar ba ghnáth leis. Shuidh sé thuas i n-aice Pheig, agus do chuir sméaróid n-a phíopa. "Ar mh'anam, a Pheig," ar seisean, "gur maith láidir ataoi ag féachaint anocht; is dócha gur chuir an blúire bagúin an seó de neart ionnat; agus go deimhin féin theastuigh rud éigin uait, a bhean bhocht, mar ní rabhais ar fóghnamh le fada." "Huth," arsa Peig, ag éirighe agus ag teacht ar an dtaobh thiar de, agus an fód n-a láimh aici. Rug sí ar mhullach chinn air, agus do thug iarracht ar an fhód do chur isteach n-a bhéal. Ar sise: "Chíonn Dia na glóire, Céad moladh go deó leis, Go sáithfad an fód so Síos it' scórnaigh, A ghaige gan eólus, Do goid mo chuid feóla Tú féin is do chomh-lucht, Agus d'fhág mé n-a tóir siúd Dá lorg go brónach."
"Airiú, a Pheig," arsa Liam, "an as do mheabhair ataoi, nó cad é an diabhal atá ag teacht ort?" "A chladhaire na croiche," ar sise, "cuir- fead-sa i n-iúl duit ná beidh tú ag magadh fúm," ag tabhairt buille dhen bhfód sa cheann do. "Seadh. Bíodh an méid sin agat, a ruidín tsalaigh." Do léim Liam chun an doruis, agus crioth- nughadh n-a chroidhe, acht shar a raibh sé amuigh fuair sí maide bhí le hais an doruis, agus tháinig sé anuas go trom ar a chúl is é ag scaramhaint léi, agus geallaim-se dhuit go raibh ceann tinn aige ar feadh seachtmhaine n-a dhiaidh san. "Ar mh'anam, a mháthair," arsa Máire, "gur cheart duit eagla Dé bheith ort, agus a leithéid sin d'íde thabhairt d'aon duine. Ba rud éigin dá mbeadh sé tuillte aige. Acht do thabharfinn an leabhar ná raibh lámh aige i n-éin-nídh do bhain leat, mar bhíos-sa is é féin thíos ag an ndorus ar fhaid do bhís it chodladh." Do shuidh Peig sa chúinne annsoin agus d'fhreagair: "Mhuise tiubaist is díth ort, Nách ionnat do bhí an righneas Is gan innsint go dtí so Gur mar sin a bhí sé! Ochón, mo sceimhleadh! Is beag an iongnadh dhom chroidhe-se Bheith briste dáríribh, Mar is olc an iontaoibh thu Ag sean-bhean chríona, Chun bheith mar bhean tighe aici, Tu ag imtheacht it' straoile Ó mhaidin go hoidhche, 'S na fir ag suirighe leat." Ní raibh aon oidhche ar feadh mí n-a dhiaidh san ná go raibh sí ag faire ar an mbeirt eile, chun díoghaltais d'imirt ortha, acht níor thángadar, agus is í bhí go searbh fuathmhar feargach, nuair ná raibh sásamh aici. Is geárr gur shocruigh sí n-a haigne ná raibh ann chaoi aici ar iad do chlaoidhe mura mbuailfídhe bob éigin ortha, agus ba ghreann- mhar, agus b'uathbhásach an seift, do cheap sí chun, é sin do dhéanamh. D'fhan sí sa leabaidh ar feadh cúpla lá, gan greim ná bolmac do bhlaiseadh, agus í ag screadaigh go héigneach, mar a bheadh tinneas millteach éigin uirthi. An tríomhadh lá do chuaidh Máire chun an bhaile mhóir, ag iarraidh sólthuistí do chuir- feadh misneach innti. Nuair bhí sí imthighthe, d'éirigh Peig agus d'fan sí ag ithe ar feadh dhá uair a chluig, bhí a leithéid sin d'airc uirthi, agus chuaidh thar n-ais sa leabhaidh arís ansoin. Nuair a tháinig Máire a-bhaile, bhí Peig sínte ar a tár-i-n-áirde roimpi, agus dá mbeadh sí ag glaodhach uirthi, go dtí Lá an Luain, ní fhéadfadh sí gíocs ná míocs do bhaint aisti. "Ó, Dia go deó linn," ar sise léi féin, "tá sí imthighthe gan an sagart, agus cad do dhéanfad i n-éan-chor." Siúd amach í ag glaodhach ar na chomharsain, agus í ag gol 's ag bládhraigh. Tháinig beirt nó triúr ban isteach i n-éinfeacht léi, agus bhíodar cinnte go raibh sí marbh. Thógadar Peig amach as an leabaidh, agus do nigheadar í, agus le tuitim na hoidhche, bhí gach nídh ullamh aca chun í thórramh, agus í socruighthe amach ar chlár ar thaobh an tighe. Is gairid n-a dhiaidh-san, go raibh na daoine ag bailiughadh isteach go tigh an chuirp, agus ambasa tháinig Seaghán Fada, agus Diarmaid Liath chómh maith le cách. Is dúthrachtach an phaidir d'ofráil siad suas ar son an t-anam bocht do bhí imthighthe i láthair Dé, mar a shíleadar. Do shuidh Seaghán thall le hais an chláir, sa dtreó go raibh a dhrom iompuighthe leis an gcorp. "Airiú nach obann d'imthigh an bhean
bhocht," ar seisean leis an bhfear ba ghoire dho. "Moladh go deó le Dia mhuise, is eadh," ar san fear eile, "Is mairg a labharann go dána." Do thosnuigh Seaghán ansoin ag innsint do go raibh ana-bhuadhairt air mar gheall ar an gcleas d'imir uirthi. Is ar éigin do bhí an focal as a bhéal, nuair a rugadh greim ar chluais air. Do thug Seaghán súil-fhéachaint ar an dtaobh thiar de, agus nuair a chonnaic sé gurbh' í Peig do rug air, agus go raibh sí ag éirighe suas chuige, do léim sé chúig troighthe os cionn tailimh. Chuir sé aon bhúir amháin as, mar a chuirfadh tarbh buile, agus do thuit n-a phleist i lár an tighe. A laogh mo chroidhe 'stigh, anois is eadh bhí an scannradh, agus an iompáil líthe ar a raibh láithreach, agus an fothram 's an t-éirleach ar fuid an tighe. D'éirigh fear do bhí i n-aice an doruis chun ruith leis féin, agus do thuit sé ag an dtáirsigh. Tháinig beirt nó triúr eile n-a dhiaidh, agus thuiteadar anuas air. Do léim Peig den chlár d'aon truslóig amháin. Do rug ar shluasaid, agus bhí ag gabháil ar Dhiarmaid go raibh fuil n-a slaodaibh air. Níor mhisde tigh cuirp do ghlaodhach air anois, mar is 'mdhó chorp do bhí sínte ann. Acht bhíodar ag teacht chúcha féin i ndiaidh ar ndiaidh, agus ag sleamhnughadh leó amach, go dtí nár fhan duine, fé dhíon tighe, acht Peig féin. D'imthigh Máire chómh maith leis an gcuid eile, agus ní leigfadh eagla dhi teacht n-a goire, ar feadh trí mhí. Do mhair Peig mórán bliadhanta n-a dhiaidh so, agus nuair a fuair sí bás an tarna huair, cuireadh triúr siúnéirí ag déanamh na cómhrann chun í chríochnúghadh gan mhoill, agus is daingean do clúduigheadh istigh í, an fhaid do bhí sí dhá tórramh ar eagla go n-éireóghadh sí thar n-ais chúcha go bráth arís. Críoch. SLIABH RÍGHE.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services