Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Aiseirghe Pheig na Féithe.

Title
Aiseirghe Pheig na Féithe.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

AISÉIRGHE PHEIG NA FÉITHE.



Mórán bliadhanta ó shoin, bhí sean-bhean
n-a cómhnuidhe i n-aice Sliabh Rígh, dar bh'ainm
Peig na Féithe, bean ghoirgeach, bhorb, mhí-
chéadthach chásmhar, do b'eadh í, gan charthan-
acht, gan trócaire, gan muinnteardhas, gan
grádh. Fuair a fear bás ana-óg, agus bhí a
clann go léir tógtha aici, agus iad imthighthe go
dtí Ameriocá acht aon inghean amháin
d'fhágadh sa bhaile chun aire thabhairt di, agus ní
baoghal ná go raibh neart airgid ag teacht
chúcha ón muinntir thall. Do réir gach
deallraimh badh chóir go mbeadh saoghal
breágh, sonasach, subháilceach aca araon.



Mar sin féin dá mbeadh an oiread eile
chompórd ar Pheig ní bheadh sí sásta. Bhí aon
nídh amháin go síoruidhe ag cur trioblóid
uirthi, ag cur buadhirt ar a haigne, agus ag
baint codladh na hoidhche dhi go minic; bé an
rud e sin go raibh eagla uirthi gur geárr
go bhfuigheadh sí bás, agus bhíodh a hinghean,
Máire, bodhar aici, ó bheith go coitcheanta
ag éisteacht léi ag caoineadh mar seo:



Ochón, mo chráidhteacht,
Agus mo chumha ná tráighfidh
Indiu ná i mbáireach,
Mar is fada atáimse
Go tinn lag tnáithte
Go brónach cráidhte,
Gan fuinneam im chrámhna
Acht pianta gach lá orm
Is dathacha gránda.



Ba ghnáthach le Máire, leath-dhosaon ubh,
do bhriseadh agus do mheascadh i mbraon bainne
agus iad a thabhairt le n-ól di gach lá. Lá
áirithe do thóg sí dosaon aca i gan fhios
don mháthair; do mheasc iad i mbraon
bainne, agus i mbraonín uisce beathadh, agus ní
misde a rádh ná go raibh deoch bhreagh
ramhar, láidir, aici annsoin. Bhí Peig bhocht
ana-bhreóidhte an aimsir chéadna, ní raibh
aon stad ar a béal ó mhaidin, agus nídh nach
ionghnadh, bhí tart uirthi anois, tar éis na
cainnte go léir.



Thóg sí an deoch ó Mháire, go mall, agus go
neamh-fhonnmhar. D'ól cuid de, agus do stad
ar feadh tamaill. Luigh sí chuige arís, acht
níor éirigh léi é chríochnughadh. Thug sí iar-
racht eile faoi, agus d'fhan braon beag n-a
diaidh. Chaith sí í féin siar sa chúinne ann-
soin agus do chuir cnead aisti.



"Airiú cad é an donas atá ag teacht
ort anois," arsa Mháire. Bhuail Peig a
dhá bhais, agus do thosnuigh ar olagón:



Ó adhe mo shíor-ghoin
Is mo chreach nimhneach,
Tá an bás 'om chíoradh
I ndeireadh na scríbe,
Is ní rabhas ag faoisdin
Le breis is mí 'nois;
A Mhaighdean guidh orm,
'Sa Chríosd déin díon dom,
Is réidh an tslighe romham
Go cathair na soilse.


L. 654


Stad sí annsoin ar feadh tamaill, agus mheas
Máire go raibh an bás uirthi anois dáríribh.
Is geárr gur thosnuigh sí arís.



A Mháire a chroidhe 'stigh
Is ró-bheag dem dhaoine
Atá chun mé a chaoineadh,
Mar táid uile thar tuínn uaim,
Acht tusa a bhríghdeach;
Anois táim claoidhte
Gan tapa gan brígh ionnam;
Ir geárr go mbead sínte
I reilig Chíllmhín Thoir
I bhfochair mo mhuinntir.



D'imthigh Máire agus do thóg báisín uisce, agus do
thug braon beag di. Bhí sí chun an méid a
bhí spáráltha aici do chaitheamh anuas uirthi,
nuair a chonnaic Peig an t-uisce ós a
cionn. D'árduigh sí suas í féin. Bhuail sí
Máire sa láimh, le buile dhorn agus thuit an
t-árthach ar an urlár 'na bhlodhtracha. Thosn-
uigh sí ar Mháire annsoin, agus dubhairt:



"A Dhia na glóire, mo Thruagh go deó
mé ag pléidhe leat i ndeireadh mo shaoghail,
féach ar sin mar íde, bhí aici á thabhairt orm,
agus me i riochtaibh an bháis. Ó go bhfóiridh
Dia orm, cad a dhéanfad i n-éan-chor."



"Éist anois a mháthair," arsa Máire,
"bhí a leithéid d'iompáil líthe orm ná
feadar cad badh cheart dam a dhéanamh."



"Mhuise ciach is léir ort, a thoice gan
eólus," arsa Peig, "ná féadfá braon beag
uisce beathadh a chur siar orm, agus gan bheith
ag iarraidh an t-anam do chur ionnam le
huisce fuar. Aililiú mo sceimhleadh agus mo
chreach nimhneach, mar is bocht an cás dam
bheith ag brath ort i ndeireadh mo shaoghail.
Imthigh leat anois chun an tsiopa, agus tabhair
cúpla punnt bagún chugham a chuirfidh
spionadh éigin ionam i gcóir na hiodhche, agus
abair le Siobhán blúirín deas bog a thabhairt
dam, mar go bhfuilim ana-lag."



Ar theacht an tráthnóna, d'imthigh Máire,
agus thug sí léi an bagún, agus tamall n-a dhiaidh
sin do cuireadh ar an dteine é. Ní raibh
abhfad gur bhailigh beirt nó triúr buachaillí
isteach ag scoruidheacht. Bhí Seaghán Fada
ann agus Diarmaid Liath, agus Liam Bán. Nuair
a chonnaiceadar Peig n-a suidhe i n-aice
na teine, chómh láidir agus do bhí sí riamh, agus an
droch-scéal a bhí imthighthe amach roimis sin,
mar bhí Máire tar éis an scéil do leathadh,
bhíodar ins na trithíbh ag gáirídhe i gan-fhios
do Pheig. Mar sin féin bhí truagh an
tsaoghail aca dhi mar dh'eadh.



"Dar dheamhain a Pheig," arsa Seaghán
Fada, "tá'n tú ag imtheacht as an saoghal
ar fad pé donas atá ort le déidheannaighe."



"Dhe mhaise, mo chás agus mo mhairg go
bráth," arsa Peig. "Mar is fada atáim-se
go tréith agus go lag, a Sheagháin. Bhíos tamall
indiu, agus go deimhin mheasas ná béarfadh an
sagart orm. Ó, Dia linn a thighearna, is
dócha gur geárr uaim;



'Táim ag cailleamhaint mo ghoile,
Agus bím ar buile
Nuair ná ithim tuilleadh;
A Sheagháin a ghile,
N-a theannta soin is uile,
Bíonn mo shúile ag sileadh,
Tá mo chosa meilthe;
Dá raghainn trí péirse go leith
Ní fhéadfainn filleadh.



Tamall n-a dhiaidh san, do luigh Peig siar sa
chúinne, agus thuit a codladh uirthi. Bhí Liam
Bán agus Máire thíos i n-aice an doruis, ag
cainnt le n-a chéile. Bhí an corcán ag fiuch-
aidh anois, agus béilthígheach bhreágh theineadh fé.
I gcionn tamaill do shleamhnuigh Seaghán an
clúdach den chorcán. Do shaith Diarmuid a
scian isteach, agus do thug leis píosa breágh
feóla, agus do chuir fé n-a bháinín é. Chaitheadar


L. 655


fód móna isteach sa chorcán ansoin, agus
chuireadar an clúdach air arís.



Nuair a dhúisigh Peig, ghlaoidh sí ar a
hinghin, agus dubhairt léi forc a thabhairt
chúichi chun an blúire bagúin a thógáilt amach
"Seadh," arsa Seaghán, "is mithid dúinn
imtheacht, agus leogaint don bhean bhocht a
suipéar d'ithe, agus tá súil le Dia agam, go
mbeidh tú a bhfad níos treise nuair a thioc-
faimíd arís." D'imthigh an triúr annsoin,
agus do chuaidh Peig fé dhéin an chorcáin, chun
na feóla d'fagháil, acht bhí an fód ró-chruaidh,
agus níor fhéad sí aon chor do bhaint as.



"Ó, mo chorp 'n sliabh," ar sise, "tá sé
chomh righin le leathar." Thug sí iarracht eile
faoi, go feargach, agus do bhris an forc n-a
dhá leath. Shuidh sí annsoin, agus dubhairt:



A Mhuire na glóire,
Cad é an mí-adh sheól tú,
A Shiobháin de Róiste,
Chun an saghas san feóla
Do chur chun bean bhreóite,
Gur fada dhi leóinte,
Agus a haigne brónach.
Mhuise loisgearán dóighte
Go raibh riamh romhat-sa
I ngach áit a ngeobhaidh tú;
Go dtuitidh léir-scrios gan teóra
Anuas ort a lóiste,
Is nár bheiridh an Fóghmhar ort,
A chaillichín dreóite.



"Go deimhin féin a mháthair," arsa Máire,
"is mór an náire dhuit bheith ag eascainidhe
mar sin. B'fhéidir ná fuil sé chómh holc agus
is dóigh leat."



Thóg Máire an corcán anuas annsoin,
leig sí an t-uisce amach as, agus chonnaic sí
cad do bhí aici.



"Dhe a Mhuire na bhfeart," ar sise, "ní
feóil é seo, acht fód móna!"



"Airiú, cad é sin agat á rádh," arsa
Peig, "nó cad é an donas a chuirfeadh é
sin isteach ann?"



"Ní fheadar ambasa," arsa Máire,
"b'fhéidir gur thuit cuid den mhallacht air."



"Greadadh chúghat a liobaróigín droch-
mhúinte," arsa Peig, "is maith atá fhios
agat cad d'imthigh air. Táim deimhnitheach
gurab iad na bligeárdaithe do bhí annsoin
ó chianaibh, do rug leó é, acht beidh sásamh
agam-sa, nó ní Peig atá mar ainm orm."
An lá n-a dhiaidh-san bhí sí chómh fuinneamhail,
chómh héadtrom le chailín óg, agus thug sí aire
mhaith nár dóghadh an fód móna. Nuair a
tháinig an oidhche, do shocruigh Peig í féin go
deas compórdach le hais na teine, agus ní
raibh abhfad go dtáinig Liam Bán isteach
ag scoruidheacht, mar ba ghnáth leis. Shuidh
sé thuas i n-aice Pheig, agus do chuir sméaróid
n-a phíopa.



"Ar mh'anam, a Pheig," ar seisean, "gur
maith láidir ataoi ag féachaint anocht; is
dócha gur chuir an blúire bagúin an seó de
neart ionnat; agus go deimhin féin theastuigh
rud éigin uait, a bhean bhocht, mar ní
rabhais ar fóghnamh le fada."



"Huth," arsa Peig, ag éirighe agus ag teacht
ar an dtaobh thiar de, agus an fód n-a láimh
aici. Rug sí ar mhullach chinn air, agus do thug
iarracht ar an fhód do chur isteach n-a
bhéal. Ar sise:



"Chíonn Dia na glóire,
Céad moladh go deó leis,
Go sáithfad an fód so
Síos it' scórnaigh,
A ghaige gan eólus,
Do goid mo chuid feóla
Tú féin is do chomh-lucht,
Agus d'fhág mé n-a tóir siúd
Dá lorg go brónach."


L. 656


"Airiú, a Pheig," arsa Liam, "an as do
mheabhair ataoi, nó cad é an diabhal atá ag
teacht ort?"



"A chladhaire na croiche," ar sise, "cuir-
fead-sa i n-iúl duit ná beidh tú ag magadh
fúm," ag tabhairt buille dhen bhfód sa
cheann do. "Seadh. Bíodh an méid sin
agat, a ruidín tsalaigh."



Do léim Liam chun an doruis, agus crioth-
nughadh n-a chroidhe, acht shar a raibh sé amuigh
fuair sí maide bhí le hais an doruis, agus
tháinig sé anuas go trom ar a chúl is é ag
scaramhaint léi, agus geallaim-se dhuit go
raibh ceann tinn aige ar feadh seachtmhaine
n-a dhiaidh san.



"Ar mh'anam, a mháthair," arsa Máire,
"gur cheart duit eagla Dé bheith ort, agus
a leithéid sin d'íde thabhairt d'aon duine.
Ba rud éigin dá mbeadh sé tuillte aige.
Acht do thabharfinn an leabhar ná raibh lámh
aige i n-éin-nídh do bhain leat, mar bhíos-sa
is é féin thíos ag an ndorus ar fhaid do bhís
it chodladh." Do shuidh Peig sa chúinne
annsoin agus d'fhreagair:



"Mhuise tiubaist is díth ort,
Nách ionnat do bhí an righneas
Is gan innsint go dtí so
Gur mar sin a bhí sé!
Ochón, mo sceimhleadh!
Is beag an iongnadh dhom chroidhe-se
Bheith briste dáríribh,
Mar is olc an iontaoibh thu
Ag sean-bhean chríona,
Chun bheith mar bhean tighe aici,
Tu ag imtheacht it' straoile
Ó mhaidin go hoidhche,
'S na fir ag suirighe leat."



Ní raibh aon oidhche ar feadh mí n-a dhiaidh
san ná go raibh sí ag faire ar an mbeirt
eile, chun díoghaltais d'imirt ortha, acht níor
thángadar, agus is í bhí go searbh fuathmhar
feargach, nuair ná raibh sásamh aici. Is
geárr gur shocruigh sí n-a haigne ná raibh
ann chaoi aici ar iad do chlaoidhe mura
mbuailfídhe bob éigin ortha, agus ba ghreann-
mhar, agus b'uathbhásach an seift, do cheap sí chun,
é sin do dhéanamh. D'fhan sí sa leabaidh ar
feadh cúpla lá, gan greim ná bolmac do
bhlaiseadh, agus í ag screadaigh go héigneach,
mar a bheadh tinneas millteach éigin uirthi.
An tríomhadh lá do chuaidh Máire chun an
bhaile mhóir, ag iarraidh sólthuistí do chuir-
feadh misneach innti. Nuair bhí sí imthighthe,
d'éirigh Peig agus d'fan sí ag ithe ar feadh dhá
uair a chluig, bhí a leithéid sin d'airc uirthi,
agus chuaidh thar n-ais sa leabhaidh arís ansoin.
Nuair a tháinig Máire a-bhaile, bhí Peig
sínte ar a tár-i-n-áirde roimpi, agus dá
mbeadh sí ag glaodhach uirthi, go dtí Lá an
Luain, ní fhéadfadh sí gíocs ná míocs do
bhaint aisti. "Ó, Dia go deó linn," ar
sise léi féin, "tá sí imthighthe gan an
sagart, agus cad do dhéanfad i n-éan-chor."
Siúd amach í ag glaodhach ar na chomharsain,
agus í ag gol 's ag bládhraigh. Tháinig beirt
nó triúr ban isteach i n-éinfeacht léi, agus
bhíodar cinnte go raibh sí marbh. Thógadar
Peig amach as an leabaidh, agus do nigheadar
í, agus le tuitim na hoidhche, bhí gach nídh ullamh
aca chun í thórramh, agus í socruighthe amach ar
chlár ar thaobh an tighe.



Is gairid n-a dhiaidh-san, go raibh na
daoine ag bailiughadh isteach go tigh an chuirp,
agus ambasa tháinig Seaghán Fada, agus Diarmaid
Liath chómh maith le cách. Is dúthrachtach an
phaidir d'ofráil siad suas ar son an t-anam
bocht do bhí imthighthe i láthair Dé, mar a
shíleadar. Do shuidh Seaghán thall le hais
an chláir, sa dtreó go raibh a dhrom
iompuighthe leis an gcorp.



"Airiú nach obann d'imthigh an bhean


L. 657


bhocht," ar seisean leis an bhfear ba ghoire dho.



"Moladh go deó le Dia mhuise, is eadh,"
ar san fear eile, "Is mairg a labharann
go dána." Do thosnuigh Seaghán ansoin ag
innsint do go raibh ana-bhuadhairt air mar
gheall ar an gcleas d'imir uirthi. Is ar
éigin do bhí an focal as a bhéal, nuair a
rugadh greim ar chluais air. Do thug
Seaghán súil-fhéachaint ar an dtaobh thiar de,
agus nuair a chonnaic sé gurbh' í Peig do rug
air, agus go raibh sí ag éirighe suas chuige, do
léim sé chúig troighthe os cionn tailimh.
Chuir sé aon bhúir amháin as, mar a chuirfadh
tarbh buile, agus do thuit n-a phleist i lár an
tighe.



A laogh mo chroidhe 'stigh, anois is eadh bhí
an scannradh, agus an iompáil líthe ar a raibh
láithreach, agus an fothram 's an t-éirleach ar
fuid an tighe. D'éirigh fear do bhí i n-aice
an doruis chun ruith leis féin, agus do thuit sé
ag an dtáirsigh. Tháinig beirt nó triúr
eile n-a dhiaidh, agus thuiteadar anuas air. Do
léim Peig den chlár d'aon truslóig amháin.
Do rug ar shluasaid, agus bhí ag gabháil ar
Dhiarmaid go raibh fuil n-a slaodaibh air.
Níor mhisde tigh cuirp do ghlaodhach air anois,
mar is 'mdhó chorp do bhí sínte ann. Acht
bhíodar ag teacht chúcha féin i ndiaidh ar
ndiaidh, agus ag sleamhnughadh leó amach, go
dtí nár fhan duine, fé dhíon tighe, acht Peig
féin. D'imthigh Máire chómh maith leis an
gcuid eile, agus ní leigfadh eagla dhi teacht n-a
goire, ar feadh trí mhí.



Do mhair Peig mórán bliadhanta n-a
dhiaidh so, agus nuair a fuair sí bás an tarna
huair, cuireadh triúr siúnéirí ag déanamh
na cómhrann chun í chríochnúghadh gan mhoill,
agus is daingean do clúduigheadh istigh í, an
fhaid do bhí sí dhá tórramh ar eagla go
n-éireóghadh sí thar n-ais chúcha go bráth arís.



Críoch.



SLIABH RÍGHE.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services