Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Féilmeoireacht
Title
Féilmeoireacht
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Féilmeoireacht Is an-deacair na féilmeoiridhe do shasadh acht tá cúrsaidhe gearáin aca anois. Bhí an t-earrach so go ró-mhór na gcoinnibh. Ar shon go raibh mí na Márta maith go leor, do rinne Aibreán a donas le neart fuachta, agus fearthainne agus do lean an Bhealtaine ar an m-bóthar céadna ar feadh trí seachtmhaine. Anois tá an aimsir ag dul i bhfeabhas agus is mithid é; acht is fada fós go mbéidh na prátaí nuadha d'á mbaint agus na sean-phrátaí ag dul i n-olcas agus i n-daoireacht. Tar éis an fhuacht agus an bháistigh bhí againn san earrach is baoghalach go bhfuil cuid mhór de'n tsíol a bhí curtha caillte in gach áit go bhfuil an talamh fliuch. Deir an sean-fhocal "is minic bhí cú mall sona." 'Sé mo thuairim gur mar seo a bhéidh an sgeul i mbliadhna aca so nár chuir a gcuid síl chomh luath agus ba cheart dóibh. Iad seo nár chuir a gcuid prátaí agus coirce go luath bhí siad ag obair go dithchiollach ó tháinig an triomacht agus an feabhas aimsire. Chídhim an t-ath-chré d'á chur le prátaí luatha acht ar éigean a bhfuil na gais fós os cionn talmhan, agus cuid mhór díobh seo tháinig suas go ró-luath bheir an sioc ortha agus b'fhearra dhóibh gan bheith chomh tapaidhe ag éirghe i n-áirde.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services