Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Féilmeoireacht

Title
Féilmeoireacht
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Féilmeoireacht



Is an-deacair na féilmeoiridhe do shasadh acht tá
cúrsaidhe gearáin aca anois. Bhí an t-earrach so go
ró-mhór na gcoinnibh. Ar shon go raibh mí na Márta maith
go leor, do rinne Aibreán a donas le neart fuachta,
agus fearthainne agus do lean an Bhealtaine ar an m-bóthar
céadna ar feadh trí seachtmhaine.



Anois tá an aimsir ag dul i bhfeabhas agus is mithid é;
acht is fada fós go mbéidh na prátaí nuadha d'á mbaint
agus na sean-phrátaí ag dul i n-olcas agus i n-daoireacht.
Tar éis an fhuacht agus an bháistigh bhí againn san earrach
is baoghalach go bhfuil cuid mhór de'n tsíol a bhí curtha
caillte in gach áit go bhfuil an talamh fliuch. Deir an
sean-fhocal "is minic bhí cú mall sona." 'Sé mo
thuairim gur mar seo a bhéidh an sgeul i mbliadhna aca
so nár chuir a gcuid síl chomh luath agus ba cheart dóibh.
Iad seo nár chuir a gcuid prátaí agus coirce go luath bhí
siad ag obair go dithchiollach ó tháinig an triomacht agus an
feabhas aimsire. Chídhim an t-ath-chré d'á chur le prátaí
luatha acht ar éigean a bhfuil na gais fós os cionn
talmhan, agus cuid mhór díobh seo tháinig suas go ró-luath
bheir an sioc ortha agus b'fhearra dhóibh gan bheith chomh
tapaidhe ag éirghe i n-áirde.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services