Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Nuid na Gaedhilge IV.
Title
Nuid na Gaedhilge IV.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
NUID NA GAEDHILGE. - IV. -- Sin tall leathanach a láimscríbhinn do fuaireamair ar iasacht ó Shéamus Ó Casaide, leabharlannuidhe na hÁrd-Chraoibhe. Tá urmhór de'n scríbhneóireacht ann ar fheabhas. Ní leabhar aosta é. Níl sé thar céad bliadhain is b'éidir ná fuil puinn tar leath-chéad. Sidé‚ adhbhar an leathanaigh i gcló: FÁISTINE MHIC AMHLAOIBH. Beidh ráib is biolar i n-ionad na mónadán, Ón Ráith go Sionainn 's go Doire na seólta, tráth; Beidh fás na coille ag tuitim 's ag feódh de ghnáth, Beidh fáscadh ar uisce agus muilte go leór n-a ghábhadh. Beidh an Franncach gan amhrus i nÉirinn seal, Is ramhar-aicme Gallda dhá dtraochadh ar fad; Beidh seann-deachmhadh ag seann-sagairt aosda abhfad Is seann-laidean gan amhrus is Gaedhilg fras. Beidh scéalta dhá n-éisteacht 's dá luadh go fuin, 'S na céadtha 'Sliocht Éibhir dá ruagadh thar muir; Beidh sléibhte dhá réidhteach is buach (buaic) na gcnoc Ag baothlaigh ar saothar fá thuairim stuic. Tuitfidh géar-thuile ó shléibhte do bháithfeas dreacht; Beidh méith-mhuca daor agus tál n-a lacht; Beidh éigse gan dréachta is lucht dánta seasc; 'S beidh Gaedhealaibh n-a dhéidh-sin go bráth go maith. -- M'atuirse féin mé déarach danardha dubhach, Fir Seanaide ó'n nGréig iad léigthe marbh san úir; M'fhalluing do réabadh féach mo hata 's mo thriús, 'S go meastar mé féin fím éadach chun leabtha 's chun búird. *** Lóchán gaoithe an saoghal so, a rath ná pós; Comhrádh caoin gach naoimh glac mar stór; Brón-pháis Chríost do chaoineadh is maith an nós, 'S go mbeidh do chroidhe gan bhrigh, gan phreab, gan glór. *** Ar eagla na heasbhadh, Is maith bheith coimeádthach Acht ní abraim leat-sa Bheith leamh ná spadánta --
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services