Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Nuid na Gaedhilge IV.

Title
Nuid na Gaedhilge IV.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

NUID NA GAEDHILGE. - IV.



--



Sin tall leathanach a láimscríbhinn do fuaireamair
ar iasacht ó Shéamus Ó Casaide, leabharlannuidhe na
hÁrd-Chraoibhe. Tá urmhór de'n scríbhneóireacht ann
ar fheabhas. Ní leabhar aosta é. Níl sé thar céad
bliadhain is b'éidir ná fuil puinn tar leath-chéad.



Sidé‚ adhbhar an leathanaigh i gcló:

FÁISTINE MHIC AMHLAOIBH.

Beidh ráib is biolar i n-ionad na mónadán,
Ón Ráith go Sionainn 's go Doire na seólta, tráth;
Beidh fás na coille ag tuitim 's ag feódh de ghnáth,
Beidh fáscadh ar uisce agus muilte go leór n-a ghábhadh.



Beidh an Franncach gan amhrus i nÉirinn seal,
Is ramhar-aicme Gallda dhá dtraochadh ar fad;
Beidh seann-deachmhadh ag seann-sagairt aosda abhfad
Is seann-laidean gan amhrus is Gaedhilg fras.



Beidh scéalta dhá n-éisteacht 's dá luadh go fuin,
'S na céadtha 'Sliocht Éibhir dá ruagadh thar muir;
Beidh sléibhte dhá réidhteach is buach (buaic) na gcnoc
Ag baothlaigh ar saothar fá thuairim stuic.



Tuitfidh géar-thuile ó shléibhte do bháithfeas dreacht;
Beidh méith-mhuca daor agus tál n-a lacht;
Beidh éigse gan dréachta is lucht dánta seasc;
'S beidh Gaedhealaibh n-a dhéidh-sin go bráth go maith.



--



M'atuirse féin mé déarach danardha dubhach,
Fir Seanaide ó'n nGréig iad léigthe marbh san úir;
M'fhalluing do réabadh féach mo hata 's mo thriús,
'S go meastar mé féin fím éadach chun leabtha 's chun
búird.



***



Lóchán gaoithe an saoghal so, a rath ná pós;
Comhrádh caoin gach naoimh glac mar stór;
Brón-pháis Chríost do chaoineadh is maith an nós,
'S go mbeidh do chroidhe gan bhrigh, gan phreab, gan
glór.



***



Ar eagla na heasbhadh,
Is maith bheith coimeádthach
Acht ní abraim leat-sa
Bheith leamh ná spadánta



--



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services