Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scoil na Suadh - Cailín na Gruaige Donne.
Title
Scoil na Suadh - Cailín na Gruaige Donne.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Collector
Ní Raghallaigh, Anna
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Scoil na Suadh. CAILÍN NA GRUAIGE DONNE Gléas C. Go módhmharach. Anna Ní Raghallaigh, do sholáthruigh. I. Ar bhántaibh an tSróil seadh d'fhágas mo stór 'Sa máithrín ag gleódh gan dabht léi. 'Dtaobh grádh a thabhairt dom shórd d'fhánaidhe … gan treó, Gan cáirne buidhe óir gcabhair dom. 'Sí an bháb mhiochair bheóil chuir
bláth ar mo sceól, Is is páiste bhí óg gan dabht í, 'S nach breágh deas mo shórd ag geáitseáil ar bórd, Le cailín na gruaige donne. II. Is fann lag a bhím 'dir Bhannduin is Laoi, I ngaorthaibh go dtigheann an Domhnach Is gáir luin go síoch i mbarr bile crainn 'S a ráidhteachas fíor a mheall me A Dhia ghléigil do chíonn tréan-mhuir is tír Nár léighir sa chíll go fann me 'S an péarla tá m' chroidhe go léigir im líon Sí cailín na gruaige donne. III. Ba bhreághtha a crobh 'sa gnaoi 'n Bhénus 's an flíos Thug Iáson ar luing anall leis 'S ná Déirdre do bhí ag Naois mar cheile fóríor Le n-a claon-gheasa draoidheacht do mheall é 'S ná Diana an ghrinn do réidheas gach slighe An laoch mear nár claoidheadh i dteannta 'S ná Hélen do mhíll na céadtha sa Traoi Sí cailín na gruaige donne. IV. Is neósad mo stair dom mhuinntir ar fad Cé gur claoidhte go lag gan mheabhair me Ag smaoineamh 's ag braith 's ag tnúth le hí theacht Gach oidhche 's maidin Domhnaigh Rinnce go pras, aoibhneas ná cleas Ní smaoiním le heasbha mheabhrach Acht mo chroidhe istigh dhá shlad le dian-díogras searc Do chailín na gruaige donne. V. Is is tréith-lag a bhím gan aoinne dem' bhuidhin Ag déanamh aon tsuim sa domhan díom Is is baoghlach dá dhruim go n-éagfad gan moill Am éigin ar díth mo mheabhrach Le saor-ghuth a cinn go léimid aníos Na héisc ar an Linn ag leabhaireacht, Is dá bhreághthacht mar nídh ní shásoghadh mo chroidhe Gan cailín na gruaige donne. NÓTHA:- B'é Éamonn Ó Néill, ó Chionn tSáile, a chuir an giota breágh taithneamhach so ag triall orainn.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services