Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Scoil na Suadh - Cailín na Gruaige Donne.

Title
Scoil na Suadh - Cailín na Gruaige Donne.
Author(s)
Féach bailitheoir,
Collector
Ní Raghallaigh, Anna
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926




L. 630


Scoil
na
Suadh.



CAILÍN NA GRUAIGE DONNE



Gléas C. Go módhmharach. Anna Ní Raghallaigh, do sholáthruigh.



I.



Ar bhántaibh an tSróil seadh d'fhágas mo stór
'Sa máithrín ag gleódh gan dabht léi.
'Dtaobh grádh a thabhairt dom shórd d'fhánaidhe … gan treó,
Gan cáirne buidhe óir gcabhair dom.
'Sí an bháb mhiochair bheóil chuir


L. 631


bláth ar mo sceól, Is is páiste bhí óg gan dabht í,
'S nach breágh deas mo shórd ag geáitseáil ar bórd,
Le cailín na gruaige donne.



II.



Is fann lag a bhím 'dir Bhannduin is Laoi,
I ngaorthaibh go dtigheann an Domhnach
Is gáir luin go síoch i mbarr bile crainn
'S a ráidhteachas fíor a mheall me
A Dhia ghléigil do chíonn tréan-mhuir is tír
Nár léighir sa chíll go fann me
'S an péarla tá m' chroidhe go léigir im líon
Sí cailín na gruaige donne.



III.



Ba bhreághtha a crobh 'sa gnaoi 'n Bhénus 's an flíos
Thug Iáson ar luing anall leis
'S ná Déirdre do bhí ag Naois mar cheile fóríor
Le n-a claon-gheasa draoidheacht do mheall é
'S ná Diana an ghrinn do réidheas gach slighe
An laoch mear nár claoidheadh i dteannta
'S ná Hélen do mhíll na céadtha sa Traoi
Sí cailín na gruaige donne.



IV.



Is neósad mo stair dom mhuinntir ar fad
Cé gur claoidhte go lag gan mheabhair me
Ag smaoineamh 's ag braith 's ag tnúth le hí theacht
Gach oidhche 's maidin Domhnaigh
Rinnce go pras, aoibhneas ná cleas
Ní smaoiním le heasbha mheabhrach
Acht mo chroidhe istigh dhá shlad le dian-díogras searc
Do chailín na gruaige donne.



V.



Is is tréith-lag a bhím gan aoinne dem' bhuidhin
Ag déanamh aon tsuim sa domhan díom
Is is baoghlach dá dhruim go n-éagfad gan moill
Am éigin ar díth mo mheabhrach
Le saor-ghuth a cinn go léimid aníos
Na héisc ar an Linn ag leabhaireacht,
Is dá bhreághthacht mar nídh ní shásoghadh mo chroidhe
Gan cailín na gruaige donne.



NÓTHA:- B'é Éamonn Ó Néill, ó Chionn tSáile, a chuir an giota breágh taithneamhach so ag triall orainn.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services