Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Title
Cúrsaidhe an tSaoghail - Éire
Author(s)
Fearghus Finn-Bhéil,
Pen Name
Fearghus Finn-Bhéil
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cúrsaidhe an tSaoghail Éire Thug Sir William Harcourt agus an tIarla Spencer oráideacha uatha i Sasana agus dubhradar nár thréig- eadar féin ná a gcomhluadar aon nidh d'ár chuireadar rómpa ó'n bhliadhain 1886 anuas, agus gur'b é is mó ghoilleann fós ortha gan a ceart a bheith d'á fhágháil ag Éirinn. Sin mar adeir Seághan Morley leis agus an chuid eile is mó éirim do na Liberals, agus is cinnte gur ar mhuintir na h-Éireann féin an mhilleán muna ndéantar troid chalma mar gheall ar an gceist seo ar fuaid na Breatainne Móire um an togha cóitcheann so chughainn. Ní fheadair aoinne acht iad féin an bheatha shuarach a bhíonn ag daoinibh bochta ins na cathrachaibh móra. Ní bhíonn d'ionad comhnuighthe acu agus ag a gclainn in a lán de bhailtibh móra acht aon tseomra amháin, nó dhá sheomra, an taobh amuigh dhe, agus b'fhéidir deich mbunadh eile 'na gcomhnuidhe sa tigh cheudna. Bhí fear ag dul suas stadhaire go dtí n-a roinn féin i dtigh móir díobh so i mBaile Áth' Cliath le deidheannaighe. Shuigh sé ar fhuinneóig bhriste a bhí ag ceann an stadhaire an fhaid a bhí a bhean ag osgailt doruis an tseomra. Thuit an duine bocht amach ar chúl a chinn agus marbhuigheadh é. Dearbhuigheadh i láthair an chorónaire go raibh an fhuin- neoig briste i rith an gheimhridh, agus na síonta ag séideadh trí an dtigh. Is beag samhradh ná bhíonn clampar i dtaobh creidimh i mBeul Feirsde. Daoine lámhacha deagh-chroidheacha is eadh furmhór de na h-Orangemen, acht gan tabhairt suas ná deagh-theagasg a bheith ortha. Cruinnigheann na mílte dhíobh ins na sráideannaibh gach tráthnóna Domhnaigh, agus fir tuatacha beul-sgaoilte ag sean- móineacht dóibh. Bíonn clocha d'á gcaitheamh acu le tighthibh na gCatoiliceach le coicigheas agus is baoghlach ó tá an dá thaobh ag bagairt ar a chéile go mbéidh droch obair ann fé dheireadh an tsamhraidh. Dá mhéid daoine d'imthigh as Éirinn le bliadhain is beag ná go bhfuil an oiread ceudna sa dúthaigh anois agus bhí bliadhain ó shoin. 'Sé an dísgiughadh d'imthigh orainn an ráithe seo ghabh tharainn trí chéad pearsa, acht is minic le fiche bliadhain a chailleamar a sheacht n-oiread déag sa ráithe. Fearghus Finn-Bhéil
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services