Cúrsaidhe an tSaoghail
Éire
Thug Sir William Harcourt agus an tIarla Spencer
oráideacha uatha i Sasana agus dubhradar nár thréig-
eadar féin ná a gcomhluadar aon nidh d'ár chuireadar
rómpa ó'n bhliadhain 1886 anuas, agus gur'b é is mó
ghoilleann fós ortha gan a ceart a bheith d'á fhágháil ag
Éirinn. Sin mar adeir Seághan Morley leis agus an
chuid eile is mó éirim do na Liberals, agus is cinnte
gur ar mhuintir na h-Éireann féin an mhilleán muna
ndéantar troid chalma mar gheall ar an gceist seo
ar fuaid na Breatainne Móire um an togha cóitcheann
so chughainn.
Ní fheadair aoinne acht iad féin an bheatha shuarach a
bhíonn ag daoinibh bochta ins na cathrachaibh móra. Ní
bhíonn d'ionad comhnuighthe acu agus ag a gclainn in a
lán de bhailtibh móra acht aon tseomra amháin, nó dhá
sheomra, an taobh amuigh dhe, agus b'fhéidir deich mbunadh
eile 'na gcomhnuidhe sa tigh cheudna. Bhí fear ag dul
suas stadhaire go dtí n-a roinn féin i dtigh móir díobh
so i mBaile Áth' Cliath le deidheannaighe. Shuigh sé ar
fhuinneóig bhriste a bhí ag ceann an stadhaire an fhaid
a bhí a bhean ag osgailt doruis an tseomra. Thuit an
duine bocht amach ar chúl a chinn agus marbhuigheadh é.
Dearbhuigheadh i láthair an chorónaire go raibh an fhuin-
neoig briste i rith an gheimhridh, agus na síonta ag
séideadh trí an dtigh.
Is beag samhradh ná bhíonn clampar i dtaobh creidimh
i mBeul Feirsde. Daoine lámhacha deagh-chroidheacha is
eadh furmhór de na h-Orangemen, acht gan tabhairt
suas ná deagh-theagasg a bheith ortha. Cruinnigheann
na mílte dhíobh ins na sráideannaibh gach tráthnóna
Domhnaigh, agus fir tuatacha beul-sgaoilte ag sean-
móineacht dóibh. Bíonn clocha d'á gcaitheamh acu le
tighthibh na gCatoiliceach le coicigheas agus is baoghlach
ó tá an dá thaobh ag bagairt ar a chéile go mbéidh droch
obair ann fé dheireadh an tsamhraidh.
Dá mhéid daoine d'imthigh as Éirinn le bliadhain is
beag ná go bhfuil an oiread ceudna sa dúthaigh anois
agus bhí bliadhain ó shoin. 'Sé an dísgiughadh d'imthigh
orainn an ráithe seo ghabh tharainn trí chéad pearsa, acht
is minic le fiche bliadhain a chailleamar a sheacht
n-oiread déag sa ráithe.
Fearghus Finn-Bhéil
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11