Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Seóirse na mBréag.
Title
Seóirse na mBréag.
Author(s)
Ua Liatháin, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEÓIRSE NA mBRÉAG. B'é la aonaigh Inse Géimhligh é - lá aonaigh an Fhóghmhair tá bliadhanta agus bliadhanta ó shoin ann. Bhí Seagháin Shéamuis ann, agus cúpla caorach aige le díol; bhí Diarmán Bán ann, agus do theastuigh uaidh cúpla caorach do cheannach, agus mar ba ghnáthach leis, bhí Cormac an Óil ann, gan aon ghnó i n-éan- chor aige le déanamh, acht ag féachaint timcheall air, ag faire cia bheadh 'n-a bhreall- sún chomh mór san agus deoch do thairsgint dó. Bhí na daoine ró-dhultha amach ar Chormac le déidheannaighe, agus — dar le Cormac — badh dhóigh leat ortha ná raibh fhios aca ciaca bhí tigh tábhairne san áit nó ná raibh. Do bhídís muinteardha a ndóthain leis acht, "cad n-a thaobh" ar sa Cormac "ná fiafruighidh díom an bhfuil béal ort? nó 'an bhfuil tart ort, a Chormaic? mar a dheinidís fad ó. Ní dheinid, agus ní fheadar 'on tsaoghal bhraonach cad í an chúis atá aca leis. Atá croidhe agus fairsinge agus féile muinntire na háite seo dultha amudha le tamaillín is baoghlach liom; acht cá bhfuil siad imthighthe? Ní fheadar-sa. Glóir do Dhia! ní mar sin a bhídís i gcómh- nuidhe. Ní bheinn im' sheasamh i gceart lár páirce an aonaigh seo, nuair airéoghainn im' thimcheall, 'téanam a Chormaic, agus beidh traoghait againn' nó 'a Chormaic, tá(n) tú marbh ó'n dtart, ní dhéanfaidh piúnt aon díoghbháil duit; nó 'dar do chroidhe, a Chormaic is fada nár chasadh ar a chéile sinn, téanam isteach, caithfir piúnt do thógaint uaim-se.' Acht tá gach nídh ag dul chum deiridh, fóríor!" An lá so go háirithe bhí Chormac amuigh go moch ar maidin. Acht má bhí féin, bhí a thuras i n-aistear air, ar feadh i bhfad. B'é nós na cloiche reatha aige é. (Ar Leanmhaint.) SEAGHÁN UA LIATHÁIN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services