Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Seóirse na mBréag.

Title
Seóirse na mBréag.
Author(s)
Ua Liatháin, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

SEÓIRSE NA mBRÉAG.



B'é la aonaigh Inse Géimhligh é - lá aonaigh
an Fhóghmhair tá bliadhanta agus bliadhanta ó
shoin ann. Bhí Seagháin Shéamuis ann, agus
cúpla caorach aige le díol; bhí Diarmán
Bán ann, agus do theastuigh uaidh cúpla caorach
do cheannach, agus mar ba ghnáthach leis, bhí
Cormac an Óil ann, gan aon ghnó i n-éan-
chor aige le déanamh, acht ag féachaint
timcheall air, ag faire cia bheadh 'n-a bhreall-
sún chomh mór san agus deoch do thairsgint dó.
Bhí na daoine ró-dhultha amach ar Chormac le
déidheannaighe, agus — dar le Cormac — badh dhóigh
leat ortha ná raibh fhios aca ciaca bhí tigh
tábhairne san áit nó ná raibh. Do bhídís
muinteardha a ndóthain leis acht, "cad n-a
thaobh" ar sa Cormac "ná fiafruighidh díom
an bhfuil béal ort? nó 'an bhfuil tart ort,
a Chormaic? mar a dheinidís fad ó. Ní
dheinid, agus ní fheadar 'on tsaoghal bhraonach
cad í an chúis atá aca leis. Atá croidhe agus
fairsinge agus féile muinntire na háite seo
dultha amudha le tamaillín is baoghlach liom;
acht cá bhfuil siad imthighthe? Ní fheadar-sa.
Glóir do Dhia! ní mar sin a bhídís i gcómh-
nuidhe. Ní bheinn im' sheasamh i gceart lár
páirce an aonaigh seo, nuair airéoghainn im'
thimcheall, 'téanam a Chormaic, agus beidh
traoghait againn' nó 'a Chormaic, tá(n) tú
marbh ó'n dtart, ní dhéanfaidh piúnt aon
díoghbháil duit; nó 'dar do chroidhe, a
Chormaic is fada nár chasadh ar a chéile sinn,
téanam isteach, caithfir piúnt do thógaint
uaim-se.' Acht tá gach nídh ag dul chum
deiridh, fóríor!"



An lá so go háirithe bhí Chormac amuigh
go moch ar maidin. Acht má bhí féin, bhí a
thuras i n-aistear air, ar feadh i bhfad. B'é
nós na cloiche reatha aige é.



(Ar Leanmhaint.)



SEAGHÁN UA LIATHÁIN.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services