Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Feis na Mumhan, 1903.
Title
Feis na Mumhan, 1903.
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
FEIS NA MUMHAN, 1903. -- Tá Feis na Mumhan ag druidim linn arís. Do réir an fhuadair atá fé n-a lucht stiúrtha i mbliadhna ní bheid sásta mara mbuaidhfidh feis na bliadhna so caoch ar gach ceann dá dtáinig roimpi. Chuige sin b'éidir nár mhisde cuid den obair a dheineadh anuraidh a chur i n-umhail. Tamall ó shoin do sheóil an Comhaltas ar a raibh cúram Feise na Mumhan anuraidh na haistí litridheachta chun Connradh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath d'fhonn is go gcuirfidhe i gcló iad. Tá cáil na litridheacht ar Fheis na Mumhan, agus ní hiongnadh soin, mar is i gCúige Mumhan do chomhnuidheann urmhór dár scríbhneóirí. I gClár na Feise anuraidh do bhí iomaidh- eacht i gcóir amhráin úr-nuaidh. Ní fios dúinn cia mhéid daoine bhí istigh air, acht tá roinnt amhrán as an méid do cuireadh is- teach againn agus cuirfam os comhair ár léightheóirí annso iad. -- CUMARAIGHE NA hÉIREANN AR A hÓIGE. A óige mo chroidhe istigh, a fhíor-shliocht na Fódla, Faire, ná sgaoílidh mé choidhche uaibh le crón-phuic; Tuigidh gur tír mé chuir Rígh geal na glóire Go néamhrach soilseach sa tsaoigheal so 'nbhúr dtómas. Ná leogaidh fé chínseal mé choidhche uaibh, a óige, Acht saothruighidh mo chaoin-ghuth, mo dhlighe, agus mo nósa; 'S é Righ geal na ríghthe thug díbh-se mar sheóid sinn, Is mara mbeidh sibh dá íntinn sin íocfaidh sibh fós as. Dá mbeadh sibh dam dílis do scaoilfeadh sibh fós díom Ceangal na buidhne do mhill agus bhreóidh me; Ansoin bheinn mar bhíos-sa im' thír rathmhar ghleóite Bheacht-Ghaodhalach fé aoibhneas ag caoin-shleachtaibh Fódla. Ba thréan iad bur sínsear is b'fhírinneach dhómh-sa; Ba shéanmhar a bhíodar im thimcheall 'n-a slóightibh; Ba shéimh iad bhur saoithe is b'íntileamhail eólgach Sa tsaoghal san bhur ndraoithe is bhur ríghthe ba leóghanta. Tógaidh díom cuibhreach is cínseal na gCóirneach Thug croch is faobhar nimhneach dom' naoimh agus tóirse; Ní cruaidh-obair díbh-se a ngeímhleacha móra A scuabadh arís díom má's cuibhe libh é, a óige. Ná tréigidh mo chaoin-ghuth, ná scaoilidh ar feódh í: Ná téidhidh thar taoide uaim go tíorthaibh nach eól díbh; Ná séanaidh mé choidhche agus chídhfidh sibh fós mé Chómh séadmhar do thír is tá i roinn na hEúróipe. CONCHUBHAR. -- MÁIRE NA gCARAD. Fonn — An Páistín Fionn. A Mháire na g-Carad 's a mhascalaigh mhín Slán uaim-se feasda chum an am' da mbidheam Ag taistiol gan mhairg is tú romham 'sa tslighe Gach maidin le soillse na gréine. Curfá — A Chumainn 's a ghrádh, is tú rin mo chroide a chrádh, A Chumainn 's a ghrádh dhil bhí páirteach A Chumainn 's a ghrádh 's a phlúr na mban mbreagh Suidh síos, a mhúirnín, láimh liom. Budh thusa thar bhéithibh do thoghas mar mhnaoi Mo réaltan péarlach sciamhach caoin Saidhbhreas na h-Aisia 's éadh ghabhailt gan mhaoidheamh Air an méid sin ní dhéanfuinn tú shéanadh. — Curfá. Is é do scéim-si a ghoin mo chroidhe Is sheól mé i gcéin i ngleanntaibh fraoich Do chúl chas búclach ómrach buidhe Is do shúilín chleasach chlaonmhar. — Curfá. Ag siubhal ar dhrúcht 's an ghrian t'réis luidhe Ag déanamh cúmhadh 's an raé 'n-a suidhe Mar thug mé gean dod' mhala mhín Is dod' choimín seang tar aon bhean. — Curfá. Is fada mé ag súil le "h-uair na guidhe" 'S is dual gach uair gur duairc a bhidhim Gan codladh, gan suan, le buaidhreamh thríot Ag siubhal na dtriúch so am' aonar. — Curfá. Da mbudh liom a bhfeicim ó Chnoc na Righ Go garraig a' t-samhadh 'n-a mbíodh Fionn n-a shuidhe Móin-a-Mhullaigh agus Móin Áruidhe Do bhrónnfainn iad uile go léir ort. — Curfá. RIDIRE AN GHLEANNA. -- CAOINEADH DHIARMUDA UÍ UALLACHÁIN. Sagart paróiste Uibh Laoghaire, d'éag an 6adh lá Bealtaine, 1888. Is mór an brón do pharóiste Uíbh Laoghaire, Ár sagart breágh, ró-mhaith, foghanta, tréitheach, Do sgiobadh os ár gcomhair, dar ndóigh as a léir- neart Agus céad faire go deó, nár bhuaine é a shaoghal dúinn.
Dúinn is dubhach é thúrnadh lán-lag, 'S is easnamh go dlúth é dá phróisteánaig; Is cúrsaí cumha é dá dhluth-cháirde, Do thuill gradam agus clú dhóibh siúd agus cáil mhaith. Ba mhaith a cháil agus dob' fhearr a thréithe, Go carthanamhail, grádhmhar, lán de dhaonacht, A chroidhe geal áluinn ró-árd-dhéarcach 'Scá raibh sagart dob' fhearr, le faghail i nÉirinn. Cé go bféadfí áireamh dís agus caogad Sagairt a' "Psalms" go breágh le chéile air, Deirim neamh-sleádhach gan náire i n-éan chor Ná raibh duine aca b'fheárr ná an sár-fhear féinig Dob' é an sár-fhear córach módhmharach néata é, 'N-a phearsa, 'n-a shnódh 's 'n-a mheón le chéile 'Na raibh luisne mar rós nó i g-comh-dhath chaora Ar lasadh gan ghó 'n-a chlódh breágh naomhtha. Ba naomhtha a bheatha agus ba bhlasda a bhréithre Ba chaomh ba chneasda 'n-a labhairt 'n-a mhéinn é Ba ró-bhreágh a phearsa 'n-a sheasamh i n-éide, Ar althóir bheannuighthe 'cur aifrinn Dé dhé. A Dhé dhil bheannuighthe na bhflaitheas ó léigis Do'n bhás é shladadh uainn, tabhair gradam agus réim cheart Gan moill dá anam is na flaithis chun pléidhe dhúinn Ó fhágais dealbh ar talamh 'n-a dhéidh sinn. 'N-a dhéidh atáimíd cásmhar léanmhar Gan comhairleach breágh chun ár g-cáis do réidhteach. Do thugadh cabhair don laige gan inisint d'éinne, 'S dob é ár gcúirt, ár mbreitheamh, agus ár gcoise le chéile é. Le chéile bhí 'n-a chroidhe breágh gléigeal. An fhoidhne fíor-cheart, sítheacht 's féile 'S an uaisleacht tríotha do thuill clú 's réim dó I gcúirt, i gcathair 's gach baile go dtéidheadh sé. Nuair a théidheadh 'on chathair bhíodh taithneamh 'ge'n gcléir dó Agus ag a thighearna easpuig do thairg breis réim dó Cé gur dhiúltuigh go banamhail an tairisgint chéadna Mar ba rogha leis mairint ar feadh a bheatha i n-Uibh Laoghaire Tá Uibh Laoghaire fágtha cásmhar buadhartha, A' machtnamh gach lá ar a chnámha sa tuamba, Farra dís dá ainm do rug gradam agus buadh leó Naoimh ar talamh agus gan dearmad shuas leis. Shuas ó tá do ghnáth a' pléidhe dhúinn Dís sagart gan cháim le grádh dhá dtréadta Cur a n-atchuinighe breágh i láthair Dé dhúinn Is mór an sos ar ár m-brón é, i bparóisde Uibh Laoghaire. "DROICHEAD AN TUINNE." --
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services