Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Feis na Mumhan, 1903.

Title
Feis na Mumhan, 1903.
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

FEIS NA MUMHAN, 1903.



--



Tá Feis na Mumhan ag druidim linn
arís. Do réir an fhuadair atá fé n-a lucht
stiúrtha i mbliadhna ní bheid sásta mara
mbuaidhfidh feis na bliadhna so caoch ar gach
ceann dá dtáinig roimpi. Chuige sin
b'éidir nár mhisde cuid den obair a
dheineadh anuraidh a chur i n-umhail. Tamall
ó shoin do sheóil an Comhaltas ar a raibh
cúram Feise na Mumhan anuraidh na haistí
litridheachta chun Connradh na Gaedhilge i
mBaile Átha Cliath d'fhonn is go gcuirfidhe
i gcló iad. Tá cáil na litridheacht ar Fheis
na Mumhan, agus ní hiongnadh soin, mar is i
gCúige Mumhan do chomhnuidheann urmhór
dár scríbhneóirí.



I gClár na Feise anuraidh do bhí iomaidh-
eacht i gcóir amhráin úr-nuaidh. Ní fios
dúinn cia mhéid daoine bhí istigh air, acht tá
roinnt amhrán as an méid do cuireadh is-
teach againn agus cuirfam os comhair ár
léightheóirí annso iad.



--



CUMARAIGHE NA hÉIREANN AR A hÓIGE.



A óige mo chroidhe istigh, a fhíor-shliocht na Fódla,
Faire, ná sgaoílidh mé choidhche uaibh le crón-phuic;
Tuigidh gur tír mé chuir Rígh geal na glóire
Go néamhrach soilseach sa tsaoigheal so 'nbhúr dtómas.



Ná leogaidh fé chínseal mé choidhche uaibh, a óige,
Acht saothruighidh mo chaoin-ghuth, mo dhlighe, agus mo nósa;
'S é Righ geal na ríghthe thug díbh-se mar sheóid sinn,
Is mara mbeidh sibh dá íntinn sin íocfaidh sibh fós as.



Dá mbeadh sibh dam dílis do scaoilfeadh sibh fós díom
Ceangal na buidhne do mhill agus bhreóidh me;
Ansoin bheinn mar bhíos-sa im' thír rathmhar ghleóite
Bheacht-Ghaodhalach fé aoibhneas ag caoin-shleachtaibh
Fódla.



Ba thréan iad bur sínsear is b'fhírinneach dhómh-sa;
Ba shéanmhar a bhíodar im thimcheall 'n-a slóightibh;
Ba shéimh iad bhur saoithe is b'íntileamhail eólgach
Sa tsaoghal san bhur ndraoithe is bhur ríghthe ba
leóghanta.



Tógaidh díom cuibhreach is cínseal na gCóirneach
Thug croch is faobhar nimhneach dom' naoimh agus tóirse;
Ní cruaidh-obair díbh-se a ngeímhleacha móra
A scuabadh arís díom má's cuibhe libh é, a óige.



Ná tréigidh mo chaoin-ghuth, ná scaoilidh ar feódh í:
Ná téidhidh thar taoide uaim go tíorthaibh nach eól díbh;
Ná séanaidh mé choidhche agus chídhfidh sibh fós mé
Chómh séadmhar do thír is tá i roinn na hEúróipe.



CONCHUBHAR.



--



MÁIRE NA gCARAD.



Fonn — An Páistín Fionn.



A Mháire na g-Carad 's a mhascalaigh mhín
Slán uaim-se feasda chum an am' da mbidheam
Ag taistiol gan mhairg is tú romham 'sa tslighe
Gach maidin le soillse na gréine.



Curfá —



A Chumainn 's a ghrádh, is tú rin mo chroide a chrádh,
A Chumainn 's a ghrádh dhil bhí páirteach
A Chumainn 's a ghrádh 's a phlúr na mban mbreagh
Suidh síos, a mhúirnín, láimh liom.



Budh thusa thar bhéithibh do thoghas mar mhnaoi
Mo réaltan péarlach sciamhach caoin
Saidhbhreas na h-Aisia 's éadh ghabhailt gan mhaoidheamh
Air an méid sin ní dhéanfuinn tú shéanadh. — Curfá.



Is é do scéim-si a ghoin mo chroidhe
Is sheól mé i gcéin i ngleanntaibh fraoich
Do chúl chas búclach ómrach buidhe
Is do shúilín chleasach chlaonmhar. — Curfá.



Ag siubhal ar dhrúcht 's an ghrian t'réis luidhe
Ag déanamh cúmhadh 's an raé 'n-a suidhe
Mar thug mé gean dod' mhala mhín
Is dod' choimín seang tar aon bhean. — Curfá.



Is fada mé ag súil le "h-uair na guidhe"
'S is dual gach uair gur duairc a bhidhim
Gan codladh, gan suan, le buaidhreamh thríot
Ag siubhal na dtriúch so am' aonar. — Curfá.



Da mbudh liom a bhfeicim ó Chnoc na Righ
Go garraig a' t-samhadh 'n-a mbíodh Fionn n-a shuidhe
Móin-a-Mhullaigh agus Móin Áruidhe
Do bhrónnfainn iad uile go léir ort. — Curfá.



RIDIRE AN GHLEANNA.



--



CAOINEADH DHIARMUDA UÍ UALLACHÁIN.



Sagart paróiste Uibh Laoghaire, d'éag an 6adh
lá Bealtaine, 1888.



Is mór an brón do pharóiste Uíbh Laoghaire,
Ár sagart breágh, ró-mhaith, foghanta, tréitheach,
Do sgiobadh os ár gcomhair, dar ndóigh as a léir-
neart
Agus céad faire go deó, nár bhuaine é a shaoghal
dúinn.


L. 619


Dúinn is dubhach é thúrnadh lán-lag,
'S is easnamh go dlúth é dá phróisteánaig;
Is cúrsaí cumha é dá dhluth-cháirde,
Do thuill gradam agus clú dhóibh siúd agus cáil mhaith.



Ba mhaith a cháil agus dob' fhearr a thréithe,
Go carthanamhail, grádhmhar, lán de dhaonacht,
A chroidhe geal áluinn ró-árd-dhéarcach
'Scá raibh sagart dob' fhearr, le faghail i nÉirinn.



Cé go bféadfí áireamh dís agus caogad
Sagairt a' "Psalms" go breágh le chéile air,
Deirim neamh-sleádhach gan náire i n-éan chor
Ná raibh duine aca b'fheárr ná an sár-fhear féinig



Dob' é an sár-fhear córach módhmharach néata é,
'N-a phearsa, 'n-a shnódh 's 'n-a mheón le chéile
'Na raibh luisne mar rós nó i g-comh-dhath chaora
Ar lasadh gan ghó 'n-a chlódh breágh naomhtha.



Ba naomhtha a bheatha agus ba bhlasda a bhréithre
Ba chaomh ba chneasda 'n-a labhairt 'n-a mhéinn é
Ba ró-bhreágh a phearsa 'n-a sheasamh i n-éide,
Ar althóir bheannuighthe 'cur aifrinn Dé dhé.



A Dhé dhil bheannuighthe na bhflaitheas ó léigis
Do'n bhás é shladadh uainn, tabhair gradam agus réim
cheart
Gan moill dá anam is na flaithis chun pléidhe
dhúinn
Ó fhágais dealbh ar talamh 'n-a dhéidh sinn.



'N-a dhéidh atáimíd cásmhar léanmhar
Gan comhairleach breágh chun ár g-cáis do réidhteach.
Do thugadh cabhair don laige gan inisint d'éinne,
'S dob é ár gcúirt, ár mbreitheamh, agus ár gcoise le
chéile é.



Le chéile bhí 'n-a chroidhe breágh gléigeal.
An fhoidhne fíor-cheart, sítheacht 's féile
'S an uaisleacht tríotha do thuill clú 's réim dó
I gcúirt, i gcathair 's gach baile go dtéidheadh sé.



Nuair a théidheadh 'on chathair bhíodh taithneamh 'ge'n
gcléir dó
Agus ag a thighearna easpuig do thairg breis
réim dó
Cé gur dhiúltuigh go banamhail an tairisgint chéadna
Mar ba rogha leis mairint ar feadh a bheatha i n-Uibh
Laoghaire



Tá Uibh Laoghaire fágtha cásmhar buadhartha,
A' machtnamh gach lá ar a chnámha sa tuamba,
Farra dís dá ainm do rug gradam agus buadh leó
Naoimh ar talamh agus gan dearmad shuas leis.



Shuas ó tá do ghnáth a' pléidhe dhúinn
Dís sagart gan cháim le grádh dhá dtréadta
Cur a n-atchuinighe breágh i láthair Dé dhúinn
Is mór an sos ar ár m-brón é, i bparóisde Uibh
Laoghaire.



"DROICHEAD AN TUINNE."



--



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services