Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Lorcán Ó Tuathail.
Title
Lorcán Ó Tuathail.
Author(s)
Ó Grádaigh, Énrí,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
LORCÁN Ó TUATHAIL. Is leas do dhuine eólas d'fagháil ar na daoinibh oirdhearca naomhtha do mhair roimhe agus aithris a dhéanamh ar a mbeathaidh agus ar a ngríomharthaibh; agus má's leas do dhuine é is leas do náisiún é mar an gcéadna. Is ar an adhbhar sin do cheapas aiste ghearr a scríobhadh ar Naomh Lorcán Ó Tuathail mar de mo bharamhail féin níor mhair aon fhear i nÉirinn riamh a bhí níos dílse do Dhia agus dá thír 'ná Naomh Lorcán Ó Tuathail. Prionnsa do b'eadh a Athair Muiris Ó Tuathail agus bhí dúithche mhór aige i gCo. Chill Dara ar imeallaibh Co. Chill Mhan- táin. Thárla gur phós sé bean de mhuinntir Uí Bhroin, daoine árd-chéimeacha bhí sa gcomhursanacht agus is minic ó shoin do throid fir a shíolruigh o'n sliocht sin ar son na hÉireann. Do bhí a phálás ag Muiris Ó Tuathail i n-aice leis an mbaile ar a nglaoidhtear anois Caisleán Dhiarmuda, agus is annsin a rugadh ár naomh 'san mbliadhain aon chéad déag dó dhéag agus fiche. Baisteadh an leanbh i dteampull Bhrighde i gCo. Chill Dara agus deirtear gur chuir Dia i n-umhail dá thúismightheóiribh gur bh'é a thoil go dtabharfaidhe Lorcán mar ainm ar an
pháiste. Ar aon chuma, sin é an t-ainm a tugadh air agus is fairsing an t-ainm anois é ar fud na hÉireann. Ní gábhadh dham a rádh gur maith a hoileadh Lorcán óg agus gur chuidigh an teagasc agus an sompla fuair sé ó n-a athair agus ó n-a mháthair le naomh a dhéanamh dhe. Is minic, dar liom, do chualaidh sé scéalta ar Phádraig ar Cholm Chille ar Bhrighid agus fós ar laochaibh tír ghrádhacha mar Chúchulaind agus Brian Bóroimhe. Cuireadh an síol i dtalamh saidhbhir agus do réir mar bhí an buachaill ag fás bhí an tír- ghrádh agus an naomhthacht ag borradh 'n-a chroidhe. Níor bh'iongnadh go deimhin go raibh bród ar a athair agus ar a mháthair as mac chomh deagh- chumtha chliste muinte agus go rabhadar aoibhinn thar barr, acht monuar, ní bhíonn aoibhneas saoghalta buan agus mar deir an sean- fhocal ní bhíonn sógh gan an-shógh. Is fíor é i gcomnuidhe agus ba mhaith a thuig Muinntir Uí Thuathail rin sa mbliadham aon chéad déag dó agus dá fhichead nuair d'ionnsuigh Diarmaid Mac Murchadha iad gan fáth ar bith go bhfios d'éinneach. B'é sin an rí a bhí ar Chúige Laighean an uair úd. Fear droch-bhéasach fealltach do b'eadh é agus is é do thug seilbh agus greim do na Sasanaigh ar an dtír seo ar dtús agus b'iomdha mallacht a thuill sé agus a fuair o shoin már gheall ar an mbeart éagcórach sin. Bh'iomdha duine a chuir sé trioblóid air acht ní dóigh liom go ndear- naidh sé níos mó éagcóir ar aon fhear ná mar rinne sé ar naomh Lorcán Ó Tuathail. Ní raibh an páiste acht deich mbliadhna dh'aois nuair rinne mac Murchadha iarracht ar a athair agus a mhuinntir a threascairt agus iad a ruagairt as a ndúithche. Cé a mba fear calma do bhí i Muiris Ó Tuathail ní raibh sé cumhachtach go leór chum troid a dhéanamh le Diarmaid agus dá bhrígh sin bh'éigin dó géilleadh acht ní dhéanfadh an fear eile sióthcháin muna bfuigheadh sé Lorcán óg uaidh n-a gheall. Is iontuigthe dhúinn go ndeachaidh sé an-chruaidh air é sin a dhéanamh, acht ó thárla nach raibh caoi ar bith eile aige le é féin agus a dhaoine a shábháil thug sé dhó é. Comh luath is fuair Mac Murchadha greim air chuir sé go háit uaigneach fhiadham é agus deir an rtaruidhe gur ar éigin fuair sé an oiread bídh is choingeobhadh beó é agus nach raibh d'éadach air ar feadh dhá bhliadhan acht gioblacha beaga suaracha. Bí sé bascatha le fuacht agus ocras agus anró go díreach mar bhí Pádraig ocht gcéad bliadhain roimhe sin nuair a bhí sé ag tabhairt aire do mhucaibh ar shléibhtibh Chúige Uladh. Deir sean fhocal gurab é lár do leasa é an tráth is measa leat, agus ní bréag nach bhfuil go leór de'n fhírinne ann. B'é toil Dé go mbeadh mórán duaidh agus anacair le fulaing ag an dís seo i laethibh a n-óge acht is le n-a ngrádh dhó féin a neartughadh do cheaduigh dhia soin. Cuirtear ór sa teine chum é ghlanadh agus cuirtear an duine tré thrioblóid ar an tsaoghal so cum é naomhadh. B'amhlaidh bhí an scéal ag Lorcán óg Ó Tuathail, bí a ghrádh do Dhia ag dul i dtreise gach lá ó fuair Mac Murchadha seilbh air. Bhí dhá bhliadhain caithte aige fá anró mhór nuair a chualaidh a athair i dtaoibh an aoide ghránda bhíodar a' tabhairt dá mhac. Ar chlos an scéil dó, do las sé suas le feirg. Bhailigh sé a lucht leanmhna agus chuaidh go Diarmaid an tíoránach, cun a mhac a fhuascailt ar ais nó ar éigean is cosamhail gur scannruigh sé Mac Murchadha mar d'éirigh leis Lorcán d'fagháil uaidh gan buille amháin a bhualadh cé go mba mhór i n-aghaid a thola do scar an fear eile leis. Tugadh an buachaill beag os comhair a athar acht quantum mutatus ab illo nach
mór a bhí sé atharruighthe ó chonnaic sé cheana é. D'fhéach sé go háluinn i n-árus a athar dá bhliadhain roimhe sin, acht anois bhí sé craithte anródhach agus gan air acht gioblacha salacha suaracha, níos measa ná mar bheadh ar fhear déirce. Siúd agus go raibh atharrughadh mór ar a chruth, bhí a chroidhe comh naomhtha sin gur cheap sé é féin a thabhairt go hiomlán do sheir- bís Dé. Ba mhian leis bheith n-a fhear riaghlta agus d'iarr sé cead ar a athair dul isteach san mainistir oirdheirc a bhí suidhte i measc na sléibhte i nGleann Da Locha san gConndae ar a dtugtar anois Garrdha na hÉireann. Ba ghearr dho annsin nuair a thug na manaigh eile a chaoinduthracht faoi deara óir do bhí sé mar aingeal, 'na measc, — umhal ceannsa agus ciúin. Bhí sé aigneamhail cliste dá réir comh géar-chúiseach sin go deimhin go mb'fhéidir a rádh n-a thaoibh go raibh tuigsint aige thar na seanóiríbh agus gur thuig sé thar lucht a mhúinte féin. Chuaidh sé ar aghaidh chomh maith sin go raibh cáil mhór aige ar fud na hÉireann nuair nach raibh sé acht chúig bliadhna fichead d'aois agus níor bh'iongnadh mar sin d'éis bháis uachtaráin na mainistreach gur toghadh 'na áit é. Níor bh'fada do bhí sé san ngradam úd nuair tháinic gorta mhór i nÉirinn agus deirtear go raibh sé chomh carthannach déirceamhail sin gur dhíol sé na soithigh óir agus na hornáidí do bhí ar altóir De le biadh do sholáthar do na daoinibh bochta bhí i gcruadh-chás le hocras. Chúig bliadhna do bhí sé 'n-a uachtarán i nGleann Dá Locha. Nuair d'éag Árd-easpog Bhaile Átha Cliath. Ba mhian leis na daoinibh go léir Lorcán bheith mar Árd-easpog aca 'n-a dhiaidh, acht bhí sé chom umhal gur diúltuigh sé don onóir i dtosach acht fá dheireadh ghlach sé í. Is sa mbliadhain aon chéad déag dó agus trí fichead do tháinig sé go Baile Átha Cliath agus do ghabh seilbh ar Theampall Chríost mar ba leis na Caitlicibh an teampoll an uair úd agus scathamh fada 'n-a dhiaidh. Is maith is eól dúinn go raibh gach nídh bun ós cionn tar éis na Lochlannaigh bheith díbeartha as an dtír agus rud ní ba mheasa 'ná sin go raibh na flatha agus na daoine ag cur i n-aghaidh a chéile. Ba mhór do ghoill sé sin ar ar naomh agus ba mhinic a rinne sé iarracht ar shíothcháin a dhéanamh eatortha mar bhí fhios aige go dtiocfadh mallacht Dé ortha mar gheall ar easaon- tacht agus achrainn. Acht is beag an áird a bhí aca air, ag dul i ndonas bhíodar ó lá go lá i leabhaidh dul i bhfeabhas. Is sean-scéal anois é gur ghoid Mac Murchadha bean an Ruarcaigh as Breifne agus go ndeachaidh go Hanraoi, rí Shasana le cabhair iarraidh air nuair chuir na prionnsaí eile i n'aghaidh faoi n-a dhroch-bhéusaibh. Ní gábhadh a rádh go raibh fáilte ag Hanraoi roimhe mar ba mhian leis greim fagháil ar Éirinn agus anois bhí an deis aige a shanntuigh sé le fada. Tháinic Mac Murchadha anall agus scata saighdiúirí leis agus ó'n lá sain go dtí an lá so tá Éire fá smacht na Sasannach. Mar adeir Seathrún Céitinn is é: "Éigceart na nÉireannach féin, Do threascair iad d'aon-bhéim, Ag spairnn fá cheart ghearr chorrach, Ní neart airm na néachtronnach." B'follus do Lorcán a Tuathail go gcuir- feadh an dream Gallda an tír go léir fá chois dá dtabhairfidhe cead a gcinn dóibh. Uime sin rinne sé a lan-dícheall chum sluaighte na hÉireann a ghríosughadh le súil go ruaigfeadh siad na Gaill mar ruaigeadh na Lochlannaigh céad go leith bliadhain roimhe sin. Thug sé le chéile iad. Tháinic a Con- chubhair ó Chonnachta, Mac Cárthaigh Mór agus na Brianaigh ó Chúige Mumhan, Ó Maoilsheachlain agus na Nialligh ó Chúige Uladh agus bhailigheadar timhcheall Bhaile Átha Cliath. Bhí na Sasanaigh
istigh sa gCathair agus bhí súil ag na Gaedhil iad a congbháil annsin nó go mbeadh easbhaidh bhídh ortha i dtreó go gcaithfeadh siad dhul ar ais nó bás d'fagháil leis an ocras. Gan amhras bhí sé 'n-a gcumas, deireadh a chur leis na Gaill acht faríor d'éirigh achrann eatortha féin arís. Bhí Árd-Easpog Bhaile Átha Cliath i n-a measc dá mbrostughadh acht má bhí féin theip air caradas a chur ar bun idir na taoiseachaibh. Dá brígh sin ní hiongnadh ar bith gur chlis ortha na naimhde a ruagairt. D'éaluigh siad-san amach as an gcathair; rinneadar a mbealach idir dhá dhream de na hÉireannachaibh agus as go bráth leó ar fud na tíre. Is aisteach go deimhin gur éirigh leó sin a dhéanamh, mar shaoilfeadh duine go bhféadfaidhe bac a chur ortha, réidh go léir. Cad chuige nár lean na Gaedhil iad agus gan ceann aca fhágáil beó. Is cosamhail nach raibh sé de mhaitheas ionnta sin fhéin a dhéanamh nó má bhí go raibh sé i ndán dóibh a dtír agus a saoirseacht a chailleadh an tráth úd. Pé scéal é d'iompuigheadar a-bhaile agus d'fhágadar greim ag an Sasanach ar a dtalamh dúthchais, greim daingean nár bogadh ó shoin agus nac mbogfar is dócha, go ceann tamaill mhaith eile. Bhí an bhuaidh ag an namhad agus dar ndóigh ba mhór an brón a tháinig ar Lorcán Ó Tuathail dá bhárr sin. Nach trom-chroidheach do smaoin sé ar an mbuaidhreámh do bhí i ndán d'á dhaoinibh. Do mhothuigh sé roimh ré an droch-bhail agus an mí-adh a luaidh an Céitinneach ins na rannaibh seo:- Mór antrom Inse Banba Truag éagchruth na hathardha Críoch ghéig-fhillte bhocht an bhróin Éagcinnte anocht a neamh-ghlór. Fada an tréimhse atá sise I n-an-chruth fá'n aindeise Gan fóirithin i ndán di Roi rithin dál na daoirse. Támuid ag druidim anois leis an gcuid deiridh de bheathaidh ár naoimh. Tar éis gabhála na hÉireann leis na Sasanaigh ní bhfuair sé sláinte ná aoibhneas. Bhí sé ag meathadh ó lá go lá. Ní thiubhradh rí Shasana féin aon tsuaimhneas dó, ná ní bheadh sé sásta muna n-imreoghadh sé beart fealltach éigin air mar taisbeánfaidh an scéal so: San mbliadhain aon chéad déag agus cheithre fichid b'éigean d' Ó Conchubhair rí Chonnacht a mhac a thabhairt n-a gheall do'n dara Hanraoi agus is é Árd-Easpog Ó Tuathail a cuireadh leis go Sasana. Bhí Hanraoi sa bhFrainc ar ghno éigin agus sul a d'imthig sé ann thug órdughadh dá oifige- achaib cúirte dá dtiocsadh Lorcán chuca gan é leigint ar ais arís 'chor ar bhith. Rinne- adar iarracht ar a chongbháil acht d'aithin sé ortha nár bh'féidir leis aon ionntaoibh bheith aige asta. Ghabh sé a leith-scéal leó ag rádh go raghadh sé san bhFrainc go bhfeicfeadh sé an rí féin. Ar an mbealach d'éirigh sé tinn agus bhí sé chomh dona sin nuair tháinic i ngar do Mhainistir Eu i Normandí go ndeachaidh sé ann agus gur iarr cead ar an uachtarán é leigint isteach. Chomh luath is d'innis sé dhóibh cia bhí ann bhí fáilte mhór aca roimhe agus rinneadar a ndicheall é thabhairt slán ó'n tinneas. Acht ar mbeith dhó scathamh gearr n-a measc d'éirigh níos measa agus b'fhollus dóibh go léir go raibh an bás air. Annsin thángadar chuige agus d'iarr air a udhacht a dhéanamh. "Tá fhios ag Dia" ar seisean dá bhfreagairt, "nach bhfuil pinginn 'sa domhan agam le fágbháil ag aon duine." Is ar a dhaoinibh féin bhí sé ag cuimhneamh agus é ag fagháil bháis mar bhí imnidhe mhór air n-a dtaoibh. "Ó, a dhaoine dhichéillidhe" ar sé, "créad d'éireoghas díbh anois? Cia thiubhras cabhair dhíbh nuair bheidheas mé imthighthe?"
B'shin iad na focla deiridh a labhair sé agus is 'n-a theangaidh féin an Ghaedhilg a dubhairt sé iad. D'adhlacadh é i reilig na mainis- dreach i bhfad ó n-a thír féin, agus ó na daoinibh a ghrádhuigh sé chomh mór sin. Ní raibh sé, acht chúig bliadhna agus dá fhichid nuair fuair sé bas, acht tig linn a rádh gan aon ghó gur chóimhlíon sé am fada i n-achar ghearr. Fear éachtach mór-chroidheac sár-naomhtha a bhí ann go deimhin, agus chomh fada is bheas féar ag fás no uisce ag ruith badh chóir go mbeadh sé i ndil-chuimne ag muinntir na hÉireann agus go mbeadh meas aca ar a ainm ghlórmhar. ÉNRÍ Ó GRÁDAIGH.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services