LORCÁN Ó TUATHAIL.
Is leas do dhuine eólas d'fagháil ar na
daoinibh oirdhearca naomhtha do mhair roimhe
agus aithris a dhéanamh ar a mbeathaidh
agus ar a ngríomharthaibh; agus má's leas do
dhuine é is leas do náisiún é mar an
gcéadna. Is ar an adhbhar sin do cheapas
aiste ghearr a scríobhadh ar Naomh Lorcán
Ó Tuathail mar de mo bharamhail féin níor
mhair aon fhear i nÉirinn riamh a bhí níos
dílse do Dhia agus dá thír 'ná Naomh Lorcán
Ó Tuathail. Prionnsa do b'eadh a Athair
Muiris Ó Tuathail agus bhí dúithche mhór aige i
gCo. Chill Dara ar imeallaibh Co. Chill Mhan-
táin. Thárla gur phós sé bean de mhuinntir
Uí Bhroin, daoine árd-chéimeacha bhí sa
gcomhursanacht agus is minic ó shoin do throid
fir a shíolruigh o'n sliocht sin ar son na
hÉireann.
Do bhí a phálás ag Muiris Ó Tuathail i
n-aice leis an mbaile ar a nglaoidhtear
anois Caisleán Dhiarmuda, agus is annsin a
rugadh ár naomh 'san mbliadhain aon chéad
déag dó dhéag agus fiche.
Baisteadh an leanbh i dteampull Bhrighde
i gCo. Chill Dara agus deirtear gur chuir Dia
i n-umhail dá thúismightheóiribh gur bh'é a thoil
go dtabharfaidhe Lorcán mar ainm ar an
pháiste. Ar aon chuma, sin é an t-ainm a
tugadh air agus is fairsing an t-ainm anois é
ar fud na hÉireann.
Ní gábhadh dham a rádh gur maith a hoileadh
Lorcán óg agus gur chuidigh an teagasc agus an
sompla fuair sé ó n-a athair agus ó n-a mháthair
le naomh a dhéanamh dhe. Is minic, dar liom,
do chualaidh sé scéalta ar Phádraig ar
Cholm Chille ar Bhrighid agus fós ar laochaibh tír
ghrádhacha mar Chúchulaind agus Brian Bóroimhe.
Cuireadh an síol i dtalamh saidhbhir agus do
réir mar bhí an buachaill ag fás bhí an tír-
ghrádh agus an naomhthacht ag borradh 'n-a chroidhe.
Níor bh'iongnadh go deimhin go raibh bród ar
a athair agus ar a mháthair as mac chomh deagh-
chumtha chliste muinte agus go rabhadar aoibhinn
thar barr, acht monuar, ní bhíonn aoibhneas
saoghalta buan agus mar deir an sean-
fhocal ní bhíonn sógh gan an-shógh. Is
fíor é i gcomnuidhe agus ba mhaith
a thuig Muinntir Uí Thuathail rin sa
mbliadham aon chéad déag dó agus dá
fhichead nuair d'ionnsuigh Diarmaid Mac
Murchadha iad gan fáth ar bith go bhfios
d'éinneach. B'é sin an rí a bhí ar Chúige
Laighean an uair úd. Fear droch-bhéasach
fealltach do b'eadh é agus is é do thug seilbh agus
greim do na Sasanaigh ar an dtír seo ar
dtús agus b'iomdha mallacht a thuill sé agus a
fuair o shoin már gheall ar an mbeart
éagcórach sin. Bh'iomdha duine a chuir sé
trioblóid air acht ní dóigh liom go ndear-
naidh sé níos mó éagcóir ar aon fhear ná
mar rinne sé ar naomh Lorcán Ó Tuathail.
Ní raibh an páiste acht deich mbliadhna dh'aois
nuair rinne mac Murchadha iarracht ar a
athair agus a mhuinntir a threascairt agus iad a
ruagairt as a ndúithche. Cé a mba fear
calma do bhí i Muiris Ó Tuathail ní raibh sé
cumhachtach go leór chum troid a dhéanamh le
Diarmaid agus dá bhrígh sin bh'éigin dó géilleadh
acht ní dhéanfadh an fear eile sióthcháin
muna bfuigheadh sé Lorcán óg uaidh n-a
gheall. Is iontuigthe dhúinn go ndeachaidh
sé an-chruaidh air é sin a dhéanamh, acht ó
thárla nach raibh caoi ar bith eile aige le é
féin agus a dhaoine a shábháil thug sé dhó é.
Comh luath is fuair Mac Murchadha greim
air chuir sé go háit uaigneach fhiadham é agus
deir an rtaruidhe gur ar éigin fuair sé an
oiread bídh is choingeobhadh beó é agus nach raibh
d'éadach air ar feadh dhá bhliadhan acht gioblacha
beaga suaracha. Bí sé bascatha le fuacht
agus ocras agus anró go díreach mar bhí Pádraig
ocht gcéad bliadhain roimhe sin nuair a bhí
sé ag tabhairt aire do mhucaibh ar shléibhtibh
Chúige Uladh. Deir sean fhocal gurab é lár
do leasa é an tráth is measa leat, agus ní
bréag nach bhfuil go leór de'n fhírinne ann.
B'é toil Dé go mbeadh mórán duaidh agus
anacair le fulaing ag an dís seo i laethibh
a n-óge acht is le n-a ngrádh dhó féin a
neartughadh do cheaduigh dhia soin. Cuirtear
ór sa teine chum é ghlanadh agus cuirtear an
duine tré thrioblóid ar an tsaoghal so cum
é naomhadh.
B'amhlaidh bhí an scéal ag Lorcán óg
Ó Tuathail, bí a ghrádh do Dhia ag dul i
dtreise gach lá ó fuair Mac Murchadha seilbh
air. Bhí dhá bhliadhain caithte aige fá anró
mhór nuair a chualaidh a athair i dtaoibh an
aoide ghránda bhíodar a' tabhairt dá mhac.
Ar chlos an scéil dó, do las sé suas le
feirg. Bhailigh sé a lucht leanmhna agus
chuaidh go Diarmaid an tíoránach, cun
a mhac a fhuascailt ar ais nó ar éigean
is cosamhail gur scannruigh sé Mac
Murchadha mar d'éirigh leis Lorcán d'fagháil
uaidh gan buille amháin a bhualadh cé go mba
mhór i n-aghaid a thola do scar an fear eile
leis. Tugadh an buachaill beag os comhair
a athar acht quantum mutatus ab illo nach
mór a bhí sé atharruighthe ó chonnaic sé cheana
é. D'fhéach sé go háluinn i n-árus a athar dá
bhliadhain roimhe sin, acht anois bhí sé craithte
anródhach agus gan air acht gioblacha salacha
suaracha, níos measa ná mar bheadh ar fhear
déirce. Siúd agus go raibh atharrughadh mór ar
a chruth, bhí a chroidhe comh naomhtha sin gur
cheap sé é féin a thabhairt go hiomlán do sheir-
bís Dé. Ba mhian leis bheith n-a fhear riaghlta
agus d'iarr sé cead ar a athair dul isteach san
mainistir oirdheirc a bhí suidhte i measc na
sléibhte i nGleann Da Locha san gConndae
ar a dtugtar anois Garrdha na hÉireann.
Ba ghearr dho annsin nuair a thug na manaigh
eile a chaoinduthracht faoi deara óir do bhí
sé mar aingeal, 'na measc, — umhal ceannsa
agus ciúin. Bhí sé aigneamhail cliste dá réir
comh géar-chúiseach sin go deimhin go
mb'fhéidir a rádh n-a thaoibh go raibh tuigsint
aige thar na seanóiríbh agus gur thuig sé thar
lucht a mhúinte féin. Chuaidh sé ar aghaidh
chomh maith sin go raibh cáil mhór aige ar fud
na hÉireann nuair nach raibh sé acht chúig
bliadhna fichead d'aois agus níor bh'iongnadh mar
sin d'éis bháis uachtaráin na mainistreach
gur toghadh 'na áit é. Níor bh'fada do bhí sé
san ngradam úd nuair tháinic gorta mhór
i nÉirinn agus deirtear go raibh sé chomh
carthannach déirceamhail sin gur dhíol sé na
soithigh óir agus na hornáidí do bhí ar altóir
De le biadh do sholáthar do na daoinibh bochta
bhí i gcruadh-chás le hocras. Chúig bliadhna
do bhí sé 'n-a uachtarán i nGleann Dá Locha.
Nuair d'éag Árd-easpog Bhaile Átha Cliath.
Ba mhian leis na daoinibh go léir Lorcán
bheith mar Árd-easpog aca 'n-a dhiaidh, acht
bhí sé chom umhal gur diúltuigh sé don onóir
i dtosach acht fá dheireadh ghlach sé í.
Is sa mbliadhain aon chéad déag dó agus trí
fichead do tháinig sé go Baile Átha Cliath agus
do ghabh seilbh ar Theampall Chríost mar ba
leis na Caitlicibh an teampoll an uair úd agus
scathamh fada 'n-a dhiaidh. Is maith is eól
dúinn go raibh gach nídh bun ós cionn tar
éis na Lochlannaigh bheith díbeartha as an dtír
agus rud ní ba mheasa 'ná sin go raibh na flatha
agus na daoine ag cur i n-aghaidh a chéile. Ba
mhór do ghoill sé sin ar ar naomh agus ba mhinic
a rinne sé iarracht ar shíothcháin a dhéanamh
eatortha mar bhí fhios aige go dtiocfadh
mallacht Dé ortha mar gheall ar easaon-
tacht agus achrainn. Acht is beag an áird a bhí
aca air, ag dul i ndonas bhíodar ó lá go lá
i leabhaidh dul i bhfeabhas. Is sean-scéal
anois é gur ghoid Mac Murchadha bean an
Ruarcaigh as Breifne agus go ndeachaidh
go Hanraoi, rí Shasana le cabhair iarraidh
air nuair chuir na prionnsaí eile i n'aghaidh
faoi n-a dhroch-bhéusaibh. Ní gábhadh a rádh
go raibh fáilte ag Hanraoi roimhe mar ba
mhian leis greim fagháil ar Éirinn agus anois bhí
an deis aige a shanntuigh sé le fada. Tháinic
Mac Murchadha anall agus scata saighdiúirí
leis agus ó'n lá sain go dtí an lá so tá Éire
fá smacht na Sasannach. Mar adeir
Seathrún Céitinn is é:
"Éigceart na nÉireannach féin,
Do threascair iad d'aon-bhéim,
Ag spairnn fá cheart ghearr chorrach,
Ní neart airm na néachtronnach."
B'follus do Lorcán a Tuathail go gcuir-
feadh an dream Gallda an tír go léir fá
chois dá dtabhairfidhe cead a gcinn dóibh.
Uime sin rinne sé a lan-dícheall chum
sluaighte na hÉireann a ghríosughadh le súil
go ruaigfeadh siad na Gaill mar ruaigeadh
na Lochlannaigh céad go leith bliadhain roimhe
sin. Thug sé le chéile iad. Tháinic a Con-
chubhair ó Chonnachta, Mac Cárthaigh Mór agus na
Brianaigh ó Chúige Mumhan, Ó Maoilsheachlain
agus na Nialligh ó Chúige Uladh agus bhailigheadar
timhcheall Bhaile Átha Cliath. Bhí na Sasanaigh
istigh sa gCathair agus bhí súil ag na Gaedhil iad
a congbháil annsin nó go mbeadh easbhaidh
bhídh ortha i dtreó go gcaithfeadh siad dhul ar
ais nó bás d'fagháil leis an ocras. Gan
amhras bhí sé 'n-a gcumas, deireadh a chur
leis na Gaill acht faríor d'éirigh achrann
eatortha féin arís. Bhí Árd-Easpog Bhaile
Átha Cliath i n-a measc dá mbrostughadh acht
má bhí féin theip air caradas a chur ar bun
idir na taoiseachaibh. Dá brígh sin ní
hiongnadh ar bith gur chlis ortha na naimhde a
ruagairt. D'éaluigh siad-san amach as an
gcathair; rinneadar a mbealach idir dhá
dhream de na hÉireannachaibh agus as go bráth
leó ar fud na tíre. Is aisteach go deimhin
gur éirigh leó sin a dhéanamh, mar shaoilfeadh
duine go bhféadfaidhe bac a chur ortha, réidh
go léir.
Cad chuige nár lean na Gaedhil iad agus gan
ceann aca fhágáil beó. Is cosamhail nach
raibh sé de mhaitheas ionnta sin fhéin a
dhéanamh nó má bhí go raibh sé i ndán dóibh a
dtír agus a saoirseacht a chailleadh an tráth úd.
Pé scéal é d'iompuigheadar a-bhaile agus
d'fhágadar greim ag an Sasanach ar a
dtalamh dúthchais, greim daingean nár
bogadh ó shoin agus nac mbogfar is dócha, go
ceann tamaill mhaith eile.
Bhí an bhuaidh ag an namhad agus dar ndóigh
ba mhór an brón a tháinig ar Lorcán Ó
Tuathail dá bhárr sin. Nach trom-chroidheach
do smaoin sé ar an mbuaidhreámh do bhí
i ndán d'á dhaoinibh. Do mhothuigh sé roimh
ré an droch-bhail agus an mí-adh a luaidh an
Céitinneach ins na rannaibh seo:-
Mór antrom Inse Banba
Truag éagchruth na hathardha
Críoch ghéig-fhillte bhocht an bhróin
Éagcinnte anocht a neamh-ghlór.
Fada an tréimhse atá sise
I n-an-chruth fá'n aindeise
Gan fóirithin i ndán di
Roi rithin dál na daoirse.
Támuid ag druidim anois leis an gcuid
deiridh de bheathaidh ár naoimh. Tar éis
gabhála na hÉireann leis na Sasanaigh ní
bhfuair sé sláinte ná aoibhneas. Bhí sé ag
meathadh ó lá go lá. Ní thiubhradh rí Shasana
féin aon tsuaimhneas dó, ná ní bheadh sé
sásta muna n-imreoghadh sé beart fealltach
éigin air mar taisbeánfaidh an scéal so:
San mbliadhain aon chéad déag agus cheithre
fichid b'éigean d' Ó Conchubhair rí Chonnacht
a mhac a thabhairt n-a gheall do'n dara
Hanraoi agus is é Árd-Easpog Ó Tuathail a
cuireadh leis go Sasana.
Bhí Hanraoi sa bhFrainc ar ghno éigin agus sul
a d'imthig sé ann thug órdughadh dá oifige-
achaib cúirte dá dtiocsadh Lorcán chuca gan
é leigint ar ais arís 'chor ar bhith. Rinne-
adar iarracht ar a chongbháil acht d'aithin sé
ortha nár bh'féidir leis aon ionntaoibh bheith
aige asta. Ghabh sé a leith-scéal leó ag rádh
go raghadh sé san bhFrainc go bhfeicfeadh sé
an rí féin. Ar an mbealach d'éirigh sé tinn
agus bhí sé chomh dona sin nuair tháinic i ngar
do Mhainistir Eu i Normandí go ndeachaidh
sé ann agus gur iarr cead ar an uachtarán é
leigint isteach. Chomh luath is d'innis sé
dhóibh cia bhí ann bhí fáilte mhór aca roimhe agus
rinneadar a ndicheall é thabhairt slán ó'n
tinneas. Acht ar mbeith dhó scathamh gearr
n-a measc d'éirigh níos measa agus b'fhollus
dóibh go léir go raibh an bás air.
Annsin thángadar chuige agus d'iarr air a
udhacht a dhéanamh.
"Tá fhios ag Dia" ar seisean dá
bhfreagairt, "nach bhfuil pinginn 'sa domhan
agam le fágbháil ag aon duine." Is ar a
dhaoinibh féin bhí sé ag cuimhneamh agus é ag
fagháil bháis mar bhí imnidhe mhór air n-a
dtaoibh. "Ó, a dhaoine dhichéillidhe" ar sé,
"créad d'éireoghas díbh anois? Cia thiubhras
cabhair dhíbh nuair bheidheas mé imthighthe?"
B'shin iad na focla deiridh a labhair sé agus is
'n-a theangaidh féin an Ghaedhilg a dubhairt
sé iad. D'adhlacadh é i reilig na mainis-
dreach i bhfad ó n-a thír féin, agus ó na daoinibh
a ghrádhuigh sé chomh mór sin. Ní raibh sé,
acht chúig bliadhna agus dá fhichid nuair fuair sé
bas, acht tig linn a rádh gan aon ghó gur
chóimhlíon sé am fada i n-achar ghearr. Fear
éachtach mór-chroidheac sár-naomhtha a bhí ann
go deimhin, agus chomh fada is bheas féar ag
fás no uisce ag ruith badh chóir go mbeadh sé
i ndil-chuimne ag muinntir na hÉireann agus
go mbeadh meas aca ar a ainm ghlórmhar.
ÉNRÍ Ó GRÁDAIGH.