Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Scoil na Suadh - Cuachín Bán an tSléibhe.
Title
Scoil na Suadh - Cuachín Bán an tSléibhe.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Scoil na Suadh. CUAICHÍN BÁN AN TSLÉIBHE Gléas F. Go croidheamhail. Fonn: "Na Casóga Uaine." I. Mo chéad beannacht gle 'gat a dhúthaigh shámh A Chonntae Chláir mo chléibh; Is éigin dam géilleadh dhon chumhangas ghnáith, Agus gluaiseacht le fán an tsaoghail. Mo
chéad fichid slán let shéimh-chineadh lághach, Níl a samhail ar fhagháil fén spéir; Acht slán tar cách le Báb mo ghrádh, Le Cuaichín Bhán an tSléibhe. II. Is uaibhreach 's is suairc é do shnódh gan cháim A Thuamhain ghil le fáinne an lae Na muar-chnuic ó thuaidh is an reódh n-a mbárr. Agus Sliabh breagh Cholláin leis féin. Mo chruadhtan mo chás Mo ghluaiseacht ar stáir Ó chiumhais Cholláin na gcraobh Óm stuaire 'mháthair uasail cháidh 'S ó Chuaichín Bhán an tSléibhe. III. A Thuamhain mhilis uair eile uaim-se slán a's gurab uait-se atá mo dhréim; Ag cuanta 's ag cruacha do thuaithe bhláith Na sluaighte deagh-shlán go léir. Nach buartha bheidh Seán I n-uaigneas gac lá, Acht fillfidh tráth fé réim Ar an muinntir lághach ar thaobh Cholláin Is ar Chuaichín Bhán an tSléibhe. TÓRNA. Do chéad-scríbheadh an t-amhrán so i gcóir "Sheáin na Scuab," dráma Thomáis Uí Aodha. Tá Seán n-a sheasamh ar Dhroichead Thuadh Mhumhan i Luimneach na long, agus é ag fágaint slán le Conntae an Chláir. Tá an sean-fhonn thuas coitcheanta i ndeisceart na hÉireann. Do cuireadh i gcló san "tSeamróig" é, timcheall dhá bhliadhain déag ó shoin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services