CUAICHÍN BÁN AN TSLÉIBHE
Gléas F. Go croidheamhail. Fonn: "Na Casóga Uaine."
I.
Mo chéad beannacht gle 'gat a dhúthaigh shámh
A Chonntae Chláir mo chléibh;
Is éigin dam géilleadh dhon chumhangas ghnáith,
Agus gluaiseacht le fán an tsaoghail.
Mo
chéad fichid slán
let shéimh-chineadh lághach,
Níl a samhail ar fhagháil fén spéir;
Acht slán tar cách le Báb mo ghrádh,
Le Cuaichín Bhán an tSléibhe.
II.
Is uaibhreach 's is suairc é do shnódh gan cháim
A Thuamhain ghil le fáinne an lae
Na muar-chnuic ó thuaidh is an reódh n-a mbárr.
Agus Sliabh breagh Cholláin leis féin.
Mo chruadhtan mo chás
Mo ghluaiseacht ar stáir
Ó chiumhais Cholláin na gcraobh
Óm stuaire 'mháthair uasail cháidh
'S ó Chuaichín Bhán an tSléibhe.
III.
A Thuamhain mhilis uair eile uaim-se slán
a's gurab uait-se atá mo dhréim;
Ag cuanta 's ag cruacha do thuaithe bhláith
Na sluaighte deagh-shlán go léir.
Nach buartha bheidh Seán
I n-uaigneas gac lá,
Acht fillfidh tráth fé réim
Ar an muinntir lághach ar thaobh Cholláin
Is ar Chuaichín Bhán an tSléibhe.
TÓRNA.
Do chéad-scríbheadh an t-amhrán so i gcóir "Sheáin na Scuab," dráma Thomáis Uí Aodha. Tá Seán n-a
sheasamh ar Dhroichead Thuadh Mhumhan i Luimneach na long, agus é ag fágaint slán le Conntae an Chláir. Tá an
sean-fhonn thuas coitcheanta i ndeisceart na hÉireann. Do cuireadh i gcló san "tSeamróig" é, timcheall
dhá bhliadhain déag ó shoin.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11