Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ceapa Dánta.
Title
Ceapa Dánta.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CEAPA DÁNTA. -- Cuirim slán leat, a Cheapa Dánta, Anois go bráth chum go n-éagfad, Mar is minic d'fhágais mé i dtigh an tábhairne 'S mé im' amadán gan éifeacht. Lá 'r n-a mhárach 's eadh bhím-se tnáidhte, 'S ná féadaim náid do dhéanamh: Ceasnaoi cráidhte ort 's nár neartuighidh an t-ádh leat, 'S é sin rádh mo chéile! Fóill-se, a chaoin-bhean, ná tabhair aon droch-ghuidhe dham, Agus mé i ngalaraoibh bheith traochta, S gura' fada arís go n-ólfad puinn De'n bheath uisce mhill go léir mé Is leannán sidhe é 'tá riamh im' chuimhdeacht, 'S do chur 'san oidhche ar strae mé, Nár leig dam smaoineamh ar mhnaoi ná ar chloinn, Ná ar anacraoibh an tsaoghail seo An Bhean: 'S nach maith an chuimhne bhí 'ge fear an chíosa Ar a theacht san tír seo dhod' fhéachaint, Do chara dhíograis do leannán sidhe agat Riamh nár scaoil do gheibhinn. Dá dtiocfadh an bhuidhean so 'tá óg i gcríonnacht I neart i n-aois 's i n-éifeacht Do phas bheadh scríobhtha agus chaithfeá stríocadh ann, 'S go bráth ní shínfinn-se taobh leat. An Fear: Má's é sin t-inntinn, déan gan mhoill é. Fad do bhead-sa eagnaidhe no éascaidh, 'S gur gearr go dtuillfead thar (sul) dtéidheadh i gcríonnacht. Luach na dighe 's an éadaigh. Go bhfuil óig-bhean chaoin tais ná fuil puinn slighe uainn Do thug searc a croidhe 's a cléibh dham, Go tláth do shuidhfeadh i dtigh an tabairne taoibh liom 'S gur túisge 'díol i ná 'glaodhach mé. An Bhean: Ba gheal an lá liom dá mbeadh sé ag cáthadh Sneachta ar bhárr na gcraobh nglas Tú teacht láithreach is tabhairt féd' láimh dam Ná tiocfá go bráth domh' éileamh. Mar is tu do chráidh mé 's do chuir chum fáin mé Tu ag diúgadh cárt is daor-phuins Fan mar athá'nn tu 's ná bac aon rásta Agus mairfam go bráth mar fhéadfam.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services