CEAPA DÁNTA.
--
Cuirim slán leat, a Cheapa Dánta,
Anois go bráth chum go n-éagfad,
Mar is minic d'fhágais mé i dtigh an tábhairne
'S mé im' amadán gan éifeacht.
Lá 'r n-a mhárach 's eadh bhím-se tnáidhte,
'S ná féadaim náid do dhéanamh:
Ceasnaoi cráidhte ort 's nár neartuighidh an t-ádh
leat,
'S é sin rádh mo chéile!
Fóill-se, a chaoin-bhean, ná tabhair aon droch-ghuidhe
dham,
Agus mé i ngalaraoibh bheith traochta,
S gura' fada arís go n-ólfad puinn
De'n bheath uisce mhill go léir mé
Is leannán sidhe é 'tá riamh im' chuimhdeacht,
'S do chur 'san oidhche ar strae mé,
Nár leig dam smaoineamh ar mhnaoi ná ar chloinn,
Ná ar anacraoibh an tsaoghail seo
An Bhean:
'S nach maith an chuimhne bhí 'ge fear an chíosa
Ar a theacht san tír seo dhod' fhéachaint,
Do chara dhíograis do leannán sidhe agat
Riamh nár scaoil do gheibhinn.
Dá dtiocfadh an bhuidhean so 'tá óg i gcríonnacht
I neart i n-aois 's i n-éifeacht
Do phas bheadh scríobhtha agus chaithfeá stríocadh ann,
'S go bráth ní shínfinn-se taobh leat.
An Fear:
Má's é sin t-inntinn, déan gan mhoill é.
Fad do bhead-sa eagnaidhe no éascaidh,
'S gur gearr go dtuillfead thar (sul) dtéidheadh i
gcríonnacht.
Luach na dighe 's an éadaigh.
Go bhfuil óig-bhean chaoin tais ná fuil puinn slighe
uainn
Do thug searc a croidhe 's a cléibh dham,
Go tláth do shuidhfeadh i dtigh an tabairne taoibh liom
'S gur túisge 'díol i ná 'glaodhach mé.
An Bhean:
Ba gheal an lá liom dá mbeadh sé ag cáthadh
Sneachta ar bhárr na gcraobh nglas
Tú teacht láithreach is tabhairt féd' láimh dam
Ná tiocfá go bráth domh' éileamh.
Mar is tu do chráidh mé 's do chuir chum fáin mé
Tu ag diúgadh cárt is daor-phuins
Fan mar athá'nn tu 's ná bac aon rásta
Agus mairfam go bráth mar fhéadfam.