Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
"Teach Sagamsa"
Title
"Teach Sagamsa"
Author(s)
Mac Giolla Brighde,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
"Teach Sagamsa" A Fhir an Chlaidhimh, Muna bhfuil tuirse ort agus ar do chuid léightheoirí ag an "teach sagamsa" úd, ba mhaith liom-sa focal do rádh 'na thaoibh. Is dóigh liom - ní h-eadh - acht táim cinnte - go bhfuil an ceart ag an "Laigheanach" san méid seo .i. gurab é "teach is agamsa" an chiall. Acht ní fhuil aon ghádh leis an "an" ó tá an léiriughadh san "is agamsa" ní fhuil trácht acht ach ar an aon theach "is agamsa." Feuch ar an mhíniughadh a thug an t-Athair Peadar do'n Ollamh Atkinson díreach ar an nidh sin sa CHLAIDHEAMH SOLUIS beagán ó shoin. Ní deirtear "an fear an tighe" acht "fear an tighe," agus ní fhuil gádh le h-"an" roimh an abra "teach saigesean" acht chomh beag agus tá gadh leis roimh an abra "teach an duine sin." Tá a fhios sin ag luighe na Gaedhilge agus ní deirid siad acht "teach sagamsa." Mar sin ní chreidim go bhfuil aon chosamhlacht idir "teach sagamsa" agus "an teach so agamsa" mar adeir S. S. ua Dubhghaill, ó is gnáthach an t-"an" úd chur roimh focal ar bith (acht ainm duine amháin ar uairibh) atá i dteannta a "so" "sin", nó "úd". Cad adeir an "Connachtach" anois? Chualaidh sé an cor cainte go minic i gCondae Mhuigh-Eó - "Dóigheadh teash sagainne," agus ml. agus is é a bharamhuil gur bh'é ciall atá ann "ná" (mo) theach-sa agamsa." Acht feuch an focailín "-sa", ní bhaineann sé leis an bhfocal "teach" ar chor ar bith. Is le "mo" a bhaineann sé. Neartuigheann sé an tseilbh - bheireann sé an tseilbh "domh-sa" seachas aon duine eile agus mar sin ní fhuil blúire céille san "-sa" muna bhfuil an "mo" i n-aoinfheacht leis. Agus rud eile. Má's "mo teach- sa" é cad chuige dom a rádh gur "agamsa" é? - "Mo theach-sa agam-sa" - do bhéadh an iomarca seilbhe ann ar an gcuma sain! Rud eile arís. Dá mba ceart "mo theach-sa agamsa" ní deirfidhe "teach sagainne," acht "teach na againne" = "ár dteach-sa againne," agus ní bhéadh fuaim an "s" le cloistint ann. I dtaoibh an méid adeir an "Connachtach" ar "le" agus "ag" i dteannta "is" do chualas-sa agus do chonnac- sa gleusa cainte de'n tsaghas seo - "is é is mac agam", "is athair agam é" agus a leithéidí. Ar na h-adhbharaibh seo uile creidim gurab "teach is agamsa" an chiall fior atá le "teach sagamsa." Tá eagla orm go bhfuil an litir seo ró fhada, acht b'fhéidir go mbéidh slighe agat dí. Mise, Mac Giolla Brighde
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services