Historical Irish Corpus
1600 - 1926

"Teach Sagamsa"

Title
"Teach Sagamsa"
Author(s)
Mac Giolla Brighde,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


"Teach Sagamsa"



A Fhir an Chlaidhimh,
Muna bhfuil tuirse ort agus ar do chuid léightheoirí ag
an "teach sagamsa" úd, ba mhaith liom-sa focal do
rádh 'na thaoibh.



Is dóigh liom - ní h-eadh - acht táim cinnte - go bhfuil
an ceart ag an "Laigheanach" san méid seo .i. gurab
é "teach is agamsa" an chiall.



Acht ní fhuil aon ghádh leis an "an" ó tá an léiriughadh
san "is agamsa" ní fhuil trácht acht ach ar an aon theach
"is agamsa." Feuch ar an mhíniughadh a thug an t-Athair
Peadar do'n Ollamh Atkinson díreach ar an nidh sin
sa CHLAIDHEAMH SOLUIS beagán ó shoin. Ní deirtear
"an fear an tighe" acht "fear an tighe," agus ní fhuil
gádh le h-"an" roimh an abra "teach saigesean" acht
chomh beag agus tá gadh leis roimh an abra "teach an duine
sin." Tá a fhios sin ag luighe na Gaedhilge agus ní deirid
siad acht "teach sagamsa." Mar sin ní chreidim go
bhfuil aon chosamhlacht idir "teach sagamsa" agus "an
teach so agamsa" mar adeir S. S. ua Dubhghaill, ó is
gnáthach an t-"an" úd chur roimh focal ar bith (acht
ainm duine amháin ar uairibh) atá i dteannta a "so"
"sin", nó "úd".



Cad adeir an "Connachtach" anois? Chualaidh sé an
cor cainte go minic i gCondae Mhuigh-Eó - "Dóigheadh
teash sagainne," agus ml. agus is é a bharamhuil gur bh'é ciall
atá ann "ná" (mo) theach-sa agamsa."



Acht feuch an focailín "-sa", ní bhaineann sé leis an
bhfocal "teach" ar chor ar bith. Is le "mo" a bhaineann
sé. Neartuigheann sé an tseilbh - bheireann sé an
tseilbh "domh-sa" seachas aon duine eile agus mar sin
ní fhuil blúire céille san "-sa" muna bhfuil an "mo"
i n-aoinfheacht leis. Agus rud eile. Má's "mo teach-
sa" é cad chuige dom a rádh gur "agamsa" é? -
"Mo theach-sa agam-sa" - do bhéadh an iomarca seilbhe
ann ar an gcuma sain!



Rud eile arís. Dá mba ceart "mo theach-sa
agamsa" ní deirfidhe "teach sagainne," acht "teach
na againne" = "ár dteach-sa againne," agus ní bhéadh
fuaim an "s" le cloistint ann.



I dtaoibh an méid adeir an "Connachtach" ar "le"
agus "ag" i dteannta "is" do chualas-sa agus do chonnac-
sa gleusa cainte de'n tsaghas seo - "is é is mac
agam", "is athair agam é" agus a leithéidí.



Ar na h-adhbharaibh seo uile creidim gurab "teach is
agamsa" an chiall fior atá le "teach sagamsa."



Tá eagla orm go bhfuil an litir seo ró fhada, acht
b'fhéidir go mbéidh slighe agat dí.



Mise,
Mac Giolla Brighde

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services