Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Clodhanna Nua.
Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Clodhanna Nua. St Columba's. Issued by the League of St. Columba, Maynooth College. Dublin: M.H. Gill agus Son. 1/- nett. Seo chughainn an tríomhadh uimhir den pháipéar thaitheacach thaithneamhach Gaedhealach so. Tá sé léighte againn ó thosach deireadh, agus sara gcuirfam ar an seilp é, ní fuláir nó léighfam arís é. Badh mhaith linn "St. Columba's" nó a shamhail a theacht chughainn gach seachtmhain. Ní féidir dúinn annso áireamh a dhéanamh ar a bhfuil d'aistíbh breaghtha tairbhtheacha ann. Tá trácht ann ar cheisteanna ag baint le Stair na hÉireann, le litridheacht na hÉireann, le seana-shaoghal na hÉireann le Diadhacht, is go fiú Sidheóga na hÉireann. Tá chúig cinn de sna haistíbh seo i nGaedhilg, acht tá an buadh fad ag "fios fáth cogaidh 1641," aiste a scríbh Aindrias Ó Céilleachair. Tá buaidhte aige seo ar a bhfeacamair fós i nua-litridheacht na nGaedheal. Déanfaidh Aindrias rud fóghanta fós. Tugaimíd fé ndeara gur bhuaidh an aiste seo duais Chonnradh Chuilm Cille. Níor bh'iongnadh soin. Tá aistí i mBéarla ar "The Future of Literature in Ireland" ó'n Athair Tomás Ó Ceallaigh, (tá tú ró-bhog ar fad ar mhuinntir an Celtic Note a Athair Tomás), ar "The Individuality of Native Civilisation" ó Athair Seaghán Ó Míodhcháin, ar "Glimpses of Pre-Patrician Christianity in Ireland" ó Mhalachi Eaton, agus ar a lán rudaí fóghanta eile. Taispeánann an leabhar so dhúinn cionnus mar atáthar ag oibriughadh i gColláiste Mhaigh Nuadhat féin ar son teangadh na hÉireann, cionnus mar bítar ag smaoineamh n-a leith istigh ann, agus cad é an congnamh is cóir d'Éirinn súil a bheith aici leis ó bhliadhain go bliadhain do réir mar bheifar ag fágaint an choláiste chun an cion is dual uatha a dhéanamh leathsmuigh. Táthar ag obair go maith fé'n gciúineas i Maigh Nuadhat. Taispeánann "St. Columba's" soin. Má theastuigheann ó éinne fios fáth an scéil go léir d'fhagháil, faghadh cóip de "St. Columba's"; léigheadh é, agus beidh áthas air.
AMHRÁIN CHUILM DE BHAILÍS. Ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath. Naoi bpingine. Is maith linn go bhfuil saothar filidhe Chúige Chonnacht á gcur i gcló, fé mar badh cheart an obair a dhéanamh: sé sin leabhar i gcóir gach duine aca. Tá súil againn go-ndéanfar an rud céadna leis an mBair- éadach is an Suibhneach, sara n-imtheoghaidh a gcuid amhrán a cuimhne na ndaoine. Fíor-fhile is eadh Colm, Dia á bheannachadh. Mara ndearnaidh riamh acht "Amhrán an Téi" do thuigfadh éinne soin. Tá "Cúirt an tSrutháin Bhuidhe" go hana-mhaith leis. Taithneann linn féin go maith na hamhráin a dhein sé ar Bhairtlín Dhomhnaill. Tá eagla orainn go bhfuil an leabhar so ró-dhaor don mhuinntir a gheobhadh sult as a léigheamh. Sin a bhfuil de locht againn air. Do cuireadh i n-eagar is i gcló go maith é. Go mairidh Colm a leabhar, ís go bhfágaidh Dia againne e chun amhráin taithneamhacha eile a cheapadh. -- LANE'S ENGLISH-IRISH DICTIONARY. Com- piled from the most Authentic Sources By T. O'Neill Lane, Author of "Highways and Byways in Ireland," agusc. Dublin Sealy, Bryers and Walker, Middle Abbey Street. London: David Nutt, 57 Long Acre]. 1904. Sid é an leabhar is fearr dá bhfuaireamair dá leithéid fós. Ní feidir a mheas cad é an cruadh-shaothar a bhaineann le foclóir a chur le chéile is a thabhairt amach i gcló. Taispeánann gach uile leathanach den leabhar so cad iad na háiteanna a dhein an Liathánach cuardach ionnta i gcóir focail oireamhnacha d'fhagháil. Toradh an chruadh-shaothair úd go léir is eadh an leabhar so. Sí ár dtuairim féin amh, gur dhein an t-ughdar bun-dearmhad tre bhreis suime a chur i bhfocail agus gan aire a ndóthain a thabhairt do choraibh chainnte. Tá fhios ag a lán daoine gur mór an deifridheacht atá idir an nGaedhilg agus an Béarla i ngnáth-chainnt. Tá breis den Eórpachas (má's ceaduighthe dhúinn usáid a dhéanamh den bhfocal so) i ngnáth-chainnt an Bhéarla; acht i dtaobh na Gaedhilge, d'fhás sí as a préamhacha is as a gustal fein gan puinn den iasacht. Má thugann tuine fé ghiota Bhéarla a chur i nGaedhilg focal ar fhocal, ní bheidh ann acht ráiméis gan chiall fhóghanta. Ní tháinig fós an tráth gur chóir go mbeadh súil againn le leabhar fóghanta dhá shaghas so. Ní fhágann soin ná go bhfuilmíd buidheach dhen liathánach i dtaobh an leabhair a thug sé dhúinn. "Is fearr ann é ná an ball follamh." Tá céim ar aghaidh tugaithe aige thar éinne dá dtáinig roimhe. Ní fhéadfadh éinne níos mó ná soin a dhéanamh. PRÁTAÍ MHÍChÍL THAIDHG. Ó Shéamus Ua Dubhghaill, An té a scríobh "Beirt Fhear ón dTuaith," "Tadhg Gabha," "Cathair Chonróí" agus "An Leabhar Cainnte." Áth Cliath: An Cló-Chumann (Teoranta), Clódóirí Gaedhilge, Sráid Mhór na Trágha, 1904. Pinginn. Tháinig an scéilín seo i gcéad-chló san gClaideamh Soluis, Aibreán 9 - Bealtaine 7, 1904. Sid é i gcló arís é n-a leabhairín deas taidhseach pingne. Deir an t-ughdar linn, má éirigh ann go maith leis an mbarra so prátaí go mb'éidir go mbeadh sé de mhisneach air barra eile a chur fan ithir chéadna n-a ndiaidh. Tá súil againn go n-éireoghaidh, acht tá súil againn mar an gcéadna gur barra a fhásfaidh beag- áinín níos aoirde ná gaslach Phrátaí a chuirfidh an chéad uair eile. Is deacair an "Beirt Fhear" a a shárughadh ar scéal a innsint. Tugann sé cainnt bhlasta nádurtha agus greann is sult ár ndóthain dúinn i gcomhnuidhe, dá mb'áil leis cuimhneamh anois is arís ar dhaoine ná tuigeann puinn i dtaobh chuir- eadóireacht, b'éidir nár misde dho é. D'oirfadh an scéilín seo go maith i gcóir buidheanta a bheadh tar éis an tríomhadh leabhar de na "Ceachta Simplidhe" nó de na "Ceachta Beaga" a chur díobh. Ní fuláir nó déanfar usáid mhaith dhe ar an nós so i gcaitheamh an gheimhridh seo chughainn. -- CONCHUBHAR Ó RÍORDÁIN, cct. Ar bhás Phróinsias mac Dhiarmada mhic Dhomhnaill, mhic Finghin chaoil Ó Súilliobháin, d'éag timcheall na bliadhna 1760. * * * Is mór-éacht is brón éigse is ughdar árd, Is ló léin san gcóig é 'n-ar shiubhail a thásc, Geóin éimhthe i mbeól béithe trúig a bháis An treón tréitheach Ppóinséis Ó Súilliobháin. * * * DONNCHADH DALL Ó LAOGHAIRE, cct. A shiollaire shultmhar gur thugais do bharamhail fúm, Is duine beag goinideach mise nach geanamhail gnúis; Dá gcuireadh an uireasbha thusa go ceasnamhail cumhach, Tu sheiscint im chulaidh ní thuigfinn gur gheanamhail tú. * * * A Chríost do cheannuigh ár gceanna le céasadh an chrainn Mínigh t'fhearg le Banba an chléir gluin chaoin Díon is neartuigh ar pheacadh ar feadh fear-ghuirt Floinn An fuigheal beag mhaireas n-a mbeathaidh d'fhuil Éibhir Fhinn. Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Banistighe go dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach Uí Conaill, Áth Cliath.
ADVERTISEMENTS Slioct as "Irisleabhar na Gaedhilge." Uimhir I An Áit d'ár Ghabhas, (trí fuinn) A tAthair Cathaoir Ó Bréandáin ("Oisín"), agus "Fear Fuartha na dTráithre." Do sholáthruigh. Uimhir II Turas go Tír na n-Óg (trí fuinn) An tAthair Tomás Mac 'Liam. Do Soláthruigh. ar n-a chur amach do Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath, 1903 Pighin an ceann. Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bpáisdí. A BEAUTIFUL PRESENT FOR THE CHILDREN. Sidheóga ag obair: Fairies at Work. Sgéalta Sidhe: Fairies' Stories. Liam Ó Riain do sgríobh. By William P. O'Ryan. Raol an Chóib. Seacht bpighne saor thríd an bpost. Sixpence per copy. Post Free: Sevenpence. Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bPáisdí. A BEAUTIFUL GIFT FOR THE CHILDREN. "An Táilleán", A Children's Coloured Picture Book. Written by Tadhg O'Donoghue, illustrated by George Fagan. 32 Pages, 1s. net. Post Paid, 1s. 3d. Address: MANAGER, GAELIC LEAGUE BOOK STORES, 24 Upper O'Connell St. DUBLIN.
Smuainte ar Árainn, I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilg shnasta shimplidhe ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na háite sin, agus ar Phátrún, Feis, Aeridheacht, Banais, agus c., Do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh ag taisbeáint slighe bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine. Fá pháipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, 7d. Fá éadach, 1/-; tríd an bpost, 1/2. Fá leathar, 1/6; tríd an bpost, 1/8. Aodh Ó Néill. Dráma Úr-nua. Do sgríobh "Conán Maol." An chéad leabhrán do shraith-leabhair "An Claidhimh Soluis." Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge, agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, ar thrí pighinne. Agus tríd an bposta, ar thrí pighinne is leith-phighinn. An Cló-Chumann, Clódóirí Gaedhilge, Sráid Mhór na Trágha, Áth-Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services