Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Clodhanna Nua.

Title
Clodhanna Nua.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

Clodhanna Nua.



St Columba's. Issued by the League of St.
Columba, Maynooth College. Dublin: M.H.
Gill agus Son. 1/- nett.



Seo chughainn an tríomhadh uimhir den pháipéar
thaitheacach thaithneamhach Gaedhealach so. Tá sé léighte
againn ó thosach deireadh, agus sara gcuirfam ar an
seilp é, ní fuláir nó léighfam arís é. Badh mhaith linn
"St. Columba's" nó a shamhail a theacht chughainn gach
seachtmhain.



Ní féidir dúinn annso áireamh a dhéanamh ar a bhfuil
d'aistíbh breaghtha tairbhtheacha ann. Tá trácht ann ar
cheisteanna ag baint le Stair na hÉireann, le
litridheacht na hÉireann, le seana-shaoghal na hÉireann
le Diadhacht, is go fiú Sidheóga na hÉireann. Tá
chúig cinn de sna haistíbh seo i nGaedhilg, acht tá an
buadh fad ag "fios fáth cogaidh 1641," aiste a scríbh
Aindrias Ó Céilleachair. Tá buaidhte aige seo ar a
bhfeacamair fós i nua-litridheacht na nGaedheal.
Déanfaidh Aindrias rud fóghanta fós. Tugaimíd fé
ndeara gur bhuaidh an aiste seo duais Chonnradh Chuilm
Cille. Níor bh'iongnadh soin. Tá aistí i mBéarla ar
"The Future of Literature in Ireland" ó'n Athair
Tomás Ó Ceallaigh, (tá tú ró-bhog ar fad ar mhuinntir
an Celtic Note a Athair Tomás), ar "The Individuality
of Native Civilisation" ó Athair Seaghán Ó Míodhcháin,
ar "Glimpses of Pre-Patrician Christianity in
Ireland" ó Mhalachi Eaton, agus ar a lán rudaí
fóghanta eile.



Taispeánann an leabhar so dhúinn cionnus mar
atáthar ag oibriughadh i gColláiste Mhaigh Nuadhat
féin ar son teangadh na hÉireann, cionnus mar bítar
ag smaoineamh n-a leith istigh ann, agus cad é an
congnamh is cóir d'Éirinn súil a bheith aici leis ó
bhliadhain go bliadhain do réir mar bheifar ag fágaint
an choláiste chun an cion is dual uatha a dhéanamh
leathsmuigh.



Táthar ag obair go maith fé'n gciúineas i Maigh
Nuadhat. Taispeánann "St. Columba's" soin. Má
theastuigheann ó éinne fios fáth an scéil go léir
d'fhagháil, faghadh cóip de "St. Columba's"; léigheadh
é, agus beidh áthas air.


L. 600


AMHRÁIN CHUILM DE BHAILÍS. Ar n-a chur amach do
Chonnradh na Gaedhilge i mBaile Átha Cliath.
Naoi bpingine.



Is maith linn go bhfuil saothar filidhe Chúige Chonnacht
á gcur i gcló, fé mar badh cheart an obair a dhéanamh:
sé sin leabhar i gcóir gach duine aca. Tá súil
againn go-ndéanfar an rud céadna leis an mBair-
éadach is an Suibhneach, sara n-imtheoghaidh a gcuid
amhrán a cuimhne na ndaoine.



Fíor-fhile is eadh Colm, Dia á bheannachadh. Mara
ndearnaidh riamh acht "Amhrán an Téi" do thuigfadh
éinne soin. Tá "Cúirt an tSrutháin Bhuidhe" go
hana-mhaith leis. Taithneann linn féin go maith na
hamhráin a dhein sé ar Bhairtlín Dhomhnaill.



Tá eagla orainn go bhfuil an leabhar so ró-dhaor
don mhuinntir a gheobhadh sult as a léigheamh. Sin a
bhfuil de locht againn air. Do cuireadh i n-eagar is
i gcló go maith é. Go mairidh Colm a leabhar, ís go
bhfágaidh Dia againne e chun amhráin taithneamhacha
eile a cheapadh.



--



LANE'S ENGLISH-IRISH DICTIONARY. Com-
piled from the most Authentic Sources By T.
O'Neill Lane, Author of "Highways and Byways
in Ireland," agusc. Dublin Sealy, Bryers and
Walker, Middle Abbey Street. London: David
Nutt, 57 Long Acre]. 1904.



Sid é an leabhar is fearr dá bhfuaireamair dá
leithéid fós. Ní feidir a mheas cad é an cruadh-shaothar
a bhaineann le foclóir a chur le chéile is a thabhairt
amach i gcló. Taispeánann gach uile leathanach den
leabhar so cad iad na háiteanna a dhein an Liathánach
cuardach ionnta i gcóir focail oireamhnacha d'fhagháil.
Toradh an chruadh-shaothair úd go léir is eadh an leabhar
so.



Sí ár dtuairim féin amh, gur dhein an t-ughdar
bun-dearmhad tre bhreis suime a chur i bhfocail agus gan
aire a ndóthain a thabhairt do choraibh chainnte. Tá
fhios ag a lán daoine gur mór an deifridheacht atá
idir an nGaedhilg agus an Béarla i ngnáth-chainnt. Tá
breis den Eórpachas (má's ceaduighthe dhúinn usáid a
dhéanamh den bhfocal so) i ngnáth-chainnt an Bhéarla;
acht i dtaobh na Gaedhilge, d'fhás sí as a préamhacha is
as a gustal fein gan puinn den iasacht. Má thugann
tuine fé ghiota Bhéarla a chur i nGaedhilg focal ar
fhocal, ní bheidh ann acht ráiméis gan chiall fhóghanta.

Ní tháinig fós an tráth gur chóir go mbeadh súil
againn le leabhar fóghanta dhá shaghas so. Ní fhágann
soin ná go bhfuilmíd buidheach dhen liathánach i dtaobh
an leabhair a thug sé dhúinn. "Is fearr ann é ná an
ball follamh." Tá céim ar aghaidh tugaithe aige thar
éinne dá dtáinig roimhe. Ní fhéadfadh éinne níos mó
ná soin a dhéanamh.



PRÁTAÍ MHÍChÍL THAIDHG. Ó Shéamus Ua Dubhghaill,
An té a scríobh "Beirt Fhear ón dTuaith," "Tadhg
Gabha," "Cathair Chonróí" agus "An Leabhar
Cainnte." Áth Cliath: An Cló-Chumann (Teoranta),
Clódóirí Gaedhilge, Sráid Mhór na Trágha, 1904.
Pinginn.



Tháinig an scéilín seo i gcéad-chló san gClaideamh
Soluis, Aibreán 9 - Bealtaine 7, 1904. Sid é i gcló
arís é n-a leabhairín deas taidhseach pingne. Deir
an t-ughdar linn, má éirigh ann go maith leis an
mbarra so prátaí go mb'éidir go mbeadh sé de
mhisneach air barra eile a chur fan ithir chéadna n-a
ndiaidh. Tá súil againn go n-éireoghaidh, acht tá súil
againn mar an gcéadna gur barra a fhásfaidh beag-
áinín níos aoirde ná gaslach Phrátaí a chuirfidh an
chéad uair eile. Is deacair an "Beirt Fhear" a
a shárughadh ar scéal a innsint. Tugann sé cainnt
bhlasta nádurtha agus greann is sult ár ndóthain
dúinn i gcomhnuidhe, dá mb'áil leis cuimhneamh anois
is arís ar dhaoine ná tuigeann puinn i dtaobh chuir-
eadóireacht, b'éidir nár misde dho é. D'oirfadh an
scéilín seo go maith i gcóir buidheanta a bheadh tar
éis an tríomhadh leabhar de na "Ceachta Simplidhe"
nó de na "Ceachta Beaga" a chur díobh. Ní fuláir
nó déanfar usáid mhaith dhe ar an nós so i gcaitheamh
an gheimhridh seo chughainn.



--



CONCHUBHAR Ó RÍORDÁIN, cct.



Ar bhás Phróinsias mac Dhiarmada mhic Dhomhnaill,
mhic Finghin chaoil Ó Súilliobháin, d'éag timcheall na
bliadhna 1760.



* * *



Is mór-éacht is brón éigse is ughdar árd,
Is ló léin san gcóig é 'n-ar shiubhail a thásc,
Geóin éimhthe i mbeól béithe trúig a bháis
An treón tréitheach Ppóinséis Ó Súilliobháin.



* * *



DONNCHADH DALL Ó LAOGHAIRE, cct.



A shiollaire shultmhar gur thugais do bharamhail fúm,
Is duine beag goinideach mise nach geanamhail gnúis;
Dá gcuireadh an uireasbha thusa go ceasnamhail cumhach,
Tu sheiscint im chulaidh ní thuigfinn gur gheanamhail tú.



* * *



A Chríost do cheannuigh ár gceanna le céasadh an
chrainn
Mínigh t'fhearg le Banba an chléir gluin chaoin
Díon is neartuigh ar pheacadh ar feadh fear-ghuirt
Floinn
An fuigheal beag mhaireas n-a mbeathaidh d'fhuil
Éibhir Fhinn.



Seoltar litreacha i dtaobh Eagarthóireachta go dtí
an Fear Eagair; agus litreacha i dtaoibh Banistighe go
dtí Stiúrthóir, Oifig an Chonnartha, 24 Sráid Uachtarach
Uí Conaill, Áth Cliath.


L. 600a


ADVERTISEMENTS



Slioct as "Irisleabhar na Gaedhilge."



Uimhir I



An Áit d'ár Ghabhas,
(trí fuinn)
A tAthair Cathaoir Ó Bréandáin ("Oisín"), agus "Fear Fuartha na dTráithre."
Do sholáthruigh.



Uimhir II



Turas go Tír na n-Óg
(trí fuinn)
An tAthair Tomás Mac 'Liam.
Do Soláthruigh.



ar n-a chur amach do
Chonnradh na Gaedhilge, Baile Átha Cliath,
1903
Pighin an ceann.



Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bpáisdí.
A BEAUTIFUL PRESENT FOR THE CHILDREN.



Sidheóga ag obair: Fairies at Work.
Sgéalta Sidhe: Fairies' Stories.



Liam Ó Riain do sgríobh. By William P. O'Ryan.



Raol an Chóib. Seacht bpighne saor thríd an bpost.
Sixpence per copy. Post Free: Sevenpence.



Seachadadh áluinn le h-aghaidh na bPáisdí.
A BEAUTIFUL GIFT FOR THE CHILDREN.



"An Táilleán",
A Children's Coloured Picture Book. Written by Tadhg O'Donoghue,
illustrated by George Fagan.
32 Pages, 1s. net. Post Paid, 1s. 3d.
Address: MANAGER, GAELIC LEAGUE BOOK STORES, 24 Upper O'Connell St.
DUBLIN.


L. 600b


Smuainte ar Árainn,



I n-a dtugtar cúnntas i nGaedhilg shnasta shimplidhe
ar Árainn na Naomh agus ar mhuinntir Ghaedhealaigh na
háite sin, agus ar Phátrún, Feis, Aeridheacht, Banais, agus c.,
Do bhí 'san Inis, maille le fiche íomháigh ag taisbeáint slighe
bheatha agus caitheamh-aimsire na ndaoine.



Fá pháipéar láidir, 6d.; tríd an bpost, 7d.
Fá éadach, 1/-; tríd an bpost, 1/2.
Fá leathar, 1/6; tríd an bpost, 1/8.



Aodh Ó Néill. Dráma Úr-nua.
Do sgríobh "Conán Maol."
An chéad leabhrán do shraith-leabhair "An Claidhimh Soluis."



Ar Fagháil Ó Rúnaire Connartha na Gaedhilge,
agus ó gach éan reiceadóir leabhar eile, ar thrí pighinne.
Agus tríd an bposta, ar thrí pighinne is leith-phighinn.



An Cló-Chumann, Clódóirí Gaedhilge, Sráid Mhór na Trágha, Áth-Cliath.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services