Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Ceist. An dá Chúig Dhuine Dhéag.
Title
Ceist. An dá Chúig Dhuine Dhéag.
Author(s)
Ní fios,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
CEIST. AN DÁ CHÚIG DHUINE DHÉAG. -- San IRISLEABHAR i gcóir mí mheadhóin an Fhoghmhair 1902, dho chuir Séamus Mac an Bháird síos cunntas ar "Ghaduidheacht Innisdubháin." Do b'fhiú le héinne scéal Shéamuis a léigheamh aris, acht foríor ní'l slighe againn do annso. Tamall ó shoin do bhuail trasna orainn seana-láimhscríbhinn ó Chúige Mumhan agus i bhfochair rudaí maithe eile fuaireamair ann suidhiughadh na bhfear i gcóir an chómhairimh do réir mar adeirthí leathsteas é. Cuirfam síos annso an dá nós .i. an chuma n-a bhfuair Séamus é i dTír Conaill agus an chuma n-a bhfuartas é san láimhscríbhinn. ó Chúige Mumhan. Chítar dúinn gur beag an deifridheacht athá eatortha. Ní fuláir nó bhí an drachtín seo coitcheann ar fuid na hÉireann fad ó is b'éidir go mbeadh fagháil fós air i gcuma eile. Badh mhaith linn go gcuirfidhe tuairisc air i gConnachtaibh, is an chuma n-a bhfuil sé aca ann a chur ag triall orainn: — Sid í an chuma n-a bhfuair Séamus Mac an Bháird é. "Ceathrar Finn fadhain (?feadhma) ar). dtus, cé mór a meidhear (? = meadhradh). ins an aon-rú; "Cúigear ó bhun an Aigh (? bhunadh an fháigh) lucht cogair an Dubháin, "Dís ó Mhac Dhubh léigh (? léi), agus fear ó mo Dhubhán dreach-réidh; "Triúr ó Fhionn, cibé sparba a ndreach, agus fear ó mo Dhubhán dibhirceach (díbhfeir- geach ?); "Shuidheas Fionn mar amháin (= leis féin) fa n-a dhís dhuibhe fa n-a dheas-láimh; "Fa n-a dheis i bhfinn (? ó shin) dís eile de. chlainn an ríogh Atluath (Atludh ?);
"Triúr ó mo dhubhán dil, aon ag fionn n-a n-aghaidh sin; "Dís ó bhun an aigh, beirt ó Fhionn, agus fear ó Dhubhán. Seo mar a 'fuaireamair an scéal san láimh scribhinn ud: -- AG SEO MAR Do bátadh an cúigmhadh fear déag dubha: suidhiughadh inghine an taoisigh ar mbeith dhi i ngrádh le taoiseach na bhfear ngeal, agus an long i mbaoghal a briste: "Ceathrar fear fionna ar dtúis cé doiligh liom a n-ainmniúdh; cúigear dubh le dán de lucht dearbhtha a Dubháin. Dís ó Mhac Chumhaill uabhair, is fear ó Dhubhán dreach-ruaidh; triúr ó Fhionn, cé borb an bhreath, is fear ó Dhubhán na ndaer-bhreath. Gaedheal geal ó Innis Fáil is dís dubh ar a dheas-láimh; i ndiaidh díse triúr allmhur, is fear fionn n-a ndiaidh-san. Dis ó laoch lán Dubháin; beirt ó Fhionn, is fear ó Dhubhán. CEIST. Cuir amharcoll go hamusach le míle dtúth, Ruis sheasamhach in' aice sin is éaghadh ciúin; I n-eagar glic na n-eagnach má's léigheanta thú Geobhair ainm chirt na Banaltran is féile clú. Freagra: Amharcoll = ao, ai agus c.; Míle = M; ruis = r; éaghadh = e. M. ái. r. e .i. Máire. A Dhonnchadh, da mbadh Dhonnchadh thu mar tá do shiúr Fuar locarta lomnochta lá de chumhadh Gan socaireacht fé chodaithibh le fagháil it chúil, Dar Ghobnait badh Dhonnchadh gan fáilte thú. A Ghobnait cia shloighfadh an méid seo anois? Do shloigfinn-se 's do shloigeas a chéad oiread; Agam-sa ní bheadh obadh na éighmheacht ann Ní bheadh a sonas ná a dhonas ar éinne agaibh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services