CEIST.
AN DÁ CHÚIG DHUINE DHÉAG.
--
San IRISLEABHAR i gcóir mí mheadhóin
an Fhoghmhair 1902, dho chuir Séamus Mac an
Bháird síos cunntas ar "Ghaduidheacht
Innisdubháin." Do b'fhiú le héinne scéal
Shéamuis a léigheamh aris, acht foríor ní'l
slighe againn do annso. Tamall ó shoin do
bhuail trasna orainn seana-láimhscríbhinn ó
Chúige Mumhan agus i bhfochair rudaí maithe eile
fuaireamair ann suidhiughadh na bhfear i
gcóir an chómhairimh do réir mar adeirthí
leathsteas é.
Cuirfam síos annso an dá nós .i. an
chuma n-a bhfuair Séamus é i dTír Conaill
agus an chuma n-a bhfuartas é san láimhscríbhinn.
ó Chúige Mumhan. Chítar dúinn gur beag
an deifridheacht athá eatortha. Ní fuláir
nó bhí an drachtín seo coitcheann ar fuid na
hÉireann fad ó is b'éidir go mbeadh fagháil
fós air i gcuma eile. Badh mhaith linn go
gcuirfidhe tuairisc air i gConnachtaibh, is an
chuma n-a bhfuil sé aca ann a chur ag triall
orainn: —
Sid í an chuma n-a bhfuair Séamus Mac
an Bháird é.
"Ceathrar Finn fadhain (?feadhma) ar).
dtus, cé mór a meidhear (? = meadhradh).
ins an aon-rú;
"Cúigear ó bhun an Aigh (? bhunadh an fháigh)
lucht cogair an Dubháin,
"Dís ó Mhac Dhubh léigh (? léi), agus fear
ó mo Dhubhán dreach-réidh;
"Triúr ó Fhionn, cibé sparba a ndreach, agus
fear ó mo Dhubhán dibhirceach (díbhfeir-
geach ?);
"Shuidheas Fionn mar amháin (= leis féin)
fa n-a dhís dhuibhe fa n-a dheas-láimh;
"Fa n-a dheis i bhfinn (? ó shin) dís eile de.
chlainn an ríogh Atluath (Atludh ?);
"Triúr ó mo dhubhán dil, aon ag fionn n-a
n-aghaidh sin;
"Dís ó bhun an aigh, beirt ó Fhionn, agus fear ó
Dhubhán.
Seo mar a 'fuaireamair an scéal san
láimh scribhinn ud:
--
AG SEO MAR
Do bátadh an cúigmhadh fear déag dubha:
suidhiughadh inghine an taoisigh ar mbeith dhi i
ngrádh le taoiseach na bhfear ngeal, agus an
long i mbaoghal a briste:
"Ceathrar fear fionna ar dtúis cé doiligh
liom a n-ainmniúdh; cúigear dubh le
dán de lucht dearbhtha a Dubháin.
Dís ó Mhac Chumhaill uabhair, is fear ó
Dhubhán dreach-ruaidh; triúr ó Fhionn, cé
borb an bhreath, is fear ó Dhubhán na
ndaer-bhreath.
Gaedheal geal ó Innis Fáil is dís dubh ar
a dheas-láimh; i ndiaidh díse triúr
allmhur, is fear fionn n-a ndiaidh-san.
Dis ó laoch lán Dubháin; beirt ó Fhionn, is
fear ó Dhubhán.
CEIST.
Cuir amharcoll go hamusach le míle dtúth,
Ruis sheasamhach in' aice sin is éaghadh ciúin;
I n-eagar glic na n-eagnach má's léigheanta thú
Geobhair ainm chirt na Banaltran is féile clú.
Freagra: Amharcoll = ao, ai agus c.; Míle = M; ruis = r;
éaghadh = e. M. ái. r. e .i. Máire.
A Dhonnchadh, da mbadh Dhonnchadh thu mar tá do shiúr
Fuar locarta lomnochta lá de chumhadh
Gan socaireacht fé chodaithibh le fagháil it chúil,
Dar Ghobnait badh Dhonnchadh gan fáilte thú.
A Ghobnait cia shloighfadh an méid seo anois?
Do shloigfinn-se 's do shloigeas a chéad oiread;
Agam-sa ní bheadh obadh na éighmheacht ann
Ní bheadh a sonas ná a dhonas ar éinne agaibh.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11