Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Teicheamh Dhómhnaill Uí Shúilleabháin Bhéara.
Title
Teicheamh Dhómhnaill Uí Shúilleabháin Bhéara.
Author(s)
Ó Cuill, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
TEICHEAMH DHÓMHNAILL UÍ SHÚILLEABHÁIN BEARA. -- (Ar Leanamaint). Acht ní raibh suaimhneas fós le fagháil aca, Chuir an t-ocrus d'fhiachaibh ortha dhá chuid do dhéanamh díobh féin agus an námhaid do throid agus lón do bhailiughadh gach re nuair. Ar theacht dóibh go hEach Dhruim Uí Mháine, do ionnsaigh an ridire Tomás De Búrc agus an cornail Hannraoi Mealbí iad le hocht gcéad fear. Ní raibh na trí chéad go hiomlán ag Domhnall anois, acht níor staonadar ar a shon-san. Do mhairbh Domhnall féin Mealbí agus dhein- eadar léir-scrios ar na Sasanachaibh. Bhíodar i gcruadh-chás anois, ní leómhfaidís fanmhaint annso an oidhche sin agus cé gur deacair le Domhnall é, do b' éigin dóibh na daoine breóidhte agus leóinte do thréigean. Lá ar n-a bháireach tháinig na Sasanaigh — bhí ag teicheadh le n-a n-anam indé — agus do mharbhuigheadar na daoine bochta so ná féadfadh iad fein do chosaint indiu. Ar maidin lá ar n-a bháireach do chuadar treasna Sléibhe Mhuire agus do bhuail cúpla sráid-bhaile umúmpa i n-ar bhraitheadar go bhfuighdís lón acht bhí dearmhad ortha. Fear dar b' ainm Mac Dháith do bhí ós cionn na háite agus agus do bhí a mhuinntir go léir bailighthe aige i gcoinnibh Uí Shúilleabháin, agus ní raibh éan-tsaghas bídh fágtha san áit aige. Do chuaidh Ua Súilleabháin isteach i gcoill um thráthnóna, acht fuair sé scéala ist oidhche go raibh Mac Dháith chum éalódh ortha agus léir- scrios do dhéanamh ortha. Do lasadar teinteacha ar a dtoirt chun an námhaid do mhealladh agus do éaluigheadar leó annsoin. Do tháinig Mac Dháith acht ní bhfuair sé roimis, acht teinteacha ar lasadh. Do lean sé ó thuaidh iad ámhthach, agus tháinig suas leó lá ar n-á bháireach, acht do chuir mhuinn- tir Bhéarra cochal ortha féin chúcha, i dtreó gur chuireadar eagla ar mhuinntir Mhic Dháith agus dob' éigin do-san filleadh a-bhaile gan éan-dochar do dhéanamh dóibh. Annsoin do chuadar isteach i gcoill eile go nglaodhtar an Dreamhrach uirthi, acht nuair a stad Ua Súilleabháin ní raibh i n-a theannta acht dháréag fear mar bhíodar tuitithe i n-a gcodladh. Do órduigh sé teinteacha do lasadh i gcás go mbeadh a fhios aca cá n-iompóghaidís ar a ndúiseacht dóibh. Do chonnaic muinntir na háite na teinteacha agus do thángadar ag féachaint cad do las iad. Do thugadar biadh go leór do Dhómhnall agus dá mhuinntir agus dubhradar leis an Sasanach do bhí ós cionn na háite gur b' iad maoir na coille do las na teinteacha. Do fhanadar an lá soin go léir sa choill mar bhíodar tuirseach agus bhí gábhadh le suaimh- neas éigin aca, acht n-a dhiaidh-san dob' fhada leó fanmhaint ann ist oidhche. Do bhí a gcosa an-thinn ó bheith ag síor-shiúbhal gan bróga agus an aimsir chómh holc. Do bhídís ag dul ar lár sa tsneachtadh agus chaithidís a chéile do tharrac amach, agus ní raibh aon chapall anois aca, mar ná leómhfaidís éan-bhóthar capaill do shiubhal, acht treasna na gcnoc dob' fhiadhaine agus do chaithidís ar uairibh breith ar lámhaibh ar a chéile i mballaibh ná féadfadh duine gabháil i n-a aonar. Ní raibh eólus na tíre aca agus do oir giolla go cruaidh dóibh. Acht do bhí Dia ag cabh-
rughadh leó. Do tháinig coigchríoch i n-a láithir, culaidh anairte air; a chosa lom- nachta agus éadach bán ar a cheann; maide fada i n-á láimh aige agus bianna iarainn air. Do bheannuigh sé dhóibh agus dubhairt go raibh a fhios aige cad é an saghas iad, agus gach gaisce do dheineadar agus go rabhadar anois ag dul go caisleán Bhriain Uí Ruairc i mBreifne. "Ní fhuil acht chúig mhíle dhéag anois," ar sé," go deireadh bhur n-aisdir, acht do oirfeadh giolla dhíbh agus tháinig dúil láidir chugham-sa sibh a ghiollaidheacht ann." Do ghlacadar an tairscint seo, cé go raibh eagla ortha roimis. Do thug Dómhnall do dhá chéad giní óir. Do thóg sé iad so chum a cur i n-umhail dóibh ná ráibh aon droch- chroidhe aige dhóibh. Do shiubhluigheadar leó ann-san tríd an oidhche go dtí go dtángadar go baile beag dár b'ainm Cnoc an Bhiocáire (Knock Vicar) mar ar itheadar biadh. Bí Ua Conchubhair Ciaraidhe gabhtha suas ar fad anois, ó thinneas na n-otharaistí do bhí ar a chosaibh, i dtreó nár bh'fhéidir dó siubhal agus dob' éigin dóibh é bhreith leó ar ghuailnibh cheathrair fear gach re dtamall go dtí gur bhuail seana-chapall umúmpa agus cuireadh ar dhrom an chapaill é. I gcionn abhfad dh'éis éirighe na gréine, ar dhul treasna an Chorr- tSléibhe dhóibh do theaspáin an giolla dhóibh caisleán Uí Ruairc agus dubhairt leó go rabhadar ó bhaoghal anois agus do fhág sé slán beó aca agus do imthigh uatha. As an míle duine d'fhág an Gleann Garbh níor tháinig isteach go caisleán Uí Ruairc acht chúig dhuine dhéag ar fhichid, acht tháinig tuairim agus caogad duine eile isteach lá ar ná bháireach. Níor mhair ar fad as an míle, acht tuairim agus trí chéad duine. Dálta na coda eile, do cailleadh leis an gclaidh- eamh nó, leis an ocrus iad nó chuadar amudha ó n-a muinntir. A chríoch. Seaghán Ó Cuill. --
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services