Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Teicheamh Dhómhnaill Uí Shúilleabháin Bhéara.

Title
Teicheamh Dhómhnaill Uí Shúilleabháin Bhéara.
Author(s)
Ó Cuill, Seaghán,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

TEICHEAMH DHÓMHNAILL UÍ SHÚILLEABHÁIN
BEARA.



--



(Ar Leanamaint).



Acht ní raibh suaimhneas fós le fagháil aca,
Chuir an t-ocrus d'fhiachaibh ortha dhá chuid do
dhéanamh díobh féin agus an námhaid do throid agus
lón do bhailiughadh gach re nuair. Ar theacht
dóibh go hEach Dhruim Uí Mháine, do ionnsaigh
an ridire Tomás De Búrc agus an cornail
Hannraoi Mealbí iad le hocht gcéad fear.
Ní raibh na trí chéad go hiomlán ag Domhnall
anois, acht níor staonadar ar a shon-san.
Do mhairbh Domhnall féin Mealbí agus dhein-
eadar léir-scrios ar na Sasanachaibh.
Bhíodar i gcruadh-chás anois, ní leómhfaidís
fanmhaint annso an oidhche sin agus cé gur
deacair le Domhnall é, do b' éigin dóibh na
daoine breóidhte agus leóinte do thréigean.
Lá ar n-a bháireach tháinig na Sasanaigh — bhí
ag teicheadh le n-a n-anam indé — agus do
mharbhuigheadar na daoine bochta so ná
féadfadh iad fein do chosaint indiu.



Ar maidin lá ar n-a bháireach do chuadar
treasna Sléibhe Mhuire agus do bhuail cúpla
sráid-bhaile umúmpa i n-ar bhraitheadar go
bhfuighdís lón acht bhí dearmhad ortha. Fear
dar b' ainm Mac Dháith do bhí ós cionn na
háite agus agus do bhí a mhuinntir go léir
bailighthe aige i gcoinnibh Uí Shúilleabháin, agus
ní raibh éan-tsaghas bídh fágtha san áit aige.
Do chuaidh Ua Súilleabháin isteach i gcoill
um thráthnóna, acht fuair sé scéala ist oidhche
go raibh Mac Dháith chum éalódh ortha agus léir-
scrios do dhéanamh ortha. Do lasadar
teinteacha ar a dtoirt chun an námhaid do
mhealladh agus do éaluigheadar leó annsoin.
Do tháinig Mac Dháith acht ní bhfuair sé
roimis, acht teinteacha ar lasadh. Do lean
sé ó thuaidh iad ámhthach, agus tháinig suas
leó lá ar n-á bháireach, acht do chuir mhuinn-
tir Bhéarra cochal ortha féin chúcha, i dtreó
gur chuireadar eagla ar mhuinntir Mhic
Dháith agus dob' éigin do-san filleadh a-bhaile
gan éan-dochar do dhéanamh dóibh.



Annsoin do chuadar isteach i gcoill eile
go nglaodhtar an Dreamhrach uirthi, acht
nuair a stad Ua Súilleabháin ní raibh i n-a
theannta acht dháréag fear mar bhíodar
tuitithe i n-a gcodladh. Do órduigh sé
teinteacha do lasadh i gcás go mbeadh a
fhios aca cá n-iompóghaidís ar a ndúiseacht
dóibh. Do chonnaic muinntir na háite na
teinteacha agus do thángadar ag féachaint cad
do las iad. Do thugadar biadh go leór do
Dhómhnall agus dá mhuinntir agus dubhradar leis
an Sasanach do bhí ós cionn na háite gur b'
iad maoir na coille do las na teinteacha.



Do fhanadar an lá soin go léir sa choill
mar bhíodar tuirseach agus bhí gábhadh le suaimh-
neas éigin aca, acht n-a dhiaidh-san dob'
fhada leó fanmhaint ann ist oidhche. Do bhí
a gcosa an-thinn ó bheith ag síor-shiúbhal gan
bróga agus an aimsir chómh holc. Do bhídís ag
dul ar lár sa tsneachtadh agus chaithidís a chéile
do tharrac amach, agus ní raibh aon chapall anois
aca, mar ná leómhfaidís éan-bhóthar capaill
do shiubhal, acht treasna na gcnoc dob'
fhiadhaine agus do chaithidís ar uairibh breith ar
lámhaibh ar a chéile i mballaibh ná féadfadh
duine gabháil i n-a aonar.



Ní raibh eólus na tíre aca agus do oir giolla
go cruaidh dóibh. Acht do bhí Dia ag cabh-


L. 598


rughadh leó. Do tháinig coigchríoch i n-a
láithir, culaidh anairte air; a chosa lom-
nachta agus éadach bán ar a cheann; maide
fada i n-á láimh aige agus bianna iarainn air.
Do bheannuigh sé dhóibh agus dubhairt go raibh a
fhios aige cad é an saghas iad, agus gach gaisce
do dheineadar agus go rabhadar anois ag dul
go caisleán Bhriain Uí Ruairc i mBreifne.
"Ní fhuil acht chúig mhíle dhéag anois," ar
sé," go deireadh bhur n-aisdir, acht do
oirfeadh giolla dhíbh agus tháinig dúil láidir
chugham-sa sibh a ghiollaidheacht ann." Do
ghlacadar an tairscint seo, cé go raibh
eagla ortha roimis. Do thug Dómhnall do
dhá chéad giní óir. Do thóg sé iad so chum
a cur i n-umhail dóibh ná ráibh aon droch-
chroidhe aige dhóibh.



Do shiubhluigheadar leó ann-san tríd an
oidhche go dtí go dtángadar go baile beag
dár b'ainm Cnoc an Bhiocáire (Knock
Vicar) mar ar itheadar biadh. Bí Ua
Conchubhair Ciaraidhe gabhtha suas ar fad
anois, ó thinneas na n-otharaistí do bhí ar a
chosaibh, i dtreó nár bh'fhéidir dó siubhal agus
dob' éigin dóibh é bhreith leó ar ghuailnibh
cheathrair fear gach re dtamall go dtí gur
bhuail seana-chapall umúmpa agus cuireadh ar
dhrom an chapaill é. I gcionn abhfad dh'éis
éirighe na gréine, ar dhul treasna an Chorr-
tSléibhe dhóibh do theaspáin an giolla dhóibh
caisleán Uí Ruairc agus dubhairt leó go
rabhadar ó bhaoghal anois agus do fhág sé slán
beó aca agus do imthigh uatha.



As an míle duine d'fhág an Gleann
Garbh níor tháinig isteach go caisleán Uí
Ruairc acht chúig dhuine dhéag ar fhichid, acht
tháinig tuairim agus caogad duine eile isteach
lá ar ná bháireach. Níor mhair ar fad as an
míle, acht tuairim agus trí chéad duine. Dálta
na coda eile, do cailleadh leis an gclaidh-
eamh nó, leis an ocrus iad nó chuadar
amudha ó n-a muinntir.



A chríoch.



Seaghán Ó Cuill.



--



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services