Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cionnus do Baineadh an Geit as Liam Buidhe.
Title
Cionnus do Baineadh an Geit as Liam Buidhe.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
"CIONNUS DO BAINEADH AN GEIT AS LIAM BUIDHE." "Fág annsoin é sin!" ars'an ghuth leis, "Sin é mo cheann-sa." "Bíodh sí agat," arsa 'Liam agus chaith sé an cloigeann uaidh. Rug sé greim ar chloigeann eile. "Fág annsoin é sin!" ars'an guth arís, "Sin é mo cheann-sa." "Bíodh sí agat," arsa 'Liam. Chaith sé an cloigeann uaidh agus thóg sé an tríomhadh ceann. Fág annsoin é sin!" ars'an ghuth, "Sin é mo cheann-sa." "T'anam 'ó'n sliabh," arsa Liam, "an leat-sa gach aon cheann aca? Ní bhfuighir an ceann so pé'r domhan é, mar caithfead-sa í bhreith liom," agus leis sin d'iompuigh Liam chum dul a-bhaile. Pé súil do chaith 'Liam, ar ghabháilt amach dhó, chum cúinne na reilge chonnaic sé fear 'n-a sheasamh ann. Tháinic crith-eagla air mar shaoil sé gur taidhbhse fírinneach é. Níor fhan sé le n-a thuilleadh. Siúd amach geata na reilge é ar saothar. Choingibh sé greim docht ar an gcloigeann nó go ráinig sé an tigh. Thug sé leath-ghualann do'n dorus agus chuir sé isteach i lár an urláir é. Bhí a dhá shúil ar lasadh 'n-a cheann agus is ar éigin d'fhéad sé a anál de tharraingt. Do scairt orainn go léir agus thug an gáiridhe chuige féin é. Do chuimhnigh sé ar an gcloigeann agus a dubhairt, "Seo dhíbh an cloigeann agus an té gur leis é, tá sé im' dhiaidh." Shuidh sé cois na teineadh annsoin agus d'innis sé dhúinn gach rud mar do thuit sé amach. D'éis an scéal bheith críochnuighthe aige do sheól Seana- Shéamus isteach chughainn. Bhí fhios againn go maith annsoin cionnus do bhí an scéal — gurab' amhlaidh chuaidh Séamus chum na reilge d'fhonn 'Liam do scannrughadh. Fuair 'Liam an t-airgead agus annsoin d'imhthigh sé air a-bhaile act ní raibh sé réidh leis an obair fós. Nuair bhí sé ag gabháilt an bhóthair go ciúin socair dó féin timcheall ar cheathramhadh mhíle ó bhaile agus é ag cuimhneamh ar a thurus go dtí an reilg agus ar an ngeit do baineadh as, chualaidh sé mar a bheadh fuaim slabhraidh ar an dtaobh istigh de'n gclaidhe. Chuir sé cluas air féin agus d'éist go haireach. 'Seadh, fuaim slabhraidh do b'eadh í gan amhras. Bhí fuar- allus ag tuitim leis. "Mara rugadh orm ó chianaibh," ar sé, "tá beortha orm anois." Do ceangladh do'n bhóthar é i dtró nár fhéad sé rith. Chaith sé fanamhaint annsoin ag féachaint cad a bhí chuige. Níor bh'fhada gur éirigh na hadharca ós cionn an chlaidhe. "Táim réidh anois," ar sé, "'Sé an seana- bhuachaill féin atá ann. Acht bhí breall air. Níor bhac an seana- bhuachaill leis. Gabhar le Diarmaid Bán a bhí ann. "Seo an tarna uair gur rinneadh amadán díom anocht," arsa 'Liam go fear- gach. "Réidhteoghad leat-sa pé'r domhan é nó ní 'Liam tá mar ainm orm."
Leis sin thóg sé cloch agus scaoil sé ar an ngabhar. Tuit an gabhar ar ais fuar marbh agus an mhaidin 'n-a dhiaidh sin do chaith 'Liam deich scillinge do thabhairt do Dhiarmaid Bhán chum díol a marbhughadh an ghabhair. 'Sa deireadh ní raibh mórán ag an bhfear bocht de bhárr a shaothair. CRIOSTÓIR.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services