Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cionnus do Baineadh an Geit as Liam Buidhe.

Title
Cionnus do Baineadh an Geit as Liam Buidhe.
Author(s)
Féach ainm cleite,
Composition Date
1904
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926

"CIONNUS DO BAINEADH AN GEIT AS
LIAM BUIDHE."



"Fág annsoin é sin!" ars'an ghuth leis,
"Sin é mo cheann-sa." "Bíodh sí agat,"
arsa 'Liam agus chaith sé an cloigeann
uaidh. Rug sé greim ar chloigeann eile.
"Fág annsoin é sin!" ars'an guth arís,
"Sin é mo cheann-sa." "Bíodh sí agat,"
arsa 'Liam. Chaith sé an cloigeann uaidh
agus thóg sé an tríomhadh ceann. Fág
annsoin é sin!" ars'an ghuth, "Sin é mo
cheann-sa." "T'anam 'ó'n sliabh," arsa
Liam, "an leat-sa gach aon cheann aca?
Ní bhfuighir an ceann so pé'r domhan é,
mar caithfead-sa í bhreith liom," agus leis
sin d'iompuigh Liam chum dul a-bhaile. Pé
súil do chaith 'Liam, ar ghabháilt amach dhó,
chum cúinne na reilge chonnaic sé fear
'n-a sheasamh ann. Tháinic crith-eagla air
mar shaoil sé gur taidhbhse fírinneach é.
Níor fhan sé le n-a thuilleadh. Siúd amach
geata na reilge é ar saothar. Choingibh sé
greim docht ar an gcloigeann nó go ráinig
sé an tigh. Thug sé leath-ghualann do'n
dorus agus chuir sé isteach i lár an urláir
é. Bhí a dhá shúil ar lasadh 'n-a cheann agus
is ar éigin d'fhéad sé a anál de tharraingt.
Do scairt orainn go léir agus thug an
gáiridhe chuige féin é. Do chuimhnigh sé ar
an gcloigeann agus a dubhairt, "Seo dhíbh
an cloigeann agus an té gur leis é, tá sé
im' dhiaidh." Shuidh sé cois na teineadh
annsoin agus d'innis sé dhúinn gach rud
mar do thuit sé amach. D'éis an scéal
bheith críochnuighthe aige do sheól Seana-
Shéamus isteach chughainn. Bhí fhios againn
go maith annsoin cionnus do bhí an scéal —
gurab' amhlaidh chuaidh Séamus chum na
reilge d'fhonn 'Liam do scannrughadh.
Fuair 'Liam an t-airgead agus annsoin
d'imhthigh sé air a-bhaile act ní raibh sé réidh
leis an obair fós.



Nuair bhí sé ag gabháilt an bhóthair go
ciúin socair dó féin timcheall ar
cheathramhadh mhíle ó bhaile agus é ag
cuimhneamh ar a thurus go dtí an reilg agus
ar an ngeit do baineadh as, chualaidh sé
mar a bheadh fuaim slabhraidh ar an dtaobh
istigh de'n gclaidhe. Chuir sé cluas air
féin agus d'éist go haireach. 'Seadh, fuaim
slabhraidh do b'eadh í gan amhras. Bhí fuar-
allus ag tuitim leis. "Mara rugadh orm
ó chianaibh," ar sé, "tá beortha orm anois."
Do ceangladh do'n bhóthar é i dtró nár
fhéad sé rith. Chaith sé fanamhaint annsoin
ag féachaint cad a bhí chuige. Níor bh'fhada
gur éirigh na hadharca ós cionn an chlaidhe.
"Táim réidh anois," ar sé, "'Sé an seana-
bhuachaill féin atá ann.



Acht bhí breall air. Níor bhac an seana-
bhuachaill leis. Gabhar le Diarmaid Bán a
bhí ann. "Seo an tarna uair gur rinneadh
amadán díom anocht," arsa 'Liam go fear-
gach. "Réidhteoghad leat-sa pé'r domhan
é nó ní 'Liam tá mar ainm orm."


L. 597


Leis sin thóg sé cloch agus scaoil sé ar
an ngabhar. Tuit an gabhar ar ais fuar
marbh agus an mhaidin 'n-a dhiaidh sin do
chaith 'Liam deich scillinge do thabhairt do
Dhiarmaid Bhán chum díol a marbhughadh an
ghabhair. 'Sa deireadh ní raibh mórán ag an
bhfear bocht de bhárr a shaothair.



CRIOSTÓIR.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services