Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Anonn agus Anall
Title
Anonn agus Anall
Author(s)
Ua Conceannain, Tomás,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Anonn agus Anall Ó Thomás Ua Conceannain (ar leanamhain) Faraoir agus faraoir ghéur dheacrach - "Ní mar atá do bhíodh sé ins an aimsir bhí fad ó Nuair bhíodh gach alla fuaimneach le súgradh agus gleo Bhíodh ceol na mbárd le clos ionnta gach lá agus gach oidhche. 'Gus sgeulta 'gus sean-ráidhte ó seanachaidhe 'gus saoi. "Ní raibh a ndoirse dúnta in aghaidh aon neach ariamh; Bhí fáilte roimh an astránach, bhí fáilte, ceannsa, chaomh. Budh chuma árd ná ísiol é, budh ionann fáilte dhó, Ní mar fáilte fuar na laetheadh 'nois do bhí an fháilte so. Acht imthighthe atá na fir do shuidh ag ceann gach clár; A's ní cluintear thríd ár n-oileán 'nois acht caoineadh agus gáir." Faraoir agus faraoir arís, tá na fir sin imthighthe a shuidh ag ceann gach clár, agus ní fheicfimíd arís go bráth iad, acht bíodh misneach againn, ná bíodh náire ná faitchíos orrainn agus le congnadh Dé agus le n-a gcongnadh féin, tá daoine óga 'fás suas anois le grádh d'á dtír ann a gcroidhthibh agus ar nós na bhFian nuair thángadar go dtí teach Ghiolla Mhaoil, chuadar isteach ó dhuine go duine, 'na mbeirt agus 'na mbeirt agus ag dúbailt uaidh sin amach. Tá fir óga agus níos fearr ná iad, tá cailíní óga (mar an áit bhéidheas na cailíní, tiucfaidh na buachaillí) teacht chugainn gach uile lá, ó dhuine go duine, 'na mbeirt agus 'na mbeirt, agus béidhid siadsan i ndán suidh síos ag bord agus ag clár, ag bainis ag baisde agus ag féasda agus con- góchaidh siad suas an cháilidheacht, an flaitheamhlacht, agus an chóirteacht, an chneastacht agus an mhacántacht bhí orrainn fad ó acht gur beag nach raibh imthighthe uainn anois chomh maith leis an teanga. Díbreóchar an teanga (do réir mar thiubharfar ár n-ais í) as Éire go deo, caoineadh na mbocht, caoineadh na sglábhuigheachta, caoineadh na máthaireach agus na h-athaireach bochta, dó leig a gcuid páisdí uatha ar fan, ar fud an domhain mhóir gan súil aca filleadh arís go brath, atá "sgapaidhthe mar chaith roimh gaoith anonn agus aniar," agus in áit "gáir" na "ndaoine móra" agus na dtighearna tá caitheamh a saoghail go díomhaoin ag ithe agus ag ól, ag seilgireacht treasna na tíre agus ag ithe na feola, nach bhfuil in ár gcúmhachta siúd agus gur linn féin í. Tá athrughadh mór ag teacht ar an saoghal, an té tá síos indiu, béidh sé suas amárach, agus an té ta suas amárach, tá sé chomh dóighídhe go mbéidh sé anuas athrughadh amárach agus mar dúbhairt mé ar ball nuair thiucfas an teanga ar n-ais sgapfaidh an bhoichteanacht agus an ceo dubh dorcha bhí in ar measg le fada agus béidh súgradh agus greann, agus goile lán ag muintir na h-Éireann, mar tá sé chomh nádúrach ag tír bhfuil meas aici uirthe féin rath agus slacht agus saidhbhreas bheith innte agus tá sé ag uisge ruith le fánadh. Nach ndeir an sean-fhocal linn "Gur tír gan racht, gan slacht, gan féile, Nach dtuigeann clann aon mháthair amháin a chéile. Agus ar an adhbhar sin an iongantas ar bith go bhfuilimíd mar támuid. Ní'l aon mheas againn orrainn féin agus nuair nach bhfuil, ní bheidh meas ag Dia ná ag duine ar bith eile orrainn. An fiú meas ná onóir do thabhairt do dhaoine ar bith do gheall Dia an teanga is sine, is uaisle, is milse agus is binne ar dhroim na talmhan dhóibh agus 'tá 'ghá séunadh ar a gcuid páisde? Leigint dóibh fás suas a bhfiantas gan focal de theanga a n-athair ná a máthair ann a bpluic. Caitheann siad teanga ársa na hÉireann teanga na Saoirseacht, teanga na Naomh ins an bhflai- theas faoi na gcos ins an ngotach,* agus fásgann siad * mud
teanga an námhaidh, teanga an tSasanaigh, teanga Chromal (Cromwell) le na gcroidhe. 'Sé an mhí-ádh mór é muna bhfuil sé a n-am againn athrughadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services