Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Anonn agus Anall

Title
Anonn agus Anall
Author(s)
Ua Conceannain, Tomás,
Composition Date
1899
Publisher
An Claidheamh Soluis

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Anonn agus Anall



Ó Thomás Ua Conceannain
(ar leanamhain)



Faraoir agus faraoir ghéur dheacrach -
"Ní mar atá do bhíodh sé ins an aimsir bhí fad ó
Nuair bhíodh gach alla fuaimneach le súgradh agus gleo
Bhíodh ceol na mbárd le clos ionnta gach lá agus gach
oidhche.
'Gus sgeulta 'gus sean-ráidhte ó seanachaidhe 'gus saoi.



"Ní raibh a ndoirse dúnta in aghaidh aon neach ariamh;
Bhí fáilte roimh an astránach, bhí fáilte, ceannsa, chaomh.
Budh chuma árd ná ísiol é, budh ionann fáilte dhó,
Ní mar fáilte fuar na laetheadh 'nois do bhí an fháilte so.



Acht imthighthe atá na fir do shuidh ag ceann gach clár;
A's ní cluintear thríd ár n-oileán 'nois acht caoineadh
agus gáir."



Faraoir agus faraoir arís, tá na fir sin imthighthe a shuidh
ag ceann gach clár, agus ní fheicfimíd arís go bráth iad,
acht bíodh misneach againn, ná bíodh náire ná faitchíos
orrainn agus le congnadh Dé agus le n-a gcongnadh féin,
tá daoine óga 'fás suas anois le grádh d'á dtír ann
a gcroidhthibh agus ar nós na bhFian nuair thángadar go
dtí teach Ghiolla Mhaoil, chuadar isteach ó dhuine go
duine, 'na mbeirt agus 'na mbeirt agus ag dúbailt
uaidh sin amach.



Tá fir óga agus níos fearr ná iad, tá cailíní óga (mar
an áit bhéidheas na cailíní, tiucfaidh na buachaillí) teacht
chugainn gach uile lá, ó dhuine go duine, 'na mbeirt agus
'na mbeirt, agus béidhid siadsan i ndán suidh síos ag bord agus
ag clár, ag bainis ag baisde agus ag féasda agus con-
góchaidh siad suas an cháilidheacht, an flaitheamhlacht, agus an
chóirteacht, an chneastacht agus an mhacántacht bhí orrainn
fad ó acht gur beag nach raibh imthighthe uainn anois chomh
maith leis an teanga.



Díbreóchar an teanga (do réir mar thiubharfar ár
n-ais í) as Éire go deo, caoineadh na mbocht, caoineadh
na sglábhuigheachta, caoineadh na máthaireach agus na
h-athaireach bochta, dó leig a gcuid páisdí uatha ar fan,
ar fud an domhain mhóir gan súil aca filleadh arís go
brath, atá "sgapaidhthe mar chaith roimh gaoith anonn agus
aniar," agus in áit "gáir" na "ndaoine móra" agus na
dtighearna tá caitheamh a saoghail go díomhaoin ag ithe agus
ag ól, ag seilgireacht treasna na tíre agus ag ithe na
feola, nach bhfuil in ár gcúmhachta siúd agus gur linn
féin í.



Tá athrughadh mór ag teacht ar an saoghal, an té tá
síos indiu, béidh sé suas amárach, agus an té ta suas
amárach, tá sé chomh dóighídhe go mbéidh sé anuas athrughadh
amárach agus mar dúbhairt mé ar ball nuair thiucfas
an teanga ar n-ais sgapfaidh an bhoichteanacht agus an ceo
dubh dorcha bhí in ar measg le fada agus béidh súgradh agus
greann, agus goile lán ag muintir na h-Éireann, mar tá
sé chomh nádúrach ag tír bhfuil meas aici uirthe féin rath
agus slacht agus saidhbhreas bheith innte agus tá sé ag uisge ruith
le fánadh.



Nach ndeir an sean-fhocal linn
"Gur tír gan racht, gan slacht, gan féile,
Nach dtuigeann clann aon mháthair amháin a chéile.



Agus ar an adhbhar sin an iongantas ar bith go
bhfuilimíd mar támuid. Ní'l aon mheas againn orrainn
féin agus nuair nach bhfuil, ní bheidh meas ag Dia ná ag
duine ar bith eile orrainn.



An fiú meas ná onóir do thabhairt do dhaoine ar bith
do gheall Dia an teanga is sine, is uaisle, is milse agus
is binne ar dhroim na talmhan dhóibh agus 'tá 'ghá séunadh
ar a gcuid páisde? Leigint dóibh fás suas a bhfiantas
gan focal de theanga a n-athair ná a máthair ann a
bpluic. Caitheann siad teanga ársa na hÉireann
teanga na Saoirseacht, teanga na Naomh ins an bhflai-
theas faoi na gcos ins an ngotach,* agus fásgann siad



* mud


L. 196


teanga an námhaidh, teanga an tSasanaigh, teanga
Chromal (Cromwell) le na gcroidhe.



'Sé an mhí-ádh mór é muna bhfuil sé a n-am againn
athrughadh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services